Skip to main content

Is clár é an Clár um Shainroghanna Teagmhála (CPR) a ligeann do dhaoine a ndéanann uchtáil difear dóibh a sainroghanna a chur in iúl maidir le teagmháil le daoine ina dteaghlach breithe. 

Cuireann sé ar chumas daoine a chur in iúl cé na daoine a bhfuil siad sásta teagmháil a dhéanamh leo, faisnéis a chomhroinnt leo, nó gan aon teagmháil a bheith acu leo ar chor ar bith.

Tabhair do d’aire gur sheirbhís saor in aisce í seo do dhaoine a chónaíonn in Éirinn nó in áit ar bith eile ar domhan.

Ní gá aturnae nó gairmí dlí eile a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar aon cheann de na seirbhísí faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022.

Maidir less an CPR

    Feidhmeanna an CPR

    Is é an phríomhfheidhm atá ag an gClár um Shainroghanna Teagmhála ná ligean do dhaoine a ndearna uchtáil difear dóibh a sainroghanna teagmhála a chlárú, faisnéis a chomhroinnt agus cabhrú le teagmháil idir dhaoine a meaitseáladh iad ar an gclár a éascú. Tá tuilleadh mionsonraí faoin bpróiseas meaitseála thíos.
    Is bealach é an Clár chun earraí a thaisceadh freisin. Is féidir le hiarratasóirí earra a thaisceadh do dhuine sonraithe, mar shampla litir nó grianghraf.
    Ní dhéantar faisnéis faoi bhreith agus tús saoil duine a eisiúint mar thoradh ar chlárú leis an CPR. Más mian le duine uchtaithe faisnéis a bhaineann leis an uchtáil a fháil, ní mór dóibh iarraidh ar fhaisnéis bhreithe a dhéanamh.

    Iarraidh ar fhaisnéis bhreithe

    Ní dhéantar rianú mar thoradh ar chlárú leis an CPR. Bainistíonn Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach – gach iarraidh ar rianú, agus is féidir leat iarratas ar rianú a dhéanamh chuig Tusla . Féadfaidh clárú leis an CPR cabhrú le deifir a chur le rianú, áfach, má dhéantar meaits ar an CPR.

    Déan iarratas ar rianú chuig Tusla

    Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

    Is féidir le daoine incháilithe, lena n-áirítear daoine uchtaithe, daoine a bhí faoi chúram altramais, baill den teaghlach breithe, agus daoine ar cláraíodh a mbreith go mídhleathach, iarratas a dhéanamh ar an gClár um Sainroghanna Teagmhála. Is féidir leat foirm iarratais a roghnú thíos.

    Sainroghanna teagmhála

    Is féidir leat a chur in iúl:

    • Cé na daoine is mian leat teagmháil a dhéanamh leo nó faisnéis a chomhroinnt leo
    • Cén cineál teagmhála is mian leat (m.sh., teagmháil dhíreach, nó gan teagmháil dhíreach ach sásta faisnéis a chomhroinnt)
    • Sainrogha gan teagmháil ar bith a dhéanamh

    Féach an bhileog eolais faoin CPR chun tuilleadh mionsonraí a fháil.

    Faisnéis a chomhroinnt agus earraí a thaisceadh

    Is féidir leat faisnéis a chomhroinnt agus earraí a thaisceadh do dhuine sonrach, mar shampla litir nó grianghraf. Tabharfar na hearraí sin don duine má tá siad ar an gclár freisin agus má tá siad sásta glacadh leis na hearraí, nó más duine uchtaithe é nó í an faighteoir beartaithe agus má dhéanann sé nó sí iarratas chuig an Údarás Uchtála faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022 chun na hearraí a fháil.

    Má tá cóip dhigiteach den earra is mian leat a thaisceadh, is féidir í a chur i gceangal leis an bhfoirm iarratais chuig an CPR.

    Mar mhalairt rogha, is féidir leat é a chur i bpacáiste sábháilte, lipéad soiléir a chur air, an fáth atá an t-earra á sheoladh agat a chur in iúl, an faighteoir beartaithe a shainaithint, agus é a sheoladh sa phost chuig an seoladh thíos:

    Foireann na dTaifead, 
    Údarás Uchtála na hÉireann,
    Bosca PO 9957, 
    Baile Átha Cliath 4.

    Meaitseáil

    Déantar an clár a scrúdú le haghaidh meaitseanna agus má aimsítear ceann, déanann Údarás Uchtála na hÉireann teagmháil leis an dá pháirtí chun an meaits a chur in iúl dóibh.

    Má aimsítear meaits féideartha ar an CPR, déanfaidh ball d’Fhoireann Oibre Sóisialta an Údaráis teagmháil leat agus cuirfidh siad comhairle ort faoi na chéad chéimeanna eile. Beidh siad sin ag brath ar na sainroghanna atá roghnaithe agat féin agus ag an duine a bhfuil tú meaitseáilte leis nó léi. D’fhéadfadh na nithe a leanas a bheith san áireamh:

    • Faisnéis a chomhroinnt nó a iarraidh
    • An deis chun teagmháil a dhéanamh leis an iarratasóir lenar meaitseáladh tú
    • An deis chun seirbhís idirghabhála an Údaráis Uchtála a úsáid
    • Rochtain ar aon earraí sonracha a cuireadh i dtaisce duit.

    I gcás nach ndéantar aon mheaits ar an CPR, ní dhéanfar teagmháil leat, mar níl an duine atá á lorg agat cláraithe ar an gclár faoi láthair. Má chláraíonn siad amach anseo, déanfar meaits agus, ag brath ar a shainroghanna nó a sainroghanna teagmhála, déanfar teagmháil leat. Idir an dá linn, is féidir leat iarratas ar rianú a dhéanamh chuig Tusla.

    Déanann Údarás Uchtála na hÉireann an teagmháil a éascú, lena n-áirítear seirbhísí idirghabhála a thairiscint.

    Féach an bhileog eolais faoin CPR chun tuilleadh mionsonraí a fháil. 

    Do mhionsonraí/shainroghanna teagmhála a athrú

    Más mian leat do mhionsonraí teagmhála nó do shainroghanna teagmhála a athrú, is féidir leat foirm iarratais nua a chomhlánú, nó is féidir leat na mionsonraí faoi na hathruithe a sheoladh chuig records@aai.gov.ie

    Má tá d’uimhir uathúil ar eolas agat, is féidir leat í a thabhairt dúinn, in éineacht le cóip de do chomhartha aitheantais bailí, nach bhfuil imithe in éag. Mar mhalairt rogha, is féidir leat do chomhartha aitheantais a chur ar fáil dúinn agus aimseoimid d’iarratas bunaidh agus tabharfaimid cothrom le dáta é.

    Treoir céim ar chéim maidir le Iarratas ar chlárú leis an gClár um Shainroghanna Teagmhála

    Iarratais tríd an bpost

    Má tá sé níos éasca duit foirm chruachóipe a líonadh isteach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Uchtála ar 01 2309 300 (rogha 1) agus iarraidh orthu cóip den fhoirm oiriúnach faoin gClár um Sainroghanna Teagmhála a sheoladh chugat tríd an bpost.