A+ A A-

Select your language

    RGCS

    Polasaí Príobháideachais Shuíomh Gréasáin Údarás Uchtála na hÉireann

    Tá meas ag Údarás Uchtála na hÉireann ar do cheart chun príobháideachais agus comhlíonann sé a chuid oibleagáidí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Is é aidhm an tsuímh gréasáin seo ná tuiscint a thabhairt duit ar mar a phléann an tÚdarás le haon sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil nuair a thugann tú cuairt ar a shuíomh gréasáin nó nuair a idirghníomhaíonn tú leis an Údarás ar líne. Tá achoimre air freisin ar do chearta mar ábhar sonraí i leith sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith i seilbh an Údaráis mar thoradh ar d’idirghníomhaíocht linn as líne.

    Ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn nuair a dhéantar brabhsáil ghinearálta ghréasáin, cé go mbeidh faisnéis staitisticí áirithe ar fáil dúinn ónár soláthraí seirbhíse idirlín.
    Glacann tú le téarmaí pholasaí príobháideachais an tsuímh gréasáin seo trí chuairt a thabhairt ar www.aai.gov.ie.

    Tá naisc sheachtracha chuig suíomhanna gréasáin eile ar an suíomh seo agus níl an tÚdarás freagrach as polasaithe príobháideachais na suíomhanna idirlín eile sin.
    Cén cineál faisnéise a bhailímid?
    Is féidir leat brabhsáil a dhéanamh ar ár suíomh go hanaithnid ach ní bheidh feidhmeanna ná leathanaigh áirithe ar fáil duit.

    Bailímid faisnéis uait le Google Analytics nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin chun críocha anailíse staitisticí amháin.

    Má chuireann tú ríomhphost chugainn, féadfaimid d’ainm, do sheoladh ríomhphoist agus aon fhaisnéis eile a thugann tú dúinn a bhailiú.

    Má chomhlánaíonn tú ceann dár bhfoirmeacha ar líne, baileoimid d’ainm, d’uimhir ghutháin agus aon sonraí eile a chuireann tú ar fáil dúinn.

    Má íoslódálann tú aon fhoirmeacha iarratais ónár suíomh, tabharfar fógra duit faoi aon fhorálacha cosanta sonraí breise nuair a chomhlíonann tú an fhoirm iarratais.

    Má bhailímid aon sonraí pearsanta, déanfar iad a phróiseáil agus a stóráil go slán ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá i bhfianaise na críche/na gcríoch ar chuici/chucu a bailíodh iad. Comhlíonfaimid ár n-oibleagáidí agus cosnóimid do chearta faoin GDPR i gcónaí.

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."

    Please publish modules in offcanvas position.