A+ A A-

Select your language

    Creidiúnú
    Image

    Céard is Creidiúnú ann?

    Measúnú foirmiúil ar eagraíocht nó ar chlár in aghaidh critéar atá leagtha síos sa reachtaíocht.
    Image

    Cé hiad nach mór dóibh a bheith creidiúnaithe?1

    Aon chomhlacht nó duine atá bainteach le ceann ar bith de na gníomhaíochtaí atá liostaithe thíos ní mór dóibh a bheith creidiúnaithe ag Údarás Uchtála na hÉireann chun gur féidir leo leanúint leis na gníomhaíochtaí chun teacht leis an dlí.
    Image

    Conas mar a fhaightear Creidiúnú?

    Chun stádas creidiúnaithe a fháil ní mór d’fhoras nó do dhuine iarratas a dhéanamh chuig Údarás Uchtála na hÉireann.
    Image

    Luach an Chreidiúnaithe

    Tugann creidiúnú le fios go bhfuil eagraíocht nó clár ag bainistiú a chuid acmhainní go héifeachtach agus ag soláthar na seirbhísí is fearr is féidir do gach páirtí leasmhar.
    Socruithe i leith monatóireachta agus cigireachta ar fhorais chreidiúnaithe  - Ciorclán 01/2016 Rialacháin AAI 

     
    Tuarascálacha Cigireachta
    HHAMA

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."