Rochtain ar Thaifid
Coinníonn an tÚdarás Uchtála níos mó ná 110,000 comhad a chruthaigh sé féin, na comhlachtaí a bhí ann roimhe, gníomhaireachtaí uchtála gaolmhara agus Teaghlaigh Chontae.
Is bailiúchán uathúil iad na taifid sin inar cláraíodh eispéiris daoine uchtaithe agus na daoine a ndearnadh socruithe stairiúla cúraim ina leith, agus a dteaghlaigh, ag dul siar go dtí an bhliain 1857.
Tá ról reachtúil ag an Údarás chun na taifid sin a fháil, a chosaint, a chaomhnú agus a chur ar fáil, laistigh de theorainneacha thrí phíosa reachtaíochta, is iad sin:
Iarratas ar thaifid
Cén bealach ba cheart dom a roghnú
An tAcht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022
Más rud é:
- gur dhuine uchtaithe tú;
- gur dhuine tú a bhí faoi chúram altramais (ar a dtugtar duine a cuireadh amach ar lóistín nó ar altramas, uaireanta);
- gur dhuine tú a chónaigh i dTeaghlach Contae, agus tú i do leanbh;
- gur dhuine tú a chónaigh in Áras Máithreacha is Leanaí, agus tú i do leanbh;
- gur dhuine tú ar cláraíodh do bhreith go mídhleathach, nó má tá tú in amhras gur cláraíodh do bhreith go mídhleathach;
- gur leanbh tú de dhuine de na cineálacha daoine thuasluaite, atá éagtha anois;
Chun iarratas a dhéanamh ar chóipeanna de thaifid ábhartha, más ann dóibh, atá i seilbh an Údaráis Uchtála, déan iarraidh ar fhaisnéis faoin mbreith, le do thoil.
An áit a bhfuil na taifid á gcoinneáil
Iarratas ar fhaisnéis faoi bhreith
An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Más duine de na daoine seo a leanas tú:
- Máthair bhreithe nó athair breithe; nó
- An mháthair uchtaíoch nó an t-athair uchtaíoch
Chun iarratas a dhéanamh ar chóipeanna d’aon sonraí pearsanta a bhaineann leatsa, más ann dóibh atá i seilbh an Údaráis Uchtála, déan Iarraidh Rochtana ó Ábhar Sonraí, le do thoil.
An áit a bhfuil na taifid á gcoinneáil
Iarraidh rochtana ó ábhar sonraí
An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
Más rud é:
- nach mbaineann tú le ceann ar bith de na grúpaí thuas ach go bhfuil rochtain ar chóipeanna de thaifid (phearsanta) faoi dhuine atá i seilbh an Údaráis Uchtála á lorg agat, déan Iarraidh Rochtana ó Ábhar Sonraí, le do thoil.
Roghnaigh bealach
-
An áit a bhfuil na taifid á gcoinneáil
Tugtar liosta ar an leathanach seo de na hinstitiúidí go léir in Éirinn a choinníonn taifid agus tugtar treoir duit faoi áit cheart le tús a chur le d’iarratas.