Fianáin
Baineann Údarás Uchtála na hÉireann úsáid as “fianáin” chun feabhas a chur ar d'eispéireas brabhsála ar ár suíomh gréasáin. Ba chóir an Beartas Fianán seo a léamh in éineacht lenár Ráiteas Príobháideachais.
CAD IS FIANÁN ANN?
Is comhad beag sonraí é ‘fianán’ a chuirtear ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste (“gléas”). Fágann sé gur féidir le suíomh gréasáin cuimhneamh ar do ghníomhartha nó do chuid sainroghanna go dtí go scriosfar an fianán nó go rachaidh sé in éag. Tá cuid de na fianáin a úsáidimid riachtanach chun go n-oibreoidh ár suíomh gréasáin. Bainimid úsáid as roinnt fianáin neamhriachtanacha freisin chun faisnéis a bhailiú a chabhróidh linn an suíomh gréasáin a fheabhsú.
Déantar fianáin a stóráil ar feadh tréimhsí éagsúla ama ar do bhrabhsálaí nó ar do ghléas. De ghnáth scriostar fianáin seisiúin ó do ríomhaire nó ó do ghléas nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí. Stórálfar fianáin bhuana ar do ríomhaire nó ar do ghléas go dtí go scriosfar iad nó go dtí a ndáta éaga mar a leagtar amach sna táblaí thíos.
CINEÁLACHA FIANÁN A ÚSÁIDTEAR
Leagtar amach thíos na fianáin a úsáidimid, a gcuspóir, a bhfad ré agus cibé acu is muidne nó tríú páirtí a chuireann i bhfeidhm iad. Tugtar fianáin céad pháirtí ar roinnt fianán, rud a chiallaíonn gur ónár bhfearann féin a thagann siad. Is fearann eile seachas ár suíomh gréasáin féin a shocraíonn na fianáin tríú páirtí. Clúdaíonn beartais fianán na dtríú páirtithe na fianáin tríú páirtí.
CONAS FIANÁIN A DHIÚLTÚ?
Is féidir leat na roghanna fianán a roghnaigh tú a athrú sna Socruithe Fianán nuair a thug tú cuairt ar ár suíomh Gréasáin den chéad uair. Cliceáil ar an deilbhín atá inrochtana go buan ag bun na láimhe clé dár suíomh Gréasáin. B’fhéidir go mbeidh ort do leathanach a athnuachan le go dtiocfaidh do shocruithe i bhfeidhm.
Nó ceadaítear roinnt socruithe a athrú i gcás go leor fianán i bhformhór na mbrabhsálaithe gréasáin. D'fhéadfadh sé, áfach, go gcuirfí isteach ar do bhrabhsáil má chastar na fianáin as. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin, cosúil le conas na fianáin atá socraithe a fheiceáil agus conas iad a bhainistiú agus a scriosadh, tabhair cuairt ar https://allaboutcookies.org
Faigh amach conas fianáin a bhainistiú ar bhrabhsálaithe coitianta:
Chun rianú Google Analytics a dhiúltú ar gach suíomh gréasáin, tabhair cuairt ar http://tools.google.com/dlpage/gaoptout
ATHRUITHE AR AN mBEARTAS SEO
Forchoimeádaimid an ceart an Beartas Fianán seo a athrú ó am go ham de réir mar a shocraímid féin. Má dhéanaimid aon athrú, cuirfimid na hathruithe sin in iúl anseo agus déanfaimid an dáta “Nuashonrú is Déanaí” a athrú ag bun an Bheartais Fianán seo. Má dhéanaimid athruithe ar ábhar an Bheartais Fianán seo, áfach, cuirfimid ar an eolas thú trí fhógra feiceálach a chur ar ár suíomh gréasáin sula dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm.
TÉIGH I dTEAGMHÁIL LINN
Má tá aon cheist agat maidir lenár mBeartas Fianán, déan teagmháil linn i scríbhinn, ar an ríomhphost nó ar an teileafón:
Údarás Uchtála na hÉireann
Teach Shíol Bhroin
Bóthar Shíol Bhroin
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
D04 H6F6
Éire
Ríomhphost: dataprotection@aai.gov.ie
Teileafón: 01 2309 300 (Rogha 6)