Orduithe Uchtála
Seoltar na hiarratais go léir d’orduithe uchtála chuig Údarás Uchtála na hÉireann. D’fhéadfadh Bord an Údaráis Uchtála iarratais ar orduithe uchtála maidir le huchtálacha Éireannacha a cheadú nó a dhiúltú.
Orduithe Uchtála
Seoltar na hiarratais go léir d’orduithe uchtála chuig Údarás Uchtála na hÉireann. D’fhéadfadh Bord an Údaráis Uchtála iarratais ar orduithe uchtála maidir le huchtálacha Éireannacha a cheadú nó a dhiúltú.
Cad is Ordú Uchtála ann?
Daingníonn ordú uchtála de réir dlí áit an linbh sa teaghlach uchtaíoch. Ar ordú uchtála a dhéanamh caillfidh an tuismitheoir/na tuismitheoirí na cearta dlíthiúla go léir ar an leanbh agus saorfar iad ó gach dualgas. Aistrítear na cearta agus na dualgais sin chuig na tuismitheoirí uchtaíocha. Féachtar de réir an dlí ar an leanbh amhail is gur leanbh leis na tuismitheoirí uchtaíocha é nó í, a rugadh dóibh de phósadh dleathach. Is doiciméad atá ina cheangal dlí atá i gceist le hordú uchtála. Tá uchtáil dhlíthiúil buan.
Sa chás go bhfaigheann na tuismitheoirí uchtaíocha colscaradh, cuireann orduithe uchtála na freagrachtaí céanna ar na tuismitheoirí le haghaidh an linbh uchtaithe amhail is gur leanbh leis na huchtaitheoirí é nó í, a rugadh dóibh de phósadh dleathach an leanbh.
Ag déanamh iarratas ar Ordú Uchtála
Ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig Údarás Uchtála na hÉireann. Is Foirm Iarratais A1 le haghaidh Uchtála an fhoirm chuí le haghaidh iarratas a dhéanamh.
Sular féidir an t-iarratas uchtála a phróiseáil, ní mór go mbeidh Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí ag an iarratasóir/iarratasóirí. Sa chás go mbaineann an t-iarratas uchtála le leanbh atá á uchtáil/á huchtáil ag leastuismitheoirí, ag gaolta nó ag tuismitheoirí altrama, de ghnáth, déantar an Fhoirm A1 a chomhlánú ag an am céanna leis an iarratas ar Dhearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta. Cuirfidh an t-oibrí sóisialta Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach nó an comhlacht creidiúnaithe ábhartha a thugann faoi mheasúnacht do Dhearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta an Fhoirm A1 ar fáil duit.
Éisteacht maidir le hOrdú Uchtála
Nuair a bhíonn an t-iarratas uchtála próiseáilte agus na doiciméid atá riachtanach in ord (mar shampla, toilithe tuismitheoirí nó orduithe cúirte), scríobhfaidh an tÚdarás chuig an iarratasóir/iarratasóirí ag tabhairt cuireadh dóibh freastal ag éisteacht ar Ordú Uchtála os comhair Bord an Údaráis. Cuirfear in iúl sa litir an t-am, an dáta agus an t-ionad don éisteacht Uchtála agus tabharfar fógra a bheidh laistigh de 7 – 10 lá oibre ar a laghad.
Ní mór go mbeidh an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha agus an leanbh atá le huchtáil i láthair ar lá na héisteachta don Ordú Uchtála. Tá sé oscailte don teaghlach daoine eile den teaghlach a thabhairt leo (siblíní, seantuismitheoirí, srl) más mian leo.
Beidh Comhaltaí Boird an Údaráis Uchtála agus comhaltaí ó fheidhmeannas an Údaráis Uchtála ag an éisteacht. D’fhéadfadh líon na ndaoine sa seomra athrú agus de ghnáth bíonn idir 8-10 duine sa seomra.
Maireann éisteacht uchtála idir 5 go 10 nóiméad. Cé go bhfuil an éisteacht gearr agus go ndéanann an tÚdarás iarracht an éisteacht a choinneáil chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir, is imeacht dlíthiúil atá thar a bheith tábhachtach atá i gceist.
Labhróidh comhalta Boird leis an teaghlach sula dtéann siad isteach chun na héisteachta lena dheimhniú go bhfuil gach duine nach mór a bheith i láthair ansin agus leis an ainm iomlán a bheidh á úsáid ag an leanbh nuair a bheidh an t-ordú déanta a sheiceáil an athuair.
Nuair a thagann an teaghlach isteach sa seomra Boird, iarrfar ar an leanbh agus ar na daoine eile den teaghlach suí síos agus cuirfidh duine de chomhaltaí an Bhoird an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha faoi mhionn. Is féidir é sin a dhéanamh trí mhionn a thabhairt ar an mBíobla, ar an Sean-Tiomna, ar an gCórán nó trí dhearbhú sollúnta a dhéanamh. Ansin suífidh siad síos in éineacht leis an leanbh.
Fáilteoidh Cathaoirleach an Bhoird roimh an teaghlach agus míneoidh an nós imeachta dóibh.
Iarrfaidh an Cláraitheoir ar an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha a gcéannacht agus a n-incháilitheacht a dheimhniú trí shraith de cheisteanna gearra atá bunaithe ar an eolas atá curtha ar fáil san Fhoirm Uchtála A1.
Iarrfaidh an Cathaoirleach ar an leanbh, má tá sé/sí in aois (de ghnáth os cionn 7 mbliana d’aois) an bhfuil siad sásta leanúint ar aghaidh leis an uchtáil.
Iarrfar ar na tuismitheoirí uchtaíocha agus ar an leanbh (má tá an leanbh sách sean) a gcuid ainmneacha a shíniú.
Iarrfaidh an Cathaoirleach ar an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha a dheimhniú ansin go dtuigeann siad a bhfreagracht maidir leis an leanbh ar Ordú Uchtála a dhéanamh
Ceadaítear an tOrdú Uchtála ansin.
Ainm an linbh ar ordú uchtála a dhéanamh
Sula gcuirtear tús leis an éisteacht ar ordú uchtála, iarrtar ar na hiarratasóirí foirm a chomhlánú a léiríonn an t-ainm atá le cur ar an ordú uchtála don leanbh. Is féidir é sin a athrú ag an éisteacht ar ordú uchtála ach is fearr é a phlé agus é a chomhaontú roimh ré.
Is ionann an t-ainm a théann ar an Ordú Uchtála don leanbh agus a n-ainm dlíthiúil ón dáta sin ar aghaidh.
Tar éis na hÉisteachta ar Ordú Uchtála
Tugtar litir do na tuismitheoirí a dheimhníonn go bhfuil Ordú Uchtála déanta agus cuirtear eolas ar fáil dóibh maidir le conas teastas breithe nua a fháil don leanbh.
Ní doiciméad bailí atá i dteastas breithe bunaidh an leanbh chun críocha céannachta níos mó. I ngach cás nuair a theastaíonn teastas breithe do chríocha oifigiúla, ba chóir don duine atá uchtaithe cóip dá dteastas uchtaithe a chur ar fáil.
Seolann an tÚdarás tar éis ordú uchtála a dhéanamh, na mionsonraí atá le cur isteach ar a Chlár d’Uchtleanaí chuig an bPríomh-Oifig Chlárúcháin. Fanann teastas breithe bunaidh an leanbh ar an gClár agus ní dhéantar aon athrú air.
Má theastaíonn cóipeanna de theastas uchtála uait, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin, Tithe an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Ros Comáin, Glao áitiúil 1890 252076 (https://www.welfare.ie/en/Pages/Apply-for-Certificates.aspx).
Ní eisíonn an tÚdarás Uchtála teastais.
Éisteachtaí Uchtála
Rialacha d’éisteachtaí maidir le iarratais uchtála agus iarratais chun na hArd-Chúirte faoi Alt 30 agus Alt 54 de na hAchtanna Uchtála 2010 go 2017
Éisteachtaí Uchtála
Rialacha d’éisteachtaí maidir le iarratais uchtála agus iarratais chun na hArd-Chúirte faoi Alt 30 agus Alt 54 de na hAchtanna Uchtála 2010 go 2017
Bunaíodh Údarás Uchtála na hÉireann mar chomhlacht rialála neamhspleách an 1 Samhain 2010 tar éis achtú Acht Uchtála 2010.
Tá sé mar mhisean ag an Údarás Uchtála a chinntiú go mbaineann na seirbhísí a bhaineann le huchtáil na caighdeáin is airde amach ar fud an phróisis uchtála iomlán. Sna gníomhaíochtaí go léir, tagann leas an linbh sa chéad áit.
Tacaíonn na rialacha seo leis an misean seo. Bainfimid úsáid as na rialacha seo ón 1 Eanáir 2018.
Leagtar amach na rialacha seo sna hAchtanna. Ní léirmhíniú dlíthiúil iad ar na hAchtanna.
Ceadaítear de réir dlí don Údarás Uchtála, ar fud an phróisis uchtála, faisnéis i scríbhinn agus doiciméid a éileamh ó aon duine nó eagraíocht ábhartha. Nuair a dhéanann an tÚdarás iarratas, ní mór don Údarás Uchtála a rá go soiléir an chúis go bhfuil an fhaisnéis agus na doiciméid ag teastáil agus cé lena aghaidh a n-úsáidfear iad.
Tá an chuid eile den doiciméad seo roinnte i seacht gcuid:
- Éisteacht a reáchtáil
- Dul i gcomhairle le neamhchaomhnóirí ábhartha
- Ag cur duine ar an eolas a bhfuil a thoiliú/a toiliú ag teastáil
- Ag déanamh ordú uchtála nuair nach bhfuil Údarú na hArd-Chúirte ag teastáil
- Ní dhéanfaidh an tÚdarás Ordú Uchtála mura bhfuil an tIarratasóir (nó na hIarratasóirí) ina nIarratasóir incháilithe faoin Acht
- Ag déanamh ordú uchtála nuair nach bhfuil toiliú ar fáil
- Ordú uchtála a chomhlánú agus athruithe i gcúinsí ábhartha a bhreithni
Cliceáil anseo chun doiciméad a íoslódáil