Dearbhú Cáilitheachta agus Oiriúnachta
Dearbhú Cáilitheachta agus Oiriúnachta
Ceanglaíonn Acht Uchtála 2010 ar thuismitheoir/tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta a bheith acu sula mbeidh ar a gcumas leanbh a uchtáil. Is éard is Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta ann i ndáiríre agus ceadúnas chun leanúint leis an uchtáil. Is é Údarás Uchtála na hÉireann an t-aon chomhlacht atá údaraithe le Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta a thabhairt.
Chun Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta a fháil ní mór incháilitheacht tuismitheoir/tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha a dhearbhú agus a n-oiriúnacht le leanbh a uchtáil a mheas. Leagtar amach an critéar ó thaobh incháilitheacht agus oiriúnachta san Acht Uchtála 2010. Is iad Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus comhlachtaí creidiúnaithe sonrach a thugann faoi mheasúnú a dhéanamh ar thuismitheoir/tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha.
Leagtar amach sa bhileog mhínitheach seo na céimeanna chun iarratas a dhéanamh ar Dhearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta agus an próiseas a leanann an tÚdarás Uchtála ó thaobh breithniú a dhéanamh ar an iarratas.
Leagtar amach sa bhileog mhínitheach seo na rialacha chun iarratas a dhéanamh, a cheadú agus chun Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta a bhaint amach.
Bunaíodh Údarás Uchtála na hÉireann mar chomhlacht rialála neamhspleách an 1 Samhain 2010 tar éis Acht Uchtála 2010 a achtú.
Tá sé mar mhisean ag an Údarás Uchtála a chinntiú go mbaineann na seirbhísí a bhaineann le huchtáil na caighdeáin is airde amach ar fud an phróisis uchtála iomlán. Sna gníomhaíochtaí go léir, tagann leas an linbh sa chéad áit.
Tacaíonn na rialacha seo leis an misean seo. Bainfimid úsáid as na rialacha seo ón 1 Eanáir 2018.
Ní léirmhíniú dlíthiúil atá sa doiciméad seo ar an bpróiseas uchtála agus níl sé bunaithe ar chomhairle dlí. Baineann sé go hiomlán le faisnéis. Má tá aon cheisteanna agat maidir le huchtáil, lena n-áirítear, incháilitheacht, oiriúnacht agus léirmhíniú, téigh i gcomhairle le dlíodóir chun comhairle dlí a fháil.
Cliceáil anseo don Doiciméad
Síneadh a chur le Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta
Tá Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí ar feadh dhá bhliain ón dáta a gceadaíonn an tÚdarás é. Ceadaíonn Alt 41 d’Acht Uchtála 2010 síneadh amháin nach mó ná 12 mí a cheadú, faoi réir ag coinníollacha áirithe.
Ba chóir duit scríobh chuig an Údarás sula dtéann do Dhearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bunaidh in éag ach ag tráth nach luaithe nach trí mhí roimh an dáta seo. Murar tháinig AON athruithe ábhartha ar do chuid cúinsí, ba chóir duit Dearbhú Reachtúil a chomhlánú, é a dhéanamh faoi bhrí mionna agus é a sheoladh sa phost chuig an aonad ábhartha san Údarás Uchtála.
Sa chás GUR tháinig athrú ábhartha ar do chuid cúinsí, ní mór duit scríobh chuig an Údarás agus d’Uimhir Thagartha a lua. Is féidir é sin a aimsiú ar an Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bunaidh. Ba chóir duit breac-chuntas a thabhairt sa litir maidir leis an gcineál athrú nó athruithe a tharla. D’fhéadfadh an tÚdarás tuarascáil mheasúnachta atá tugtha cothrom le dáta a éileamh ón oibrí sóisialta a rinne measúnacht ort, lena n-áirítear an cead ón gCoiste Uchtála Áitiúil (LAC). Níor chóir duit Dearbhú Reachtúil a chomhlánú sna himthosca sin.
Má cheadaítear síneadh a chur le do Dhearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta, beidh sé bailí ón dáta a dtéann an Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bunaidh in éag go dáta nach mó na 12 mí níos déanaí.
Is ionann ‘athrú ábhartha ar chúinsí’ agus aon athrú suntasach nó tábhacht i do chuid cúinsí ó ceadaíodh an Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bunaidh duit. Áiríonn sé athruithe ar nós:
- • breith linbh;
- • an leanbh a chur faoi do chúram de réir socrú altramais;
- • athrú áit chónaithe;
- • athrú i stádas fostaíochta;
- • athrú i stádas sláinte.
Ba chóir litreacha iarratais agus Dearbhuithe Reachtúla a sheoladh TRÍD AN bPOST, nuair is cuí, chuig an aonad ábhartha, an tAonad Uchtála Baile nó an tAonad Uchtála Idir Tíortha ag:
Údarás Uchtála na hÉireann
Teach Shíol Bhroin
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
DO4 H6F6
Tá sé mar fhreagracht ortsa a chinntiú go gcuirtear an t-iarratas ar shíneadh faoi bhráid an Údaráis sula dtéann an Dearbhú bunaidh in éag. Ní féidir glacadh le haon iarratais a fhaightear tar éis don Dearbhú dul in éag. Ní mór duit, i gcásanna den sórt sin iarratas a sheoladh an athuair chuig do ghníomhaireacht measúnachta do Dhearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta nua.
Sreabhadh Próiseas Uchtála
Tugann na trí shreabhchairt seo a leanas treoir céim ar chéim duit i leith próiseas uchtála na hÉireann. Cuirimid gluais ar fáil ar mhaithe le tagairt, mar go bhfuil roinnt de na téarmaí atá sa chairt giorraithe.
Sreabhadh Próiseas Uchtála
Alt 40 d’Acht Uchtála 2010
Údarás Uchtála na hÉireann
Céimeanna sa Phróiseas Uchtála
1. Measúnacht
2. Breithniú
3.Cinneadh
Tugann na trí shreabhchairt seo a leanas treoir céim ar chéim duit i leith próiseas uchtála na hÉireann. Cuirimid gluais ar fáil ar mhaithe le tagairt, mar go bhfuil roinnt de na téarmaí atá sa chairt giorraithe. Chomh maith leis sin, tá roinnt de na téarmaí nach mór dúinn a úsáid sách foirmiúil, tá siad sin mínithe againn sa ghluais ar mhaithe le soiléireacht.
Tá eochair dathanna curtha ar fáil againn leis an duine nó leis an ngníomhaireacht atá freagrach as gníomhartha áirithe a thaispeáint. Tá súil againn go mbeidh sé seo ina chúnamh duit.