A+ A A-

Select your language

    Cad is Uchtáil Bhaile ann?

    Tagraíonn uchtáil bhaile do chás uchtála linbh atá ina chónaí/ina cónaí in Éirinn ag cúpla atá ina gcónaí in Éirinn freisin. Is é cineál agus an éifeacht atá le hordú uchtála na hÉireann go mbíonn an leanbh mar leanbh leis na huchtaitheoirí a rugadh dóibh de phósadh, leis na cearta agus na dualgais go léir tuismitheoirí agus leanaí i ndáil lena chéile. Tabhair ar aird le do thoil nach gceadaíonn reachtaíocht uchtála na hÉireann ach d’uchtáil linbh agus sin amháin. Sainmhínítear leanbh mar dhuine nach bhfuil ocht mbliana déag d’aois slánaithe aige/aici go fóill.  Ní féidir duine a bhfuil ocht mbliana déag d’aois slánaithe acu nó duine atá níos sine a uchtáil in Éirinn. Tá ceithre chineál uchtáil bhaile ann – Leasteaghlach, Uchtáil Teaghlaigh Shínte nó Uchtáil ag Gaol, Uchtáil Bhaile Naín, Cúram Altramais Fadtéarmach as a leanann Uchtáil.

    Chun tús a chur leis an bpróiseas uchtála, beidh ort teagmháil a dhéanamh le d’oifig uchtála áitiúil Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Tá sonraí teagmhála na n-oifigí áitiúla le fáil anseo

    Image

    An Teaghlach Céim

    Tagraíonn leasteaghlach i gcomhthéacs uchtála go ginearálta do theaghlaigh a chruthaítear nuair a phósann máthair bhreithe an linbh fear nach é athair an linbh sin é, agus go bhfuil an leanbh ag cónaí in éineacht leis an gcúpla pósta seo, nó i líon beag cásanna go bhfuil an leanbh ag cónaí leis an athair breithe ar mian leis féin agus lena bhean chéile an leanbh a uchtáil. 
    Image

    Teaghlach Sínte / Gaol

    Tagraíonn Uchtáil Teaghlaigh Shínte nó Uchtáil ag Gaol go sonrach do dhuine de theaghlach shínte an linbh, a dteastaíonn uathu an leanbh a uchtáil, ina n-aonar nó i gcomhar le céile; tá an leanbh ina chónaí/ina cónaí leis an uchtaitheoir/leis na huchtaitheoirí ionchasacha agus tá an leanbh curtha faoi chúram an ghaoil seo go díreach ag an mháthair bhreithe nó ag an Stát go hindíreach tríd an gcóras cúraim linbh. 
    Image

    Glacadh le Naíonáin Intíre

    Go bunúsach, is ionann Uchtáil Bhaile Naín agus próiseas trína gcuirtear leanbh faoi chúram tuismitheoirí eile.  Aistrítear na cearta, freagrachtaí agus dualgais go léir chuig na tuismitheoirí nua agus tugann na tuismitheoirí breithe suas a gcuid cearta agus dualgais dhlíthiúla go léir maidir leis an leanbh. Ní féidir leanbh a chur faoi chúram cúpla gan chead roimh ré ón Údarás Uchtála.

    Image

    Cúram Altramais Fadtéarmach go hUchtáil

    Cúram Altramais Fadtéarmach go hUchtáil – Tarlaíonn uchtáil den chineál seo sa chás go bhfuil leanbh curtha faoi chúram cúpla i dtús báire i riocht cúraim altramais mar gheall nach bhfuil an mháthair bhreithe/na tuismitheoirí cinnte maidir le cén cinneadh ar mian leo a dhéanamh ó thaobh aire a thabhairt don leanbh iad féin nó cead a thabhairt leis an leanbh a uchtáil. 

    Maidir Linne

    Déanann an tAonad Uchtála Baile iarratais ar Dhearbhuithe Incháilitheachta agus Oiriúnachta (atá ina cheangal ó thaobh na n-iarratasóirí uchtála go léir) agus iarratais Orduithe Uchtála a phróiseáil.  Coimeádann an t-aonad Clár na nAithreacha Breithe freisin.

    Tagraíonn Uchtáil Bhaile don chás ina ndéanann duine nó cúpla atá ina gcónaí in Éirinn leanbh atá ina chónaí/ina cónaí in Éirinn freisin a uchtáil.  Is éard atá i gceist agus an éifeacht atá le hordú uchtála de Chuid na hÉireann ná gur leanbh leis an uchtaitheoir/na huchtaitheoirí an leanbh agus go n-aistreofar na cearta agus na freagrachtaí go léir ó na tuismitheoirí breithe chuig na tuismitheoirí uchtaíocha.    

    Tabhair ar aird, le do thoil, nach gceadaíonn reachtaíocht uchtála na hÉireann ach d’uchtáil linbh agus sin amháin. Sainmhínítear leanbh mar dhuine nach bhfuil ocht mbliana déag d’aois bainte amach aige/aici go fóill. Ní féidir duine atá os cionn ocht mbliana déag d’aois nó níos sine a uchtáil in Éirinn.

    D’fhéadfadh sé go mbeadh líon téarmaí nó leaganacha cainte á n-úsáid ar an láithreán seo atá strainséartha duit.  Chun cuidiú leat tá gluais curtha ar fáil againn chun an chuid is mó de na leaganacha atá in úsáid againn a mhíniú. Cliceáil anseo le do thoil.

    Mionsonraí Teagmhála

    An tAonad Uchtála Baile
    Údarás Uchtála na hÉireann
    3ú hUrlár,
    Teach Shíol Bhroin
    Droichead na Dothra
    Baile Átha Cliath 4
    DO4 H6F6

    Teileafón: +353 1 2309 300
    Ríomhphost: domestic@aai.gov.ie

     

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."