Ráiteas Príobháideachais
Is comhlacht neamhspleách é Údarás Uchtála na hÉireann a bunaíodh ar 1 Samhain 2010 faoin Acht Uchtála 2010. Is é príomh-aidhm an Achta Uchtála 2010 ná foráil a dhéanamh d’ábhair a bhaineann le leanaí a uchtáil agus feidhm dlí a thabhairt don Choinbhinsiún um Chosaint Leanaí agus Comhar i leith Uchtála Idir Tíortha.
Tá Údarás Uchtála na hÉireann tiomanta do phríobháideachas a chosaint. Sa Ráiteas Príobháideachais seo, insítear duit faoi do chearta chun príobháideachais agus leagtar amach an chaoi a ndéanaimid, mar Rialaitheoir Sonraí, sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil:
1. Mar chuid dár Seirbhísí Uchtála Ginearálta, faoi
- Cuairteoirí chuig ár suíomhanna gréasáin.
- Daoine a ndéanaimid cumarsáid nó idirghníomhaíocht leo le linn dóibh ár seirbhísí a chur ar fáil.
- Daoine a dtugtar a sonraí pearsanta dúinn i ndáil le cur ar fáil ár seirbhísí, bíodh sin go díreach nó go hindíreach.
- Daoine a fhreastalaíonn ar imeachtaí a eagraímid.
- Daoine atá fostaithe ag soláthróirí earraí nó seirbhísí, nó páirtithe a thairiscíonn earraí nó seirbhísí.
Léirítear i dTábla a thíos an chaoi a n-úsáidimid do shonraí pearsanta chun ár Seirbhísí um Fhaisnéis agus Rianú Breithe a fheidhmiú.
2. Mar chuid den Chlár um Shainroghanna Teagmhála
- Daoine a ndéanaimid a sonraí a bhailiú agus a phróiseáil chun an Clár um Shainroghanna Teagmhála (ar a dtugtar an "CPR" freisin) a oibriú agus chun iarratais ar rochtain ar fhaisnéis bhreithe agus nó seirbhísí rianaithe a phróiseáil.
- Cuireadh an CPR ar bun faoi dhlí a rith an tOireachtas dar teideal an tAcht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022. Faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022, is é an tÚdarás Uchtála atá freagrach as an CPR a chur ar bun agus a choimeád ar bun.
- Is é an phríomh-fheidhm atá ag an CPR ná cur ar chumas daoine de theaghlaigh a ndéanann uchtáil difear dóibh teagmháil a dhéanamh lena chéile. Feidhmíonn an CPR mar bhealach chun ‘sainrogha teagmhála’ a chlárú, i ndáil le gaolta breithe, daoine uchtaithe agus daoine sonraithe eile, lena n-áirítear iarraidh ar phríobháideachas. Is féidir le hiarratasóirí ar an gclár earraí a thaisceadh (litir, grianghraf etc.) do dhuine sonraithe (e.g. duine uchtaithe nó tuismitheoir breithe). San Údarás Uchtála, tugaimid ‘iarratasóirí’ ar dhaoine a úsáideann an CPR. Mar iarratasóir, is féidir leat a insint dúinn ar an bhfoirm iarratais cé mhéad teagmhála le do ghaol atá uait.
- Más duine uchtaithe tú, nó duine den teaghlach breithe, caomhnóir, cúramóir nó cara le duine uchtaithe, is féidir leat roghnú do mhionsonraí a chur leis an CPR. Is féidir leat: (i) na daoine ar mhaith leat teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl, (ii) na daoine is mian leat faisnéis a chomhroinnt leo a chur in iúl, an cineál teagmhála is mian leat a roghnú, agus (iii) roghnú gan aon teagmháil a dhéanamh. Féach an bhileog eolais faoin CPR chun tuilleadh eolais a fháil faoi na daoine atá in ann a mionsonraí a chur leis an CPR, agus faoin bpróiseas cláraithe.
An fhaisnéis a bhailímid
Ciallaíonn “sonraí pearsanta” faisnéis ar bith faoi dhuine a fhágann gur féidir an duine sin a shainaithint. Ní bhailímid aon sonraí pearsanta fút ar ár suíomh gréasáin, seachas faisnéis a thugann tú dúinn go deonach (mar shampla, trí ríomhphost a sheoladh chugainn, nó ár bhfoirmeacha teagmhála gréasáin a úsáid, mar a leagtar amach inár mBeartas Fianán).
Agus ár seirbhísí á soláthar againn, seans go bhfaighimis sonraí pearsanta go díreach agus go hindíreach, lena n-áirítear ón nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla), Gníomhaireachtaí Uchtála, Ranna Rialtais, comhlachtaí neamhreachtúla, mar shampla cuallachtaí reiligiúnacha a mbeadh taifid acu d’fhaisnéis faoi bhreitheanna agus tús saoil daoine, agus foinsí a bhfuil rochtain phoiblí orthu.
Áirítear le catagóirí sonraí pearsanta den sórt sin: ainmneacha tuismitheoirí uchtaíocha agus tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha, tuismitheoirí breithe, daoine uchtaithe; seoltaí; faisnéis teagmhála; sonraí sláinte; sonraí géiniteacha; creidimh reiligiúnacha; stádas pósta; sonraí faoi chiontuithe coiriúla nó coireanna, agus faisnéis eile a bhaineann le soláthar ár seirbhísí.
Agus na feidhmeanna a bhaineann leis an CPR á ndéanamh againn, mar chuid de na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid tá an fhaisnéis a thugann tú nuair a líonann tú isteach foirm iarratais CPR; aon fhaisnéis bhreise a thugann tú dúinn; faisnéis a fhaighimid ó thríú páirtí, mar shampla Tusla; faisnéis a fhaighimid ónár gcomhaid agus taifid féin. Go háirithe:
- d’ainm,
- do dháta breithe,
- do sheoladh agus mionsonraí teagmhála eile;
- do stádas mar dhuine uchtaithe nó duine ábhartha eile, gaol breithe, tuismitheoir uchtaíoch, caomhnóir, cúramóir nó cara;
- ainmneacha tuismitheoirí breithe, gaolta breithe agus caomhnóir ábhartha duine uchtaithe, nó duine ábhartha eile (nuair is infheidhme agus más eol sin);
- an áit inar cuireadh cúram ar fáil mar chuid de shocrú cúraim do dhuine uchtaithe nó do dhuine ábhartha eile (más eol sin);
- an cumann uchtála a d’eagraigh an uchtáil (más eol sin);
- do shainroghanna teagmhála;
- aon fhaisnéis eile a roinneann tú linn, ina measc sonraí sláinte; sonraí géiniteacha; creidimh reiligiúnacha; stádas pósta; agus cineálacha eile faisnéise a bhaineann leatsa nó le do ghaol breithe nó le duine uchtaithe;
- na doiciméid aitheantais a chuireann tú ar fáil nuair a líonann tú isteach an fhoirm iarratais CPR;
- mionsonraí faoin ngaol breithe, na gaolta breithe nó faoin duine uchtaithe is mian leat teagmháil a dhéanamh leo;
- mionsonraí fút a bheadh roinnte ag duine uchtaithe nó duine ábhartha eile, gaol breithe, tuismitheoir uchtaíoch, caomhnóir, cúramóir nó cara;
- cibé an bhfuil seisiún faisnéise déanta le duine uchtaithe i ndáil le tuismitheoir; agus
- aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais a cheangal orainn a thaifeadadh ar an CPR, de réir rialacháin. Mura gcuireann tú na sonraí pearsanta a iarraimid ar fáil dúinn, seans nach mbeimid in ann ár seirbhísí a chur ar fáil duit, ná freagra a thabhairt ar aon cheist nó iarraidh a chuireann tú ar aghaidh chugainn ar ár suíomh gréasáin, ar an teileafón, ar ríomhphost nó i scríbhinn. Inseoimid duit nuair a iarraimid sonraí pearsanta cibé an ceanglas conarthach atá i gceist nó an bhfuil gá leo chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.
Tábla B
Sonraí a choinneáil
- Sainordaítear le hAlt 44 (1) den Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022 go ndéanfaidh an tÚdarás na ‘taifid ábhartha’ go léir atá ina sheilbh, nó a fhaigheann sé, a choinneáil agus a chothabháil, ón dáta a leagtar amach in I.R. Uimh. 448/2022 i.e. an 3 Deireadh Fómhair 2022.
- Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach amháin a fhad is gá chun na gcríoch ar ar bailíodh iad; mar a cheanglaítear leis an dlí, agus chun éilimh dhlíthiúla arna dtionscnamh againn nó inár n-aghaidh a fheidhmiú nó a chosaint.
- Ní choinneoimid sonraí pearsanta faoi iarratasóir ar phost níos faide ná bliain. Ní choinneofar aon sonraí sláinte a bhaileofar i gcomhthéacs eipidéim nó paindéim sláinte a bhainistiú ach amháin a fhad is gá agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta ó am go ham i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla agus dea-chleachtas.
- Aon doiciméid aitheantais a chuireann tú ar fáil dúinn nuair a dhéanann tú iarratas CPR nó Faisnéis Bhreithe, déanfar iad a léirscriosadh nuair a bheidh do chéannacht fíoraithe againn. Mar shampla, maidir le hainm agus mionsonraí pearsanta gaolmhara, lena n-áirítear mionsonraí teagmhála agus sainroghanna teagmhála, a chuirtear ar fáil dúinn ar fhoirmeacha iarratais CPR, fanfaidh siad ar an CPR go buan ach amháin i gcás go scríobhann tú chugainn ag iarraidh orainn iad a athrú nó a bhaint. Cuimhnigh teagmháil a dhéanamh linn má thagann aon athrú ar do mhionsonraí teagmhála (féach 'Déan Teagmháil Línn' thíos).
D’fhaisnéis a nochtadh
Féadfaimid do shonraí pearsanta a nochtadh do:
- Tríú páirtí a chuireann seirbhís ar fáil dúinn, lena n-áirítear Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO), Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (CSSO), comhairleoirí dlí eile agus iniúchóirí a chuireann seirbhís ar fáil dúinn.
- Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Gníomhaireachtaí Uchtála Creidiúnaithe, an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais (DCDE); an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO) sa Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus aon tríú páirtí eile nuair is gá chun ár bhfeidhmeanna a fheidhmiú faoi na hAchtanna Uchtála, 2010 (arna leasú), an tAcht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022 nó faoi dhlíthe eile is infheidhme.
- Maidir leis an CPR, féadfaimid sonraí pearsanta, lena n-áirítear mionsonraí teagmhála, atá taifeadta sa CPR a roinnt le gaolta breithe nó le daoine sonraithe eile i gcás ina bhfuil ‘meaits’ déanta le hiontráil atá ar an CPR cheana féin. D’fhéadfadh sainrogha teagmhála, mionsonraí teagmhála (i gcás inar cuireadh in iúl mar shainrogha teagmháil a dhéanamh leis an duine ábhartha) agus aon earraí a taisceadh linn lena roinnt leis an duine ábhartha a bheith san áireamh leis sin. Más tusa an duine atá ag déanamh an t-iarratas ar fhaisnéis ar an CPR nó ar sheirbhísí rianaithe, féadfar do mhionsonraí teagmhála a roinnt le gaolta ábhartha nó le daoine sonraithe eile ar an CPR i gcás ina bhfuil meaits déanta.
- Tríú páirtí i gcás ina bhfuil sé de dhualgas orainn do shonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt d’fhonn cloí le haon oibleagáid dhlíthiúil nó ordú cúirte, mar shampla an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (SCA), An Garda Síochána, an tSeirbhís Chúirteanna, an Bord um Réiteach Díobhálacha Pearsanta (PIRB), an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC), Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OIC) Cartlann Náisiúnta na hÉireann (NAI) agus Oifig an Phríomhoifigigh Bhreithiúnachta (OCDO) de chuid Fheidhmeannas na Scéime Íocaíochta um Árais Mháithreacha is Leanaí.
- Coimisiún nó Binse Fiosrúcháin a n-áirítear taifid arna gcoinneáil ag an Údarás Uchtála ina dtéarmaí tagartha.
- Tríú páirtí nuair is gá chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint. Mar shampla, d’fhéadfadh ár nOifigeach Leighis a chur in iúl dúinn go bhfuil sé tábhachtach faisnéis leighis áirithe a thabhairt do dhuine. Déanfaimid iarracht do thoiliú a lorg roimh faisnéis leighis den sórt sin a thabhairt do thríú páirtí, ach amháin i gcás nach féidir leat toiliú a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil nó i gcás nach féidir linn teacht ort.
- Tríú páirtí a thairiscíonn dúinn nó a chuireann seirbhísí nó earraí ar fáil dúinn.
Aistrithe
A mhéid teoranta is gá sonraí pearsanta a aistriú amach as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, cinnteoimid go mbeidh coimircí cuí i bhfeidhm chun príobháideachas agus sláine sonraí pearsanta den sórt sin a chosaint, lena n-áirítear clásail chonarthacha chaighdeánacha faoi Airteagal 46.2 RGCS nó cinneadh leordhóthanachta faoi Airteagal 45 maidir le RGCS.
Déan teagmháil linn más mian leat faisnéis faoi choimircí den sórt sin a fháil (féach Déan Teagmháil Línn thíos).
Naisc chuig suíomhanna gréasáin eile
D’fhéadfadh naisc chuig suíomhanna gréasáin eile agus uathu a bheith ar ár suíomh gréasáin ó am go ham. Má leanann tú nasc chuig aon cheann de na suíomhanna gréasáin sin, tabhair ar aird go bhfuil a mbeartais phríobháideachais féin ag na suíomhanna gréasáin sin, agus nach nglacaimid freagracht as na beartais sin ná dliteanas ina leith.
Seiceáil na beartais sin sula gcuireann tú aon sonraí pearsanta ar aghaidh chuig na suíomhanna gréasáin sin.
Do chearta
Tá sé de cheart agat rochtain ar do shonraí pearsanta a iarraidh, nó a iarraidh go ndéanfaí iad a cheartú nó a léirscriosadh, nó go gcuirfí srian le próiseáil. Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne sonraí pearsanta a bhaineann leat a phróiseáil, agus tá an ceart chun iniomparthacht sonraí agat. I ngach cás, tá na cearta sin faoi réir ag srianta a leagtar síos le dlí. Seo a leanas achoimre ar do chearta:
- Cuireann an ceart ar rochtain ar do chumas cóip de do shonraí pearsanta a fháil.
- Cuireann an ceart go ndéanfaí ceartúcháin ar do chumas aon sonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán atá againn fút a cheartú.
- Cuireann an ceart go ndéanfaí léirscriosadh ar do chumas iarraidh orainn do shonraí pearsanta a léirscriosadh i gcúinsí ábhartha.
- Cuireann an ceart go gcuirfí srian le próiseáil ar do chumas iarraidh orainn stop a chur le próiseáil do shonraí pearsanta i gcúinsí áirithe.
- Cuireann an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne sonraí pearsanta a bhaineann leat a phróiseáil i gcás ina ndéantar an phróiseáil chun leas an phobail agus i gcás ina ndéantar an phróiseáil faoi údarás oifigiúil.
- Cuireann an ceart chun iniomparthacht sonraí ar do chumas iarraidh orainn sonraí pearsanta a thug tú dúinn a chur ar aghaidh chuig tríú páirtí gan bhac, nó cóip dóibh a thabhairt duit ionas go bhféadfaidh tú iad a chur ar aghaidh chuig tríú páirtí, nuair is féidir sin go teicniúil.
Do chearta a shrianadh
Tá an tAcht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022 laistigh de chreat an RGCS. Ar an gcaoi chéanna leis an RGCS déanann sé foráil do rochtain ar fhaisnéis phearsanta, ach murab ionann agus an RGCS, déanann sé foráil do rochtain faoi ráthaíocht agus neamhfholaithe ar an tsraith faisnéis a chuimsítear leis an reachtaíocht seo.
D’fhonn oibriú éifeachtach an Achta um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022 a chinntiú, tá srian ar chearta agus oibleagáidí áirithe dá ndéantar foráil san RGCS.
Mar a shonraítear in Alt 68 den Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022, maidir leis na cearta agus oibleagáidí dá ndéantar foráil sna hAirteagail seo a leanas den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, a mhéid a bhaineann na cearta agus oibleagáidí sin le próiseáil sonraí pearsanta agus catagóirí speisialta sonraí pearsanta ag duine faoi Acht 2022, tá siad srianta a mhéad is gá agus is comhréireach chun a chur ar chumas an duine a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú faoin Acht seo:
- Airteagal 14 – oibleagáid gur cheart do Rialaitheoir Sonraí faisnéis a chur ar fáil don ábhar sonraí i gcás nach bhfuil sonraí pearsanta faighte ón ábhar sonraí;
- Airteagal 17 – an ceart go ndéanfaí léirscriosadh
- Airteagal 18 – an ceart go gcuirfí srian le próiseáil;
- Airteagal 21 – an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála.
- Beidh srianadh coimhdeach ag Airteagal 12 de bharr srianta na n-airteagal seo.
Is mar seo a leanas an réasúnú do na srianta sin:
Airteagal 14 – an oibleagáid gur cheart do Rialaitheoir Sonraí faisnéis a chur ar fáil don ábhar sonraí i gcás nach bhfuil sonraí pearsanta faighte ón ábhar sonraí.
- Bheadh sé beagnach dodhéanta do Rialaitheoir Sonraí cloí leis an oibleagáid seo i bhfianaise cineál stairiúil na dtaifead, méid agus éagsúlacht na dtaifead agus na noirm sóisialta agus cleachtais riaracháin a bhí i bhfeidhm an tráth ar cruthaíodh iad.
- Is taifid a bhailigh an Rialaitheoir Sonraí a bheidh i roinnt de na taifid, mar shampla an comhad uchtála a choinnigh an tÚdarás Uchtála. I gcásanna eile, mar shampla taifid de chuid Teaghlach Contae nó cumann uchtála, is é an tÚdarás an Rialaitheoir Sonraí anois. Mar sin féin, ba iad na hoird rialta nó údaráis áitiúla ábhartha a chruthaigh na taifid.
Airteagal 17 - An ceart go ndéanfaí léirscriosadh
- Níl feidhm ag an ceart go ndéanfaí léirscriosadh maidir le sonraí faoin Acht. Braitheann an tAcht ar fhaisnéis atá i láthair ar thaifid a scaoileadh agus tá an cumas sonraí a léirscriosadh contrártha leis sin.
- Leagtar amach in Airteagal 17(3) RGCS na díolúintí nach bhfuil feidhm ag an gceart go ndéanfaí léirscriosadh maidir leo, agus tá feidhm ag an díolúine a leagtar amach in 17 (3) (b) maidir le sonraí faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022.
I gcás ina dtagann ábhar sonraí ar an eolas faoi mhíchruinneas, is féidir iarratas a dhéanamh chuig an Rialaitheoir Sonraí de bhun Airteagal 16, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, trí bhíthin ráiteas forlíontach a chur ar fáil.
Airteagal 18 – An ceart go gcuirfí srian le próiseáil
- D’fhéadfadh gur mian le tuismitheoir a ainmnítear sna taifid srian a chur le próiseáil ar an bhforas go gcreideann siad go bhfuil míchruinneas iontu. Is faoin Rialaitheoir Sonraí a bheadh sé ansin cruinneas nó míchruinneas an taifid stairiúil is ábhar díospóide a fhíorú agus a chinntiú go gcuirfí srian le haon phróiseáil ar na sonraí a fhad a bheadh an fíorú sin ar siúl.
- D’fhéadfadh an fíorú a bheith go hiomlán dodhéanta nó thar a bheith deacair agus dochraideach i dtéarmaí taifead stairiúil. Le linn an ama a bhfuil na fíoruithe á ndéanamh ag an Rialaitheoir Sonraí, ní féidir na sonraí a phróiseáil agus beidh impleachtaí aige sin d’iarratas a rinne duine uchtaithe.
- I gcásanna nach féidir cruinneas a fhíorú nó go bhfuil sé fós faoi chonspóid, d’fhéadfadh srianadh fada agus éiginnte a bheith i gceist, nach féidir cearta an pháirtí eile chun faisnéis faoina bhunús (i.e. an t-iarratasóir) a chosaint lena linn.
D’fhéadfaí a thabhairt ar aird nach bhfuil srianadh leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin agus, dá bharr sin, bheadh duine a mbeadh imní orthu faoi mhíchruinneas ar thaifead stairiúil in ann ceartúchán a iarraidh, mar shampla trí ráiteas soiléirithe a chur ar fáil lena chur leis an taifead.
Airteagal 21 – An ceart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála
- Is é príomh-chuspóir reachtaíocht an Achta um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022 ná ceart duine a bhunús nó a bunús a bheith ar eolas aige nó aici a chumhdach sa dlí, agus foráil a dhéanamh do theastas breithe agus faisnéis bhreithe a scaoileadh do dhaoine uchtaithe agus do dhaoine eile i ngach cás.
- Trí shrianadh a chur leis an gceart seo faoi Airteagal 21 RGCS, ní bheidh oibleagáid ar Rialaitheoirí Sonraí a thuilleadh iarratais ar agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála a bhreithniú ar bhonn cás-ar-chás, agus laghdóidh sé sin moilleanna agus baic ar fhaisnéis faoi bhunús a scaoileadh do dhuine uchtaithe.
Tá sé de cheart agat do thoiliú lenár bpróiseáil ar do shonraí pearsanta a tharraingt siar am ar bith (gan éifeacht ar dhleathacht na próiseála bunaithe ar thoiliú roimh é a tharraingt siar), i gcúinsí ina mbraithimid ar an mbunús dlí seo chun do shonraí a phróiseáil, mar shampla, an CPR.
Ina theannta sin, maidir leis an CPR, tá na cearta sonracha seo a leanas agat faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022:
- an ceart chun iarraidh ar an Údarás Uchtála aon iontráil a rinneadh sa CPR maidir leat a chealú; agus
- an ceart chun iarraidh ar an Údarás Uchtála aon fhaisnéis in iontráil sa CPR maidir leat a leasú nó a scriosadh (ach amháin i gcás gur tionóladh seisiún faisnéise, más infheidhme).
Más mian leat aon cheann de na cearta sin a fheidhmiú, déan teagmháil linn (féach Déan Teagmháil Linn thíos)
Slándáil agus an áit a stórálaimid do shonraí pearsanta
Táimid tiomanta slándáil do shonraí pearsanta a chosaint. Úsáidimid teicneolaíochtaí éagsúla, mar chliaint d’Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO) agus úsáidimid nósanna imeachta chun cabhrú le do shonraí pearsanta a chosaint ar rochtain agus úsáid neamhúdaraithe.
D’ainneoin a éifeachtaí atá cleachtais slándála nua-aimseartha, níl córas slándála fisiciúil ná leictreonach ar bith go hiomlán slán. Ní féidir linn slándáil iomlán ár mbunachair sonraí a dhearbhú, ná ní féidir le dearbhú a thabhairt nach ndéanfar faisnéis a chuireann tú ar fáil a idircheapadh agus í á tarchur chugainn ar an idirlíon. Is ar do phriacal féin atá aon tarchur sonraí pearsanta.
Tá treoirlínte inmheánacha diana curtha i bhfeidhm againn lena chinntiú go ndéantar príobháideachas a chosaint ar gach leibhéal dár n-eagraíocht. Leanfaimid orainn ag athbhreithniú beartas agus cuirfimid gnéithe slándála breise i bhfeidhm de réir mar a bheidh fáil ar theicneolaíochtaí nua.
Athruithe ar an Ráiteas Príobháideachais seo
Tá an ceart ar chosaint againn an Ráiteas Príobháideachais seo a athrú ó am go ham dár lánrogha féin. Má dhéanaimid aon athrú, foilseoimid na hathruithe sin anseo agus déanfaimid an dáta don “nuashonrú is déanaí” ag bun an Ráitis Phríobháideachais seo a nuashonrú. Mar sin féin, má dhéanaimid athruithe ábhartha ar an Ráiteas Príobháideachais seo, cuirfimid ar an eolas tú le fógra feiceálach ar an suíomh gréasáin sula gcuirfear an t-athrú i bhfeidhm. Déan athbhreithniú ar an Ráiteas Príobháideachais seo go tráthrialta, le do thoil, chun nuashonruithe a fheiceáil.
Gearáin
Tá sé de cheart agat gearán a thaisceadh le hÚdarás um Chosaint Sonraí, go háirithe sa Bhallstát ina chónaíonn tú, i d’ionad oibre nó san áit ina a ndearnadh sárú líomhnaithe, má mheasann tú go sáraíonn próiseáil do shonraí pearsanta an RGCS. In Éirinn, is é An Coimisiún um Chosaint Sonraí an tÚdarás sin.
Déan Teagmháil Linn
Tá ár nOifigeach um Chosaint Sonraí (DPO) ar fáil chun aon cheist a bheadh agat faoi chosaint sonraí agus príobháideachas a fhreagairt.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an DPO ag dataprotection@aai.gov.ie nó i scríbhinn ag:
Údarás Uchtála na hÉireann
Teach Shíol Bhroin
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath
D04H6F6
Déanfaimid ár ndícheall aon ábhar imní a bheadh ort faoin gcaoi a gcosnaímid do phríobháideachas agus do shonraí pearsanta a réiteach go tapa.
An nuashonrú is déanaí: 09 Eanáir 2026