AR MHAITH LEAT LEANBH A UCHTÁIL?
AN BHFUIL TÚ AG SMAOINEAMH A BHEITH UCHTAITHE?
AR MHAITH LEAT CLÁRÚ D’UCHTÁIL COIGRÍCHE
AN BHFUIL SEIRBHÍSÍ OIBRE SÓISIALTA AG TEASTÁIL UAIT?
AR MHAITH LEAT GAOL BREITHE A LORG?
AN BHFUIL FAISNÉIS BHREISE Á LORG AGAT?
Eolas do Dhaoine Uchtaithe
B’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar an gcéad chéim a thógáil i dtaobh teagmháil a dhéanamh le do chuid gaolta bitheolaíochta, mar shampla, do mháthair bhreithe, d’athair breithe nó le siblíní. Fáiltíonn gach gníomhaireacht roimh aon teagmháil ó dhaoine uchtaithe atá ar thóir eolais. Beidh ar do chumas sonraí cineálacha nó sonraí neamh-aitheantais faoi do thuismitheoirí breithe a fháil. Ní roinntear eolas a d’fhéadfadh do thuismitheoirí breithe a aithint gan cead uathu. Ní roinntear eolas fút, mar d’ainm agus do sheoladh, le do thuismitheoirí breithe gan cead uaitse.
Tá dhá chéim gur féidir leat a thógáil chun an próiseas a thosú
- Cláraigh ar an gClár Náisiúnta um Thosaíochtaí Teagmhála Uchtaithe. Fiú mura bhfuil tú réidh le haghaidh teagmhála molaimid duit smaoineamh ar dhul ar an gClár Náisiúnta um Thosaíochtaí Teagmhála Uchtaithe. Is bealach é an Clár Teagmhála le do chuid mianta a insint dúinn faoi theagmháil le do chuid gaolta bitheolaíochta. Tá clárú ar an gClár Teagmhála deonach agus ní tharlóidh teagmháil ach sa chás gur mian leis an duine uchtaithe agus leis an ngaol bitheolaíochta araon teagmháil a bheith ann. Ní seirbhís rianaithe atá sa Chlár Teagmhála, ní tharlaíonn rud ar bith mura gcláraíonn an duine eile ann.
- Déan teagmháil leis an ngníomhaireacht a shocraigh leis na tuismitheoirí uchtaithe tú. Chun tús a chur le cuardach beidh gá duit teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht uachtála a bhí ag déileáil leis an uchtáil agus iarr cabhair orthu chun rianú a dhéanamh ar do mháthair bhreithe nó ar bhaill eile de do chlann. Más rud é go bhfuil ainm na gníomhaireachta ar eolas agat is féidir dul i dteagmháil go díreach leo. Mura bhfuil tú cinnte nó mura bhfuil a fhios agat is féidir ceist a chur orainn le haghaidh an eolais seo. Tá mórán de na gníomhaireachtaí uchtála dúnta agus tá na comhaid don chuid is mó díobh aistrithe chuig comhlachtaí eile ar nós Tusla/An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Is féidir seiceáil ar an suíomh gréasáin an bhfuil na comhaid don ghníomhaireacht atá á lorg agat á gcoinneáil acu ag www.tusla.ie.
Mura bhfuil ainm na gníomhaireachta ar eolas agat déan teagmháil, le do thoil, leis an Aonad Eolais agus Rianaithe, an tÚdarás Uchtála, trí ríomhphost nó litir agus ceangail cineál aitheantais leis agus scríobhfaimid ar ais chugat le hainm na gníomhaireachta agus lena cuid sonraí teagmhála.
Cé nach bhfuil figiúirí cruinne againn, is fíor gur thug mórán mná níos mó ná páiste amháin suas le haghaidh uchtála. Bíonn an seans ann i gcónaí gur cuireadh deartháireacha nó deirfiúracha eile isteach le haghaidh uchtála. Níl ar chumas againn na siblíní uchtaithe a chur i dteagmháil le chéile ach sa chás go bhfuilid beirt cláraithe ar an gClár Teagmhála, nó má dhéanann an mháthair bhreithe teagmháil linn leis an eolas.
Naisc Úsáideacha
Comhairle Ghníomhaireachtaí Uchtála na hÉireann – Eolas do Dhaoine Uchtaithe
Iarratais ar Theastas Breithe Bunaidh
Faoin reachtaíocht mar atá níl rochtain go huathoibríoch ag duine fásta uchtaithe ar a t(h)eastas breithe bunaidh. An fáth atá leis sin ná toisc go bhfuil eolas pearsanta faoin máthair bhreithe iniata ar gach teastas breithe agus nach mór a cuid cearta rúndachta a chosaint.
Nuair a fhaigheann an tÚdarás Uchtála d’iarratas go n-eiseofaí do theastas breithe bunaidh cuirimid admháil i scríbhinn chugat ar d’iarratas a bheith faighte. Sa litir cuirimid sonraí teagmhála na gníomhaireachta uchtála a bheidh ag cuidiú linn le d’iarratas ar fáil duit. Sa chás go mbíonn an ghníomhaireacht uchtála bhunaidh dúnta tabharfaimid sonraí teagmhála na gníomhaireachta ina bhfuil comhaid na gníomhaireachta dúnta coinnithe anois. I mórán cásanna is ceann d’oifigí Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach a bheidh ann.
Scríobhfaimid chuig an ghníomhaireacht uchtála agus iarrfaimid orthu tuairisc a chur ar fáil chun cuidiú linn cinneadh a dhéanamh faoi scaoileadh do theastais bhreithe. Déanfar oibrí sóisialta sa ghníomhaireacht a shannadh do do chás. Cuimseoidh an tuairisc a chuirfidh an ghníomhaireacht chugainn a leanas:
- Sonraí faoin teagmháil atá acu leatsa agus le do mháthair bhreithe;
- Sonraí faoi thuairimí do mháthar breithe faoi scaoileadh do theastais bhreithe;
- Sonraí faoi do mhianta agus d’aidhmeanna mar a bhaineann sé le do theastas breithe a fháil agus faoin eolas a bheidh ar an teastas. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo i gcásanna go mb’fhéidir nach mbeadh do mháthair ar son teagmhála, nó i gcás go mbeadh sí in aghaidh eolas aitheantais a scaoileadh;
- Moladh ón oibrí sóisialta faoi scaoileadh nó gan scaoileadh do theastais bhreithe bunaithe ar a bhfuil faighte amach aici/aige le linn an phróisis.
Murar féidir teacht ar do mháthair bhreithe ní mór go ndéanfadh an tuairisc cur síos ar na hiarrachtaí atá déanta chun í a fháil. Má thagann sé chun solais go bhfuil do mháthair bhreithe éagtha cuirfear cóip dá deimhniú báis ar fáil leis an tuairisc.
Go ginearálta scaoilfidh an tÚdarás Uchtála le teastais bhreithe i gcásanna go bhfuil sé aontaithe i scríbhinn ag an máthair bhreithe an teastas breithe a scaoileadh, nó i gcás go bhfuil sé deimhnithe go bhfuil sí éagtha agus nach bhfuil aon saincheisteanna eile le sárú.
I ngach cás eile cuirtear d’iarratas agus tuairisc ó d’oibrí sóisialta faoi bhráid Bhord an Údaráis Uchtála le haghaidh cinnidh.
Is féidir leis an Údarás Uchtála diúltú teastas breithe a scaoileadh i gcás go ndeachthas i gcomhairle leis an máthair bhreithe agus go bhfuil sí in aghaidh scaoileadh an teastais bhreithe nó nuair a mheasann an tÚdarás go bhféadfaí príobháideacht nó sábháilteacht na máthar breithe a chur i mbaol trí scaoileadh an teastais bhreithe.
Nuair a bhíonn cinneadh déanta ag an Údarás Uchtála cuirfear litir chugat agus chuig an oibrí sóisialta a chuir an tuairisc ar fáil. Má bhíonn an teastas breithe le scaoileadh déanfaidh an tÚdarás Uchtála seiceáil leis an oibrí sóisialta chun a fháil amach ar mhian leat go gcuirfeadh an tÚdarás Uchtála an teastas breithe go díreach chugat ar an bpost nó arbh fhearr leat é a fháil ón oibrí sóisialta a raibh tú ag déileáil leis/léi.
An Clár Náisiúnta um Thosaíochtaí Teagmhála Uchtaithe
Cuireadh an Clár Náisiúnta um Thosaíochtaí Teagmhála Uchtaithe ar bun in 2005 mar bhealach do dhaoine ar imir uchtáil tionchar orthu a gcuid mianta faoi theagmháil a bheith acu le baill dá gclann breithe a chur in iúl.
Más duine uchtaithe tú nó ball de chlann breithe duine uchtaithe, is féidir leat rogha a dhéanamh do chuid sonraí a chur ar an gClár. Is féidir leat a chur in iúl cé leis ar mhaith leat teagmháil a bheith agat, nó cé leis ar mhaith leat eolas a roinnt. Is féidir leat an cineál teagmhála a roghnú nó is féidir leat roghnú gan teagmháil ar bith a bheith ann. Feicfidh tú níos faide síos an leathanach seo cé na leibhéil theagmhála is féidir leat a roghnú.
Nuair a chuireann tú d’ainm ar an gClár déantar do chuid sonraí a sheiceáil in aghaidh daoine eile atá ar an gClár le féachaint an bhfuil comhoiriúnú ann. Sé sin le rá gheofar amach tríd an seiceáil seo an bhfuil duine ar an gClár atá ag iarraidh teacht ort, nó atá toilteanach eolas a roinnt leat.
Eolas do Thuismitheoirí Breithe
B’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar an gcéad chéim a thógáil i dtreo teagmháil a dhéanamh le do mhac nó le d’iníon. Fáiltímid roimh aon teagmháil ó thuismitheoirí breithe ag lorg eolais faoina mic nó iníonacha uchtaithe. Fiú mura bhfuil tú réidh le haghaidh teagmhála beidh eolas tábhachtach míochaine agat a d’fhéadfaimis roinnt le do mhac nó le d’iníon. Tá mórán daoine uchtaithe ann nach bhfuil aon eolas acu faoina stair liachta agus is féidir tairbhe mhór a bheith ag baint leis an eolas sin don duine uchtaithe agus dá leanaí.
Tá dhá chéim is féidir leat a thógáil chun an próiseas a thosú
- Cláraigh ar an gClár Náisiúnta um Thosaíochtaí Teagmhála Uchtaithe. Is bealach é an Clár Teagmhála le do chuid mianta a insint dúinn faoi theagmháil le do mhac nó le d’iníon. Tá clárú ar an gClár Teagmhála deonach agus ní tharlóidh teagmháil ach sa chás gur mhian leis an duine uchtaithe agus leis an ngaol bitheolaíochta araon teagmháil a bheith ann. Ní seirbhís rianaithe atá sa Chlár Teagmhála, ní tharlaíonn rud ar bith mura gcláraíonn an duine eile ann.
Má chláraíonn tú ar an gClár Teagmhála déanfaimid seiceáil an féidir linn tú a chur i dteagmháil le do mhac nó le d’iníon. Ní gá go mbeadh an teagmháil agat mura bhfuil tú réidh. Faoi láthair tá i bhfad níos mó daoine uchtaithe ná tuismitheoirí breithe ar an gClár Teagmhála agus mar sin iarraimid ort clárú más tuismitheoir breithe tú. Mura bhfuil tú cinnte faoi na sonraí de bhreith do mhic nó d’iníne déan teagmháil linn, le do thoil, ionas gur féidir linn labhairt leat. Tuigimid, chomh maith, go bhféadfadh sé a bheith amhlaidh gur thug tú níos mó ná páiste amháin le haghaidh uchtála. Déan teagmháil, le do thoil, le gur féidir linn cabhrú leat tóraíocht a dhéanamh nó le heolas a chur ar an gcomhad.
Cliceáil anseo le do thoil, le haghaidh breis eolais faoin gClár Náisiúnta Thosaíochtaí Teagmhála Uchtaithe agus le haghaidh foirmeacha iarratais
- Déan teagmháil leis an ngníomhaireacht a shocraigh do mhac nó d’iníon le haghaidh uchtála. Chun tús a chur le cuardach beidh gá duit teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht uachtála a bhí ag déileáil le huchtáil do linbh agus iarr cabhair orthu chun rianú a dhéanamh ar do leanbh. Más rud é go bhfuil ainm na gníomhaireachta ar eolas agat is féidir dul i dteagmháil go díreach leo. Mura bhfuil tú cinnte nó mura bhfuil a fhios agat is féidir ceist a chur orainn le haghaidh an eolais seo. Murar mian leat teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht labhair linn, le do thoil, le gur féidir linn cabhrú leat agus labhairt faoi sheirbhís eile. Tá mórán de na gníomhaireachtaí uchtála dúnta agus tá na comhaid den chuid is mó díobh aistrithe chuig comhlachtaí eile ar nós Tusla/An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Is féidir seiceáil ar an suíomh gréasáin an bhfuil na comhaid don ghníomhaireacht atá á lorg agat á gcoinneáil acu ag www.tusla.ie.
Mura bhfuil tú cinnte nó mura bhfuil ainm na gníomhaireachta ar eolas agat déan teagmháil, le do thoil, leis an Aonad Eolais agus Rianaithe, an tÚdarás Uchtála, trí ríomhphost nó litir agus ceangail cineál aitheantais leis agus scríobhfaimid ar ais chugat le hainm na gníomhaireachta agus lena cuid sonraí teagmhála.
Naisc Úsáideacha
Comhairle Ghníomhaireachtaí Uchtála na hÉireann – Eolas le haghaidh tuismitheoirí breithe
Eolas le haghaidh ball eile clainne
Murar tuismitheoir breithe tú ach go gcreideann tú go bhfuil ball clainne ann atá uchtaithe agus ba mhaith leat eolas a chur ar fáil dó/dóibh nó ba mhaith leat teagmháil a dhéanamh leo, nuair a dhéanfaidh tú teagmháil linn beidh ort d’aitheantas féin a chruthú dúinn agus fianaise den cheangal atá agat leis an duine atá á lorg agat.
Seirbhísí Tar Éis Uchtála
Eolaire maidir le Seirbhísí Tar Éis Uchtála
Tá Údarás Uchtála na hÉireann ríméadach an tionscnamh seo a sheoladh – an tEolaire maidir le Seirbhísí Tar Éis Uchtála. Is é atá mar chuspóir leis an Eolaire cuidiú le daoine sa tír a bhfuil seirbhísí tar éis uchtála á lorg acu. Cliceáil anseo le do thoil leis an Eolaire a léamh nó a íoslódáil.
Leis an fhaisnéis is déanaí a chur ar fáil don Eolaire, déan teagmháil le hÚdarás Uchtála na hÉireann ag 01 2309 306 nó ríomhphost SW@aai.gov.ie .
Más mian leat aiseolas, moltaí nó tuairimí a chur ar fáil maidir leis an Eolaire, déan teagmháil go díreach le do thoil le Katie Harrigan, Cleachtóir Sinsearach Obair Shóisialta ag 01 2309 318 nó Katie_Harrigan@aai.gov.ie
Tuarascáil ICGP & AAI: Tuarascálacha tar éis Cur faoi Chúram maidir le hUchtáil Idir Tíortha: Suirbhé ar Dhochtúirí Teaghlaigh na hÉireann
Rinne Údarás Uchtála na hÉireann suirbhé i gcomhar le Comhairle na nDochtúirí Leighis in Éirinn ar Dhochtúirí Teaghlaigh na hÉireann, maidir le leanaí a tugadh thar lear lena n-uchtáil in Éirinn. Cliceáil anseo leis an tuarascáil ar thorthaí an tsuirbhé a léamh.
Comhairliúchán
Uchtálacha Gníomhaireachta
Má tá spéis agat gaol a lorg agus más mian leat leas a bhaint as comhairliúchán, de ghnáth, cuireann an ghníomhaireacht a d’eagraigh an uchtáil an tseirbhís seo ar fáil. Tá formhór na sean-ghníomhaireachtaí uchtála dúnta síos agus tá a gcuid taifead aistrithe chuig Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Cuireann siad eolaire ar fáil ar a láithreán gréasáin maidir leis na gníomhaireachtaí úchtála a bhfuil a gcuid taifead acu agus maidir le láthair reatha na dtaifead seo. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh mionsonraí a fháil.
I gcásanna na n-uchtálacha a bhí eagraithe ag St Therese Adoption Society a bhí lonnaithe i Sráid na mBráithre Bána, Baile Átha Cliath, tá taifid na heagraíochta sin ag an Údarás Uchtála.
Uchtálacha príobháideacha/neamhghníomhaireachta
Tharla roinnt uchtálacha nach raibh eagraithe trí ghníomhaireacht, mar shampla, tráth a ndearna an mháthair bhreithe a leanbh a shocrú go díreach leis na tuismitheoirí uchtaíocha nó ar chuidigh tríú páirtí leis an leanbh a shocrú leis na tuismitheoirí uchtaíocha. I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé go ndearnadh an leanbh a shocrú le duine den teaghlach a rinne an leanbh a uchtáil ansin.
Más iad St Therese Adoption Society a d’eagraigh d’uchtáil nó gur uchtáil neamh-ghníomhaireachta a bhí ann mar a ndéantar cur síos air thuas, oibreoidh foireann oibre sóisialta an Údaráis Uchtála leat le treoir, cúnamh agus comhairliúchán a chur ar fáil duit le linn duit a bheith ag iarraidh teagmháil nó teacht le chéile le duine de do theaghlach breithe a eagrú.
I ngach cás eile ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht nó leis an gcomhlacht ag a bhfuil do chuid taifid.
Faisnéis agus Seirbhísí Lorgaireachta
Molaimid go láidir duit clárú leis an gClár Náisiúnta um Thosaíochtaí Teagmhála Uchtaithe mar chéad chéim ó thaobh faisnéis a lorg agus/nó teagmháil a dhéanamh le gaol breithe. Cuireann an Fhoireann Oibre Sóisialta idirghabháil agus comhairliúchán ar fáil do dhaoine a bhfuil nascadh déanta orthu tríd an gClár Náisiúnta um Thosaíochtaí Teagmhála Uchtaithe.
Tabharfaidh an chuid ar Fhaisnéis agus ar Lorgaireacht den láithreán gréasán seo faisnéis atá níos praiticiúla duit ó thaobh tús a chur le cuardach faisnéise, go háirithe mura bhfuil tú cinnte maidir leis an ngníomhaireacht uchtála a d’eagraigh an uchtáil, nó mura bhfuil tú cinnte cibé ar uchtáladh go foirmiúil tú.
Naisc Úsáideacha
Faisnéis do Mháithreacha Breithe – ullmhú do theagmháil a dhéanamh le d’uchtleanbh atá fásta suas anois - Danú Birth Mothers Group
Saoráil Faisnéise
Tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 rochtain duit, arna iarraidh, chuig taifid áirithe atá i seilbh an Údaráis.
Tá Údarás Uchtála na hÉireann faoi réir ag forálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 – 2014 le héifeacht ón 21 Aibreán 2015.
Luaitear in Alt 2 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, gurbh é an ‘dáta éifeachtach’ do ghníomhaireacht ar nós Údarás Uchtála na hÉireann an 21 Aibreán 2008, sé sin, ní bheidh baint ag an Acht ach amháin leis na taifid a chruthaigh an tÚdarás tar éis an 21 Aibreán 2008.
Chomh maith leis sin, tá Údarás Uchtála na hÉireann ainmnithe ag Acht na bliana 2014 mar ‘Ghníomhaireacht a Chuimsítear go Páirteach’. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil feidhm ag na hAchtanna a mhéid a bhaineann sé le taifid maidir le hordú uchtála a dhéanamh nó maidir le huchtáil idir tíortha a dhéantar lasmuigh den Stát a aithint, de réir bhrí an Achta Uchtála, 2010’.
Ag labhairt go ginearálta, ciallaíonn sé sin, nach mbaineann na hAchtanna le taifid uchtála aonair ach baineann siad le gach taifead eile a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis agus le gníomhaíochtaí an iar-Bhoird Uchtála ón 21 Aibreán 2008 ar aghaidh.
Foilsíonn Údarás Uchtála na hÉireann liosta de na hiarratais a fhaightear faoi Shaoráil Faisnéise (FOI). Is féidir leat teacht an liosta anseo.
Ba chóir iarratais ar scaoileadh faisnéise faoi na hAchtanna a dhéanamh i scríbhinn chuig:
An Bainisteoir
An tAonad Seirbhísí Corparáideacha
Údarás Uchtála na hÉireann
Teach Shelbourne
Droichead na Dothra
BAILE ÁTHA CLIATH 4
DO4 H6F6
Ríomhphost: corporate@aai.gov.ie
Cosaint Sonraí
Leagtar amach sa doiciméad thíos na nósanna imeachta atá le leanúint in Údarás Uchtála na hÉireann nuair atáthar ag láimhseáil agus ag freagairt iarrataí um Chearta Rochtana an Duine is Ábhar do na Sonraí faoin GDPR a dhéanann daoine is ábhar do na sonraí, a gcuid ionadaithe, nó páirtithe leasmhara eile.
Sainmhínítear sa bheartas seo cearta an duine aonair maidir lena sonraí pearsanta agus tugtar soiléiriú ar an méid nach mór don Údarás a dhéanamh chun a chuid dualgas mar rialaitheoir sonraí a chomhlíonadh.
Is iad Cearta Rochtana an Duine is Ábhar do na Sonraí a chlúdaítear sa bheartas seo:
- An Ceart chun Faisnéise
- Iarrataí ón Duine is Ábhar do na Sonraí (Airteagal 15)
- Iarrataí ar Shonraí a Scriosadh a dtagraítear dó freisin mar an Ceart go ndéanfaí ligean i nDearmad (Airteagal 17 & 19)
- Iarrataí ar Shonraí a Cheartú (Airteagal 16)
- Iarrataí ar Shrian a chur ar Phróiseáil (Airteagal 18 & 19)
- Iniomparthacht Sonraí (Airteagal 20)
Beartas maidir le Cearta Rochtana an Duine is Ábhar do na Sonraí
Chun iarraidh a dhéanamh ar shonraí a rochtain, comhlánaigh an fhoirm Foirm Iarrata ar Rochtain an Duine is Ábhar do na Sonraí le do thoil agus seol an fhoirm ar ais sa phost chuig:
Heather Connolly
Oifigeach Cosanta Sonraí
Údarás Uchtála na hÉireann
Teach Shíol Bhroin
Bóthar Shíol Bhroin
Baile Átha Cliath 04 H6F6
Éire
NÓ is féidir leat an Fhoirm a sheoladh ar ríomhphost chuig: DataProtection@aai.gov.ie
Ní mór duit cruthúnas céannachta a sholáthar in éineacht leis an iarraidh i scríbhinn, mar shampla, cóip de cheadúnas tiomána nó de phas.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil is féidir leat cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ag www.dataprotection.ie
Step Family
Stepfamily in the context of adoption generally refers to families formed when the birth mother of a child marries a man who is not the birth father of that child, and the child is living with this married couple, or in a small number of cases where the child is living with the birth father who wishes to adopt the child with his wife. Applications are made in these cases so that the birth parent’s spouse can establish legal rights in respect of the child within the family unit. This also ensures the child’s inheritance rights within the family. The making of an adoption order in these cases involves the birth parent giving up sole legal rights in respect of the child and, with his or her spouse, taking on joint legal rights, responsibilities and guardianship in respect of the child.
Where a child is being adopted by its mother and her husband (this is the case in the vast majority of stepparent applications) if the birth father is a legal guardian of the child his consent is required before the adoption can proceed. If he gives his consent to the adoption, the guardianship order must be discharged before the adoption can proceed. If he does not consent to the adoption, it cannot proceed but it is open to the birth mother to apply to the district court to have the guardianship order discharged.
Where the birth father of the child is not a legal guardian he is entitled to be notified and consulted about the application for adoption. This may result in a number of outcomes including:
(i)The birth father is notified and has no objection.
(ii) The birth father is notified and does object – he may or may not decide to make an application to the district court for a guardianship order.
(iii) The birth father is identified but cannot be located.
(iv)The birth father cannot be identified and therefore cannot be notified – in this circumstance the Adoption Authority must obtain an order from the High Court to allow an adoption order to be made without consultation of the birth father.
(v) Circumstances are such that it is deemed inappropriate to notify the birth father if he is known - in this circumstance the Adoption Authority must obtain an order from the High Court to allow an adoption order to be made without consultation of the birth father.
(vi) The birth father is deceased. In this case the birth father cannot be notified or consulted. The birth father’s death certificate and evidence linking him to the child is required before the application can proceed.
Where an application has been made to court, either by the parties to the adoption or by the Adoption Authority, the adoption application is suspended until the court proceedings are finalised.
When the consent and or notification of the birth father issue have been dealt with appropriately the application can proceed.
Residency of adopters
Prospective adoptive parents must be habitually resident in the State.
Residency of the child
The child must be resident in the State.
Religion
Where the prospective adoptive parent(s), the child and the parent(s) are not all of the same religion, the parent(s) must know the religion (if any) of each of the adopting parents when giving consent to the child's adoption.
Suitability
The Adoption Authority cannot make an adoption order unless it is satisfied that each of the adopting parents is a suitable person to have parental rights and duties in respect of the child. The adopting parents must hold a valid Declaration of Eligibility and Suitability at the time the adoption order is to be made.
Birth father and his wife adopting
Where a child is being adopted by his birth father and birth father’s wife, the consent of the birth mother is required in order to proceed as she is a legal guardian of the child.
If the birth mother is not consenting to the adoption the application cannot proceed.
Where the birth mother is deceased her death certificate will be required in order for the application to proceed.
Naíonáin Intíre
Go bunúsach, is ionann Uchtáil Bhaile Naín agus próiseas trína gcuirtear leanbh faoi chúram tuismitheoirí eile. Aistrítear na cearta, freagrachtaí agus dualgais go léir chuig na tuismitheoirí nua agus tugann na tuismitheoirí breithe suas a gcuid cearta agus dualgais dhlíthiúla go léir maidir leis an leanbh. Ní féidir leanbh a chur faoi chúram cúpla gan chead roimh ré ón Údarás Uchtála. Is iad Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach nó comhlacht creidiúnaithe amháin a bheidh in ann an leanbh a chur faoi chúram. Ní bhreithneofar ach amháin cúplaí ag a bhfuil Dearbhuithe Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí ó thaobh leanbh a chur faoi chúram.
Sa chás go gcuireann an mháthair bhreithe (go hiondúil) an leanbh faoi chúram agus go bhfuil an leanbh le huchtáil ag teaghlach eile seachas ag an teaghlach breithe.
Cé a eagraíonn an leanbh a chur faoi chúram lena uchtáil/lena huchtáil?
Níl ach Comhlachtaí Creidiúnaithe atá cláraithe agus Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach i dteideal go dlíthiúil leanaí a chur faoi chúram lena n-uchtáil i bPoblacht na hÉireann. Tá cead an Údaráis Uchtála riachtanach sular féidir an leanbh a chur faoi chúram uchtaitheoir/uchtaitheoirí ionchasacha. Ní mór go mbeidh Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí ag an uchtaitheoir/uchtaitheoirí ionchasacha sular féidir leanbh a chur faoina gcúram lena uchtáil/lena huchtáil.
Aois Íosta
Ní mór go mbeidh na huchtaitheoirí ionchasacha araon 21 bliain d’aois ar a laghad.
Uasteorainn Aoise
Ní leagann an dlí síos aon uasteorainn aoise d’uchtaitheoirí ionchasacha, ach fachtóir suntasach is ea aois nuair atáthar i mbun measúnachta ó thaobh uchtála.
Áit chónaithe na n-uchtaitheoirí
Ní mór go mbeidh gnáthchónaí ar na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasachasa Stát.
Áit chónaithe an linbh
Ní mór go mbeidh cónaí ar an leanbh sa Stát.
Reiligiún
Sa chás nach bhfuil an reiligiún céanna ag an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha agus atá ag an leanbh agus ag tuismitheoirí an linbh, ní mór go mbeidh reiligiún (más ann dó) gach aon duine de na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha ar eolas ag tuismitheoirí an linbh sula dtugtar cead leis an leanbh a uchtáil.
Oiriúnacht
Ní féidir leis an Údarás Uchtála aon ordú uchtála a dhéanamh go mbeidh sé sásta gur duine oiriúnach ó thaobh cearta agus dualgais tuismitheora maidir leis an leanbh atá i ngach aon duine de na tuismitheoirí uchtaíocha. Ní mór go mbeidh Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí ag na tuismitheoirí uchtaíocha ag an tráth a mbíonn an t-ordú uchtála le déanamh.
Staitisticí
Tá tábla ina leagtar amach líon na n-uchtálacha baile naín in Éirinn le blianta beagaanuas le fáil anseo.
Eolas maidir leis na céimeanna ó thaobh Uchtáil Bhaile Naín
Mar gur cúplaí pósta atá i bhformhór tuismitheoirí uchtaíocha na hÉireann, tá an fógra seo a leanas scríofa san uimhir iolra lena dhéanamh níos éasca lena léamh. Is féidir le hiarratasóir aonair uchtáil a dhéanamh freisin in imthosca áirithe.
Ba chóir do dhaoine ar mian leo go gcuirfí leanbh faoina gcúram lena n-uchtáil iarratas a sheoladh chuig ceann de na Comhlachtaí Creidiúnaithe cláraithe nó chuig oifig áitiúil Tusla - Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.
Rachaidh iarratasóirí faoi phróiseas measúnachta mionsonraithe chun críocha Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta a fháil.
Is é atá mar chuspóir leis an measúnacht seo, oiriúnacht na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha le leanbh a uchtáil a mheas. Áirítear sa mheasúnacht líon agallaimh aonair agus comhagallaimh agus cuairteanna ar theach cónaithe an iarratasóra. Déanfaidh an t-oibrí sóisialta réimsí ar nós a gcaidreamh a phlé, na cúiseanna atá acu le leanbh a uchtáil, a bhfuil siad ag súil leis ón leanbh agus a n-acmhainneacht chun cúnamh a thabhairt don leanbh chomh maith le heolas agus tuiscint a fháil ar a chúlra/a cúlra nádúrtha.
Nuair a chuirtear naíonán faoi chúram le huchtáil, tugtar an deis don tuismitheoir/na tuismitheoirí breac-chuntas a thabhairt maidir lena rogha ó thaobh an cineál teaghlaigh ar mhaith leo go socrófaí an leanbh leo. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur mhian leis an tuismitheoir/na tuismitheoirí go dtógfaí an leanbh i gceantar tuaithe, nó i dtír eile seachas an tír ina bhfuil cónaí orthu féin; d’fhéadfadh sé gur mhaith leo go mbeadh leanbh ag an gcúpla cheana féin ionas go mbeidh siblín ag a leanbh féin.
Déanfaidh Comhlachtaí Creidiúnaithe atá cláraithe nó Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach scrúdú ar phróifíl gach aon duine ag a bhfuil Dearbhuithe Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí Tusla. Cuirfear trí phróifíl ar a laghad faoi bhráid tuismitheora/tuismitheoirí an linbh gan aon eolas aitheantais iontu. Roghnóidh an tuismitheoir/na tuismitheoirí i gcomhar leis an oibrí sóisialta próifíl amháin. Déanfaidh an t-oibrí sóisialta teagmháil leis na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha lena fháil amach an bhfuil siad toilteanach leanúint ar aghaidh leis an leanbh a thógáil faoina gcúram.
Sa chás go n-éiríonn le cur faoi chúram, an chéad chéim eile a bheidh le glacadh ag na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha ná iarratas a chur faoi bhráid an Údaráis Uchtála le hordú uchtála a fháil. Go ginearálta, déantar an t-iarratas trí Chomhlachtaí Creidiúnaithe cláraithe nó Tusla - Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach a bhí i mbun oibre leo. Cuirfidh siad comhairle ar fáil maidir leis na doiciméid atá riachtanach le haghaidh iarratas uchtála.
De ghnáth, ní thugann an tÚdarás Uchtála uchtáil chun críche go dtí go mbíonn an leanbh faoi chúram na dtuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha ar feadh sé mhí ar a laghad. Ceanglaítear ar an gComhlacht Creidiúnaithe cláraithe nó ar Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach dhá (2) Thuarascáil tar éis cur faoi chúram a chur faoi bhráid an Údaráis sula bhféadfaidh an tÚdarás an t-iarratas ar Ordú Uchtála a bhreithniú. D’fhéadfadh sé go n-éileodh an tÚdarás ar na hiarratasóirí an leanbh a bheith faoina gcúram ar feadh tréimhse níos faide in imthosca áirithe.
Eolas tábhachtach maidir le Toiliú
Toiliú maidir le Cur faoi Chúram
Sa chás uchtáil linbh a bheith á eagrú ag Comhlacht Creidiúnaithe cláraithe nó ag Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, ní mór do mháthair, don athair (sa chás gurbh é eisean an caomhnóir) nó caomhnóir dlíthiúil eile, toiliú nó comhaontú a thabhairt i dtosach go gcuirfeadh an comhlacht sin an leanbh faoi chúram lena uchtáil/lena huchtáil. D’fhéadfaí an toiliú sin a thabhairt am ar bith tar éis an linbh a bhreith.
Toiliú maidir le hOrdú Uchtála
Ní mór don mháthair, don athair (sa chás gurbh é eisean an caomhnóir) nó caomhnóir dlíthiúil eile toiliú a thabhairt maidir le hordú uchtála a dhéanamh. Ní féidir toiliú maidir le hordú uchtála a dhéanamh go dtí go mbeidh an leanbh sé seachtaine d’aois ar a laghad. Ní féidir toiliú a thabhairt níos luaithe ná trí mhí roimh dháta an iarratais ar ordú uchtála. Ní mór toiliú maidir le hordú uchtála a dhéanamh de réir leagan amach ar leith agus tar éis nós imeachta áirithe atá leagtha síos sa reachtaíocht a leanúint.
Is féidir toiliú a tharraingt siar maidir le hordú uchtála a dhéanamh ag tráth ar bith sula ndéantar an t-ordú uchtála.
Leanbh a éileamh ar ais
Má athraíonn an mháthair a hintinn maidir leis an uchtáil sula ndéantar ordú uchtála agus má dhéanann sí iarratas a leanbh a éileamh ar ais ach go ndiúltaíonn na tuismitheoirí uchtaíocha an leanbh a thabhairt suas, ansin tá sé oscailte don mháthair imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh leis an leanbh a choimeád.
Ag fáil réidh le toiliú
Sa chás, in imthosca áirithe, go bhfuil an tÚdarás sásta nach bhfuil an duine a bhfuil a dtoiliú ag teastáil ábalta toiliú a thabhairt mar gheall ar mhíchumas meabhrach nó murar féidir a theacht ar an duine, is féidir iarratas a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte chun fáil réidh le toiliú ionas gur féidir leanúint le hordú uchtála a dhéanamh. Breithníonn an Ard-Chúirt leasa an linbh roimh ordú a dhéanamh.
Gan aon toiliú
I gcás go dteipeann, nó go ndéanann sí fáilí nó go ndiúltaíonn máthair, a raibh cur faoi chúram an linbh le haghaidh uchtála comhaontaithe aici i dtosach, a toiliú a thabhairt ó thaobh ordú uchtála a dhéanamh nó má tharraingíonn sí siar toiliú a bhí tugtha aici roimhe seo, tá sé oscailte do na tuismitheoirí uchtaíocha, má tá iarratas déanta acu ar ordú uchtála leis an leanbh a uchtáil, iarratas a chur os comhair na hArd-Chúirte le haghaidh ordú a fháil chun leanúint ar aghaidh agus an uchtáil a cheadú. Breithníonn an Ard-Chúirt leasa an linbh roimh ordú a dhéanamh.
Cúram Altramais Fadtéarmach go hUchtáil
Cúram Altramais Fadtéarmach go hUchtáil – Tarlaíonn uchtáil den chineál seo sa chás go bhfuil leanbh curtha faoi chúram cúpla i dtús báire i riocht cúraim altramais mar gheall nach bhfuil an mháthair bhreithe/na tuismitheoirí cinnte maidir le cén cinneadh ar mian leo a dhéanamh ó thaobh aire a thabhairt don leanbh iad féin nó cead a thabhairt leis an leanbh a uchtáil. In imthosca eile, d’fhéadfadh sé gur socraíodh an leanbh leis na tuismitheoirí altrama de bhun Ordú Cúraim a bheidh faighte ag Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach mar gheall ar imthosca a bhain leis na tuismitheoirí/an teaghlach breithe. Éiríonn sé soiléir, le himeacht ama tríd an bPlean/Athbhreithniú Cúram Linbh nach mbeidh sé indéanta an leanbh a thabhairt ar ais dá dtuismitheoirí/ teaghlach breithe ach gur uchtáil is fearr a oireann do leas an linbh.
Sa chás leanbh a bheith faoi chúram altramais go fadtéarmach, d’fhéadfadh sé a bheith soiléir in imeacht ama tríd an bPlean/Athbhreithniú Cúram Linbh nach mbeidh sé indéanta an leanbh a thabhairt ar ais dá dtuismitheoirí/ teaghlach breithe ach gur uchtáil ag an tuismitheoir/na tuismitheoirí altrama is fearr a oireann do leas an linbh.
Tá gá le toiliú na máthar a thabhairt leis an uchtáil. I roinnt cásanna d’fhéadfadh an mháthair cur i gcoinne na huchtála nó d’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann teagmháil a dhéanamh léi lena toiliú a fháil. Tá gá le toiliú an athar breithe freisin sá chás gurb eisean an caomhnóir dlíthiúil.
Sa chás nach é an t-athair breithe an caomhnóir dlíthiúil tá sé i dteideal a bheith curtha ar an eolas agus a dhul i gcomhairle leis maidir leis an iarratas uchtála. D’fhéadfadh líon torthaí a bheith air sin, lena n-áirítear:
(i)Tá an t-athair breithe curtha ar an eolas agus níl aon agóid aige.
(ii) Tá an t-athair breithe curtha ar an eolas agus tá agóid aige – d’fhéadfadh sé cinneadh a dhéanamh nó gan cinneadh a dhéanamh iarratas a chur faoi bhráid na cúirte dúiche maidir le hordú caomhnóireachta.
(iii) Tá an t-athair breithe aitheanta ach ní féidir é a aimsiú.
(iv) Ní féidir an t-athair breithe a aithint agus dá bhrí sin ní féidir fógra a thabhairt dó – sna himthosca sin ní mór don Údarás Uchtála ordú a fháil ón Ard-Chúirt le hordú uchtála a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an athair breithe.
(v) Tá imthosca ar an mbealach go meastar go bhfuil sé míchuí an t-athair breithe a chur ar an eolas más eol cé hé féin – sna himthosca sin, ní mór don Údarás Uchtála ordú a fháil ón Ard-Chúirt le hordú uchtála a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an athair breithe.
(vi) Tá an t-athair breithe básaithe. Sa chás seo ní féidir fógra a thabhairt ná dul i gcomhairle leis an athair breithe. Tá deimhniú báis an athar breithe agus fianaise a cheanglaíonn é leis an leanbh riachtanach sula bhféadfar leanúint leis an iarratas.
Sa chás nach bhfuil an toiliú riachtanach faighte ó thaobh na huchtála ní féidir leanúint ar aghaidh leis an iarratas.
Tá sé oscailte do na gaolta atá ag déanamh iarratais leis an leanbh a uchtáil, iarratas a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte chun fáil réidh le toiliú na máthar breithe nó an athar breithe mar is gá.
Sa chás iarratas a bheith curtha faoi bhráid na cúirte ag na páirtithe atá ag iarraidh uchtáil a dhéanamh nó ag an Údarás Uchtála, cuirtear an t-iarratas uchtála ar fionraí go dtí go mbíonn imeachtaí na cúirte tugtha chun críche.
Aois Íosta
Ní mór go mbeidh aois 21 bliain ar a laghad slánaithe ag na huchtaitheoirí ionchasacha.
Uasteorann Aoise
Níl uasteorainn aoise leagtha síos de réir an dlí do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha, ach is fachtóir suntasach atá in aois mar sin féin nuair atáthar ag déanamh measúnachta ar oiriúnacht chun uchtáil.
An tír ina bhfuil na huchtaitheoirí ina gcónaí
Ní mór go mbeidh gnáthchónaí ar uchtaitheoirí ionchasacha sa Stát.
Tír chónaithe an linbh
Ní mór go mbeidh cónaí ar an leanbh sa Stát.
Reiligiún
Sa chás nach bhfuil an reiligiún céanna ag an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha, ag an leanbh ná ag an tuismitheoir/tuismitheoirí, ní mór go mbeidh reiligiún (más ann) gach aon duine de na tuismitheoirí uchtála ar eolas ag an tuismitheoir/na tuismitheoirí sula dtugtar toiliú an leanbh a uchtáil.
Oiriúnacht
Ní féidir leis an Údarás Uchtála ordú uchtála a dhéanamh go mbeifear sásta gur duine oiriúnach atá i ngach aon duine de na tuismitheoirí uchtaíocha chun cearta tuismitheora a bheith aige nó aici agus dualgais tuismitheora a bheith air nó uirthi i leith an linbh. Ní mór go mbeidh Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta atá bailí ag na tuismitheoirí uchtaíocha ag an tráth a bhfuil an t-ordú uchtála á dhéanamh.
Staitisticí maidir le Cúram Altramais Fadtéarmach go hUchtáil
An Teaghlach Céim
Tagraíonn leasteaghlach i gcomhthéacs uchtála go ginearálta do theaghlaigh a chruthaítear nuair a phósann máthair bhreithe an linbh fear nach é athair an linbh sin é, agus go bhfuil an leanbh ag cónaí in éineacht leis an gcúpla pósta seo, nó i líon beag cásanna go bhfuil an leanbh ag cónaí leis an athair breithe ar mian leis féin agus lena bhean chéile an leanbh a uchtáil. Déantar iarratais sna cásanna seo ionas go mbeidh céile an tuismitheora breithe in ann cearta dlíthiúla a fháil maidir leis an leanbh laistigh den aonad teaghlaigh. Cinntíonn sé seo cearta comharbais an linbh laistigh den teaghlach. Tá tabhairt suas cearta dlíthiúla aonair an tuismitheora breithe maidir leis an leanbh i gceist le hordú uchtála a dhéanamh sna cásanna seo, agus a chéile/nó a céile tabhairt faoi comhchearta dlíthiúla, freagrachtaí agus caomhnóireacht maidir leis an leanbh.
Sa chás an leanbh a bheith á uchtáil/á huchtáil ag an máthair agus ag a fear céile (is é seo an cás i bhformhór iarratais leastuismitheoirí), más é athair breithe an linbh caomhnóir dlíthiúil an linbh, tá a thoiliú riachtanach sular féidir leanúint ar aghaidh leis an uchtáil. Má thugann sé a thoiliú i leith na huchtála, ní mór deireadh a chur leis an ordú caomhnóireachta sular féidir leanúint ar aghaidh leis an uchtáil. Mura dtugann sé a thoiliú i leith na huchtála, ní féidir leanúint ar aghaidh ach tá sé oscailte don mháthair bhreithe iarratas a chur faoi bhráid na cúirte dúiche chun deireadh a chur leis an ordú caomhnóireachta.
Sa chás nach é athair breithe an linbh an caomhnóir dlíthiúil tá sé i dteideal a bheith curtha ar an eolas maidir leis an iarratas uchtála. D’fhéadfadh líon torthaí a bheith i gceist ansin, lena n-áirítear:
(i) Cuirtear an t-athair breithe ar an eolas agus níl aon agóid aige.
(ii) Tá an t-athair breithe curtha ar a eolas agus tá agóid aige – d’fhéadfadh sé cinneadh a dhéanamh iarratas a chur faoi bhráid na cúirte dúiche le haghaidh ordú caomhnóireachta a fháil.
(iii) Tá an t-athair breithe aitheanta ach ní féidir é a aimsiú.
(iv)Ní féidir an t-athair breithe a aithint agus dá bhrí sin ní féidir fógra a thabhairt dó – sna himthosca sin, ní mór don Údarás Uchtála ordú a fháil ón Ard-Chúirt le hordú uchtála a cheadú gan dul i gcomhairle leis an athair breithe.
(v) Tá imthosca ar an mbealach go meastar go bhfuil sé míchuí an t-athair breithe a chur ar an eolas más eol cé hé féin – sna himthosca sin, ní mór don Údarás Uchtála ordú a fháil ón Ard-Chúirt le hordú uchtála a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an athair breithe.
(vi) Tá an t-athair breithe básaithe. Sa chás seo ní féidir fógra a thabhairt ná dul i gcomhairle leis an athair breithe. Tá deimhniú báis an athar breithe agus fianaise a cheanglaíonn é leis an leanbh riachtanach sula bhféadfar leanúint leis an iarratas.
Sa chás iarratas a bheith curtha faoi bhráid na cúirte ag na páirtithe atá ag iarraidh uchtáil a dhéanamh nó ag an Údarás Uchtála, cuirtear an t-iarratas uchtála ar fionraí go dtí go mbíonn imeachtaí na cúirte tugtha chun críche.
Nuair atáthar tar éis déileáil go cuí le saincheist toilithe nó fógra a thabhairt don athair breithe is féidir leanúint leis an iarratas.
An tír ina bhfuil na huchtaitheoirí ina gcónaí
Ní mór go mbeidh gnáthchónaí ar uchtaitheoirí ionchasacha sa Stát.
Tír chónaithe an linbh
Ní mór go mbeidh cónaí ar an leanbh sa Stát.
Reiligiún
Sa chás nach bhfuil an reiligiún céanna ag an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha, ag an leanbh ná ag an tuismitheoir/tuismitheoirí, ní mór go mbeidh reiligiún (más ann) gach aon duine de na tuismitheoirí uchtaíocha ar eolas ag an tuismitheoir/na tuismitheoirí sula dtugtar toiliú an leanbh a uchtáil.
Oiriúnacht
Ní féidir leis an Údarás Uchtála ordú uchtála a dhéanamh go mbeifear sásta gur duine oiriúnach atá i ngach aon duine de na tuismitheoirí uchtaíocha chun cearta tuismitheora a bheith aige nó aici agus dualgais tuismitheora a bheith air nó uirthi i leith an linbh. Ní mór go mbeidh Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta atá bailí ag na tuismitheoirí uchtaíocha ag an tráth a bhfuil an t-ordú uchtála á dhéanamh.
Uchtáil ag athair breithe agus ag a bhean chéile
Sa chás leanbh a bheith á uchtáil/á huchtáil ag an athair breithe agus ag bean chéile an athar breithe, tá toiliú na máthar breithe riachtanach ar mhaithe le leanúint ar aghaidh mar gurbh ise caomhnóir dlíthiúil an linbh.
Ní féidir leanúint leis an iarratas mura bhfuil toiliú na máthar breithe i leith na huchtála ar fáil.
Sa chás an mháthair bhreithe a bheith básaithe, beidh deimhniú báis riachtanach ar mhaithe le leanúint leis an iarratas.