Comhaltacht an Údaráis
Bord an Údaráis Uchtála
-
John McDaid
CathaoirleachChaith John an chuid is mó dá shlí bheatha ag obair i réimsí dlí. Tar éis dó céim sa dlí a bhaint amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1983), cháiligh John mar aturnae (1988) sular oibrigh sé i gcleachtas príobháideach i mBaile Átha Cliath agus san Astráil. Chuaigh sé isteach sa Bhord um Chúnamh Dlíthiúil in 1993 agus é ag obair mar aturnae bainistíochta ina ionaid dlí sa Longfort agus san Uaimh, áiteanna a raibh baint mhór aige le dlíthíocht agus abhcóideacht. D’oibrigh sé freisin ina Ionad atá tiomanta d’ionadaíocht a dhéanamh ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Bhain sé róil ardbhainistíochta amach san eagraíocht agus ceapadh ina Phríomhfheidhmeannach é in 2014, post a bhí aige go dtí 2023. Mar Phríomhfheidhmeannach, bhí freagracht feidhmiúcháin ar John as cúnamh dlíthiúil sibhialta agus seirbhísí idirghabhála teaghlaigh an Stáit a sholáthar trí líonra náisiúnta d’ionaid idirghabhála dlí agus teaghlaigh araon, agus soláthraithe príobháideacha. Bhí John ina chomhalta boird d’Ionad Coinneála Champas Bhaile an Oibricigh, agus tá sé ar bhord Tusla faoi láthair. Is comhalta páirtaimseartha é den Bhinse um Achomhairc i dtaobh Cosaint Idirnáisiúnta. Tá Máistreacht Eolaíochta i gCleachtas Gnó aige ó Ghoras Bainistíochta na hÉireann / COC (2017). Ceapadh é ina Chathaoirleach ar Údarás Uchtála na hÉireann i mí na Nollag 2025.
-
Folamh
Leaschathaoirleach -
Professor Sheila Greene
Comhalta BoirdIs Comhalta agus Ollamh Emerita í Sheila Greene i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tar éis di céim a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide sa tSíceolaíocht agus san Fhealsúnacht, oileadh mar shíceolaí cliniciúil í in Ospidéal Maudsley, Londain agus ansin d’oibrigh sí in Ospidéal na Leanaí i mBostún sular fhill sí ar Choláiste na Tríonóide chun bheith ina léachtóir le síceolaíocht. Chuidigh sí le cúrsaí iarchéime a chur ar bun agus a stiúradh sa tsíceolaíocht chliniciúil agus sa tsíceolaíocht chomhairleoireachta agus chomhbhunaigh sí an tIonad um Staidéar Inscne agus Ban agus an tIonad Taighde do Leanaí. In 1992 agus in 1994 toghadh í mar Dhéan na nEalaíon (na Daonnachtaí) agus ó 2001-4 ba í Léachtóir Sinsearach (Príomhoifigeach Acadúil) an Choláiste í. Bhí sí ina Comhstiúrthóir ar an staidéar náisiúnta fadaimseartha ar leanaí in Éirinn, Growing Up in Ireland [Ag Fás Aníos in Éirinn], ó 2006-11. I measc a foilseachán tá The psychological development of girls and women [Forbairt shíceolaíoch cailíní agus ban] (Routledge, 2003/2015), Researching children's experience [Taighde a dhéanamh ar thaithí na leanaí] (Greene & Hogan, Sage, 2005), Key thinkers in Childhood Studies [Príomhsmaointeoirí sa Staidéar Óige] (Smith & Greene, Policy Press, 2014), Children as agents in their worlds [Leanaí mar ghníomhairí ina saol] (Greene & Nixon, Routledge, 2020), irisleabhair agus tuarascálacha coimisiúnaithe. Ba í an Príomh-Imscrúdaitheoir ar on ‘A study of intercountry adoption outcomes in Ireland’ [‘Staidéar ar thorthaí uchtála idir tíortha in Éirinn’], a choimisiúnaigh an Bord Uchtála agus a foilsíodh in 2007.
-
Colin Fallon
Comhalta BoirdIs gairmí oibre sóisialta é Colin a bhfuil neart taithí aige agus tá níos mó ná 25 bliain caite aige sa chleachtas ar fud suíomhanna míochaine, oideachais agus gairme. Chaith sé 15 bliana ag obair ar phromhadh, agus é ag speisialú in obair shóisialta agus idirghabháil. Bhí róil shinsearacha ag Colin mar Bhainisteoir Oibre Sóisialta sular scoir sé i mí na Samhna 2025 agus tugann sé leis saibhreas saineolais maidir le bainistiú casta cásanna, réiteach coinbhleachta agus comhar ildisciplíneach.
-
Dr. Ciara O’Rafferty
Comhalta BoirdCeapadh an Dr Ciara O’Rafferty ar bhord Údarás Uchtála na hÉireann le déanaí. Bhain sí céim onóracha sa Leigheas amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bronnadh duais an Ollaimh don tSíciatracht uirthi. Rinne sí Bunoiliúint Speisialtóra sa Leigheas le ballraíocht a bhronn Coláiste Ríoga na Lianna in Éirinn agus rinne sí Ardoiliúint Speisialtóra sa Haemaiteolaíocht. Fuair sí roinnt dámhachtainí ó Chumann na hÉireann um Haemaiteolaíocht as staidéar taighde le linn a hardoiliúna speisialtóra. Bronnadh Scoláireacht Richard Steeven uirthi ina dhiaidh sin chun comhaltacht chliniciúil a mhaoiniú in Ospidéal Leanaí Birmingham sa Haemaiteolaíocht Phéidiatraiceach agus sa Trasphlandú. D’oibrigh sí in Éirinn mar Haemaiteolaí Comhairleach i gcleachtas péidiatraiceach agus aosach araon. Bhí sí go mór i bhfách le seirbhís náisiúnta aonair trasphlandaithe smeara péidiatraiceacha a mhaoiniú in Éirinn. Bhronn Trombóis Éireann gradam eiseamláireach VTE ar a cuid oibre in Ospidéal Thamhlachta mar cheann cliniciúil chun VTE a chosc as an tionscadal feabhsúcháin cáilíochta is fearr. Bhí sí ar bhord bainistíochta bunscoile móire agus tá blianta fada taithí aici ar rialachas, ar cheannaireacht chliniciúil agus ar bhainistíocht athruithe. Labhair Gaeilge léi más maith leat.
-
Geraldine Keehan
Comhalta BoirdMar aturnae, chleacht Geraldine i Sasana agus sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn. Sa dá dhlínse, rinne sí speisialtóireacht sa dlí teaghlaigh go sonrach i gcolscaradh, comhchónaí, díospóidí maidir le coimeád leanaí, fuadach leanaí agus uchtuithe baile agus idir tíortha. Rinne Geraldine ionadaíocht freisin ar Chaomhnóirí ad Litem in imeachtaí maidir le leanaí faoi chúram, lena n-áirítear Cúram Speisialta. Chuir Geraldine comhairle ar Údaráis Áitiúla i Sasana agus sa Bhreatain Bheag maidir le hábhair a bhaineann leis an dlí idirnáisiúnta lena n-áirítear Rialachán bis na Bruiséile II agus thug sí comhairle maidir le hiarmhairtí an Bhreatimeachta ar dhlí teaghlaigh. Thug roinnt Carthanas mór in Éirinn treoir do Geraldine arbh é a sainchúram cearta leanaí a chur chun cinn agus chuir sí comhairle orthu maidir le cearta bunreachtúla leanaí i ndiaidh chur i bhfeidhm Airteagal 42A den Bhunreacht. Thug sí léachtaí i nDlí-Chumann na hÉireann ar an Dlí Teaghlaigh agus Leanaí agus bhí sí ina Comhalta de Choiste Dlí Teaghlaigh an Dlí-Chumainn a chuir páipéir faoi bhráid Roinn Rialtais maidir le reachtaíocht dlí teaghlaigh atá beartaithe. Bhí Geraldine ina comhúdar ar roinnt foilseachán ar dhlí teaghlaigh agus leanaí a dhíríonn ar ionadaíocht leanaí in imeachtaí príobháideacha dlí teaghlaigh agus béim á cur ar an tábhacht a bhaineann le héisteacht le leanaí. Is Iontaobhaí agus Comhalta Comhairle í de Charthanas a bhfuil sé mar aidhm aici cúnamh airgeadais a chur ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn cúram maolaitheach uathu agus d’altraí a thugann faoi chúrsaí oideachais maidir le conas aire a thabhairt do leanaí a dteastaíonn cúram maolaitheach uathu.
-
Valerie O’Brien
Comhalta BoirdTá Valerie O’Brien décháilithe agus is oibrí sóisialta agus síciteiripeoir í. Is Ollamh Comhlach í faoi láthair i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, i Scoil an Leighis, áit a bhfuil sí ina Stiúrthóir Cláir ar an gclár Síciteiripe Sistéamaí / Teiripe Teaghlaigh ó 2018 ar aghaidh. Mar chuid dá ról acadúil, is taighdeoir, léachtóir, cliniceoir agus maoirseoir cliniciúil í Valerie agus tá sí i gceannas ar roinnt tionscadal taispeántais bunaithe ar ghníomhaíocht maidir le huchtú, cúram altrama agus cúram ó ghaolta agus comhdháil agus uchtú grúpaí teaghlaigh. Tá taithí aici ar pháirt a ghlacadh ar bhoird áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha maidir le leas leanaí agus teaghlaigh, obair shóisialta agus síciteiripe. Chomh maith le bheith ina comhalta ar Bhord Údarás Uchtála na hÉireann, tá sí ina Cathaoirleach faoi láthair ar an nGrúpa Oibrithe Sóisialta i gCúram Altrama – i gCumann na hÉireann um Oibrithe Sóisialta agus is comhalta boird í de Chomhlachas Teiripe Teaghlaigh na hEorpa – EFTA . Leis an taithí sin, tugann sí léi feasacht ghéar ar an tábhacht a bhaineann le rialachas, ionracas, an gá atá le breithiúnas fónta, agus an tábhacht a bhaineann le bheith measúil, machnamhach agus íogair ina cuid oibre.
Ár bhFoireann Bainistíochta Sinsearaí
-
Philip Crosby
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin EatramhachCeapadh Philip Crosby mar POF eatramhach ar an Údarás le déanaí. Chaith Philip os cionn 40 bliain ina státseirbhíseach, agus tá taithí aige sna réimsí anailís sonraí, TF, acmhainní daonna agus caidreamh le fostaithe, réiteach coinbhleachta, agus pleanáil agus forbairt straitéiseach. Bhí sé ina cheann Caidreamh Tionsclaíoch sa Roinn Oideachais ar feadh beagnach 10 mbliana, agus bhí sé freagrach as forbairt beartais agus athchóiriú sna hearnálacha Ardoideachas agus Oideachas Luath-Óige. Roimhe sin, chaith Philip roinnt mhaith blianta in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, áit ar oibrigh sé le pleanáil ghnó, bainistiú buiséad, meastóireacht feidhmíochta agus forbairt eagraíochta. Bhí Philip ina urlabhraí agus ionadaí ceardchumainn ar feadh breis agus 25 bliana. Labhair Gaeilge leis más fearr leat.
-
Tara Downes
Rúnaí Boird/Stiúrthóir OibríochtaíThosaigh Tara Downes ina róil mar rúnaí don Bhord agus mar chláraitheoir an Údaráis Uchtála i mí an Mhárta, 2018. Roimhe sin, bhí sí ina Leas-Cheann Dlí sa Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Tugann Tara tacaíocht agus cúnamh don bhord agus cuireann sí comhairle ar an gcathaoirleach faoi gach ábhar a bhaineann le rialachas, lena chinntiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí reachtúla agus rialála go léir.
-
Ross Higgins
Stiúrthóir Seirbhísí Faisnéise agus TaifeadTháinig Ross isteach san Údarás Uchtála 2022. Tá sé freagrach as seirbhísí faisnéise iar-uchtála, cartlanna, TFC, saoráil faisnéise agus feidhmeanna cosanta sonraí. Sular tháinig sé isteach san Údarás, d’oibrigh Ross i mBaincéireacht Ceannais, agus i ngnóthaí poiblí agus acadúla, in Éirinn agus thar lear. Is cartlannaí cáilithe é Ross, agus céim aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus is bainisteoir tionscadal deimhnithe é freisin.
-
Catherine Breen
Ceann Airgeadais, Dearbhaithe agus Seirbhísí TacaíochtaTá Catherine freagrach as rialú airgeadais, bainistiú riosca, iniúchóireacht inmheánach, soláthar, sláinte agus sábháilteacht agus bainistiú saoráidí. Tháinig sí isteach san eagraíocht in 2022, agus bhí ról aice roimhe seo mar bhainisteoir seirbhísí corparáideacha. Tá beagnach 20 bliain taithí ag Catherine san earnáil phoiblí, agus í i gceannas ar fhoirne ildisciplíneacha chun cuspóirí eagraíochta a bhaint amach agus chun soláthar seirbhísí a fheabhsú. Is foghlaimeoir ar feadh an tsaoil í Catherine, agus tá meas aici ar an luach a bhaineann le forbairt leanúnach ghairmiúil. Bhain sí amach Céim Máistir i gceannaireacht agus straitéis leis an bhForas Riaracháin in 2018.
-
Darren Broomfield
Príomh-Oibrí SóisialtaTá Darren freagrach as ceannaireacht na seirbhísí oibre sóisialta san Údarás Uchtála, lena n-áirítear forbairt beartas agus cleachtas, lena chinntiú go soláthraítear seirbhísí oibre sóisialta i gcomhréir le reachtaíocht agus obair shóisialta ar ardchaighdeán. Sular tháinig sé isteach san Údarás, d’oibrigh Darren sa tSeirbhís Promhaidh mar oifigeach promhaidh sinsearach sna foirne seirbhísí d’íospartaigh agus daoine óga. Roimhe sin, d’oibrigh Darren i réimse na leanaí faoi mhíchumas casta agus le riachtanais cúraim mhaolaithigh, agus mar oibrí sóisialta sa réimse mí-úsáide substaintí.
-
Dr Judy Lovett
Oifigeach TaighdeTháinig an Dr. Judy Lovett isteach san Údarás Uchtála in 2019 agus ceapadh í chuig an bhFoireann Bainistíochta Sinsearaí i mí na Bealtaine 2023. Bronnadh PhD sa tSíceolaíocht ag Coláiste na Tríonóide uirthi in 2012, agus tá dioplóma iarchéime sa staitistic aici chomh maith. Rinne sí imscrúdú ar eispéiris daoine óga in Éirinn san uchtáil bhaile neamhtheaghlaigh ina téis dá PhD. Tá a cuid oibre faoi uchtáil curtha i láthair ag Judy ag comhdhálacha idirnáisiúnta éagsúla agus foilsíodh a cuid oibre i roinnt irisleabhar acadúil, ina measc Adoption and Fostering. Sular tháinig sí isteach san Údarás, d’oibrigh Judy ag Institiúid Geary sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag Atlantic Philanthropies agus le Foróige, gach ceann díobh sa réimse leanaí agus óige faoi mhíbhuntáiste.
-
Folúntas
Ceann Acmhainní Daonna agus Forbartha Foirne