Skip to main content

Déantar tagairt shonrach don mhéid seo a leanas le huchtáil ag teaghlach sínte nó gaol:

  • Duine de theaghlach sínte an linbh ar mian leo an leanbh a uchtáil, leo féin nó in éineacht le céile/páirtí
  • Tá cónaí ar an leanbh leis an uchtaitheoir ionchasach agus
  • Táthar tar éis leanbh a shuíomh leis an ngaol sin; go díreach ag an máthair nó go hindíreach ag córas cúraim leanaí an Stáit.

Tugtar na catagóirí de theaghlach sínte atá incháilithe uchtáil a dhéanamh sna cásanna sin san Acht Uchtála. Bíonn gaolta incháilithe trí líne ghinealaigh an dá thuismitheora breithe.

Ciallaíonn “gaol” seantuismitheoir, deartháir, deirfiúr, uncail nó aintín, lánfhola nó leathfhola, nó ó chleamhnas, leis an leanbh, agus folaíonn sé céile aon duine den sórt sin.

Treoir chéim-ar-chéim maidir le Uchtáil Ag Teaghlach Sínte Nó Gaol

Coinníollacha

    Aoiseanna íosta

    Ní mór d’uchtaitheoirí ionchasacha a bheith ar a laghad 21 bliana d’aois.

    Aoiseanna uasta

    Níl aon uasteorainneacha aoise do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha leagtha síos sa dlí. Mar sin féin, is fachtóir suntasach é aois agus measúnú á dhéanamh ar oiriúnacht chun uchtáil a dhéanamh.

    Cónaitheacht uchtaitheoirí

    Ní mór cónaí rialta sa Stát a bheith ar thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha.

    Cónaitheacht an linbh

    Ní mór cónaí rialta sa Stát a bheith ar an leanbh.

    Creideamh

    Mura bhfuil an creideamh céanna ag an leanbh, na daoine atá á (h)uchtáil agus gach duine nach mór dóibh toiliú a thabhairt, is gá gach duine nach mór dóibh toiliú a thabhairt a chur ar an eolas faoi chreideamh na dtuismitheoirí uchtaíocha sula dtugann siad ceadú.

    Oiriúnacht

    Ní féidir leis an Údarás Uchtála ordú uchtála a dhéanamh ach amháin más deimhin leis gur duine oiriúnach é nó í gach duine de na tuismitheoirí uchtaíocha chun cearta tuismitheora a bheith aige nó aici agus dualgais tuismitheora a bheith air nó uirthi i leith an linbh. Caithfidh tuismitheoirí uchtaíocha Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí a bheith acu an tráth bhfuil an t-ordú uchtála le déanamh.