A+ A A-

Select your language

    Eolas do Dhaoine Óga
    Baile / Eolas do dhaoine óga

    Físeáin

    info-vidimage1.jpg
    AN LÁ AR ÉISTÍODH ORDÚ UCHTÁLA AOIFE
    info-vidimage2.jpg
    AN MÉID A BHÍ LE RÁ AGAMSA AG AN ÉISTEACHT AR ORDÚ UCHTÁLA
    Image
    Image

    Íoslódáil bileoga eolais

    Image
    Image
    EOLAS DO DHAOINE ÓGA MAIDIR LE hÉISTEACHTAÍ AR ORDÚ UCHTÁLA
    Image
    EOLAS DO LEANAÍ MAIDIR LE hÉISTEACHTAÍ AR ORDÚ UCHTÁLA

    CEISTEANNA BREISE

    Cad é Údarás Uchtála na hÉireann?

    Tá Údarás Uchtála na hÉireann freagrach ó thaobh cinneadh a dhéanamh maidir le gach uchtáil a dhéantar in Éirinn agus as orduithe uchtála a dhéanamh.

    Cad a tharlaíonn nuair a shroichimid an tÚdarás Uchtála?

    1. Tagann tú isteach agus suíonn tú sa seomra feithimh le do theaghlach. 

    
2. Tiocfaidh comhalta de Bhord an Údaráis Uchtála agus labhróidh sé/sí libh go léir. 


    3. Tabharfaidh an comhalta sin tú féin agus do theaghlach isteach i gceann dár gcuid seomraí teaghlaigh. 

    
4. Míneoidh siad cad a bheidh ag tarlú le linn na héisteachta ar an ordú uchtála. 


    5. Cinnteoidh siad go bhfuil an t-eolas ceart acu maidir leat féin agus le do theaghlach.

     6. Cuirfidh siad ceist ort maidir le cad a cheapann tú maidir lena bheith uchtaithe. 


    7. Cuirfidh siad ceist ort an bhfuil aon cheisteanna agat agus déanfaidh siad iarracht do chuid ceisteanna a fhreagairt. 


    8. Tabharfaidh siad isteach sa seomra tú ina bhfuil an éisteacht á reáchtáil. 

    Image
    Faigheann an leanbh uchtaithe cuimhneachán beag den ócáid speisialta ag deireadh gach uchtú.
    Image

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."