Gearáin
Leis an nós imeachta gearán seo, tugtar deis do dhuine ar bith a fhaigheann seirbhísí uchtála gearán a dhéanamh faoi ghníomhartha nó mainneachtainí Údarás Uchtála na hÉireann. Cuimsíonn an córas gearán comhlachtaí creidiúnaithe cláraithe a sholáthraíonn seirbhísí éagsúla a bhaineann le huchtáil chomh maith.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic
Cad is féidir gearán a dhéanamh faoi?
Is féidir gearán a dhéanamh faoi aon ghníomh a dhéanann an tÚdarás nó comhlacht creidiúnaithe:
- a dhealraítear nach cleachtas riaracháin cóir nó iontaofa é, i do thuairim, agus
- a bhfuil éifeacht dhiúltach aige ortsa nó ar dhuine a bhfuil gearán á dhéanamh agat thar a cheann nó thar a ceann.
Cad is cleachtas riaracháin cóir nó iontaofa ann?
Ciallaíonn cleachtas riaracháin an bealach a dhéantar cinntí agus a oibríonn seirbhísí. Faoin gcóras gearán, ní mheastar cleachtas riaracháin a bheith cóir nó iontaofa sa chás:
- go ndéantar é gan údarás cuí;
- go ndéantar é ar fhorais neamhábhartha;
- go ndearnadh é mar thoradh ar fhaillí nó neamh-aire;
- go bhfuil sé bunaithe ar fhaisnéis mhícheart nó neamhiomlán;
- go bhfuil sé idirdhealaitheach go míchuí;
- go bhfuil sé bunaithe ar chleachtas riaracháin neamh-inmhianaithe; nó
- go bhfuil sé, in aon tslí eile, contrártha do riaradh cóir nó fónta.
Cé hiad na daoine ar féidir leo gearán a dhéanamh?
Is féidir le haon duine dá ndéantar difear gearán a dhéanamh. Murar féidir leat gearán a dhéanamh thar do cheann féin mar gheall ar d’aois, breoiteacht nó míchumas, is féidir leat duine éigin eile a ainmniú chun an gearán a dhéanamh thar do cheann, mar shampla:
- neasghaol;
- aon duine a cheapann an dlí nó na cúirteanna chun aire a thabhairt do do ghnóthaí;
- ionadaí dlíthiúil; nó
- aon duine eile, le toiliú uaitse.
Cad iad na gearáin nach gcuimsítear iad?
- Ábhar atá nó a bhí ina ábhar d'imeachtaí dlíthiúla os comhair cúirte nó binse;
- Ábhar a bhaineann le cinneadh an Údaráis agus a fheidhmeanna reachtúla á gcomhlíonadh aige agus sin amháin (mar shampla, iarratas ar ordú uchtála nó iarratas ar iontráil i gClár na nUchtálacha Idir Tíortha);
- Ábhar a bhaineann le fostaí an Údaráis a earcú nó a cheapadh tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, nó le téarmaí agus coinníollacha an fhostaí sin;
- Ábhar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’imscrúdú arna dhéanamh ag An Garda Síochana;
- Ábhar a tugadh os comhair aon nós imeachta gearán reachtúil eile.
An tslí le gearán a dhéanamh
Más mian leat gearán a dhéanamh faoin Údarás, ba cheart duit iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach go háitiúil ar dtús. Ciallaíonn sé sin an gearán a chur faoi bhráid an duine atá i gceannas ar an tseirbhís, mar shampla bainisteoir an Aonaid san Údarás atá i gceist nó an príomh-oibrí sóisialach (má bhaineann an gearán le hoibrí sóisialach de chuid an Údaráis). Tá deich n-aonad riaracháin ag an Údarás. Is iad sin,
- Aonad na dTaifead - records@aai.gov.ie
- An tAonad Uchtála Baile - domestic@aai.gov.ie
- An tAonad Uchtála Idir Tíortha - intercountry@aai.gov.ie
- An Fhoireann Oibre Sóisialta - sw@aai.gov.ie
- Seirbhísí Corparáideacha - corporate@aai.gov.ie
- An tAonad Cosanta Sonraí - dataprotection@aai.gov.ie
- Acmhainní Daonna - hr@aai.gov.ie
- Taighde - AAI_Research@aai.gov.ie
- Aonad na gCartlann - archives@aai.gov.ie
- An tAonad Saorála Faisnéise - foi@aai.gov.ie
Beifear in ann an t-imscrúdú ar do ghearán a dhéanamh níos tapúla má chuireann tú na mionsonraí seo a leanas ar fáil:
- D’ainm, do sheoladh agus do sheoladh ríomhphoist
- Cad go díreach a raibh tú míshásta faoi
- Ainm an oifigigh nó na rannóige ar phléigh tú leo
- Uimhir ghutháin a úsáideann tú i rith an lae.
Beidh ort do ghearán a dhéanamh i scríbhinn agus an oiread mionsonraí agus is féidir a thabhairt. Tabharfar admháil i scríbhinn go bhfuarthas gearáin laistigh de chúig lá oibre agus déanfaidh oifigeach gearán an gearán a imscrúdú laistigh de 30 lá. Má tá níos mó ná 30 lá i gceist leis an imscrúdú a dhéanamh, coinneoidh an t-oifigeach gearán ar an eolas tú faoin dul chun cinn ar do ghearán gach 20 lá oibre.
Tar éis an imscrúdaithe, gheobhaidh tú freagra i scríbhinn ar do ghearán agus cuirfear in iúl duit go bhfuil sé de cheart agat athbhreithniú inmheánach ar mholadh/moltaí an oifigigh ghearán a iarraidh. Cuirfear in iúl duit freisin go bhfuil sé de cheart agat gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman nó chuig an Ombudsman do Leanaí.
- Caithfear le gach gearán go pras, go cóir, go neamhchlaonta agus go rúnda;
- Coinneoimid taifid de ghearáin ar leithligh ó thaifid eile
- Cinnteoimid nach n-úsáidfear aon ghearán a rinne tú de mheon macánta le d'aimhleas amach anseo
- Déanfaimid gach iarracht foghlaim ó bhotúin lena chinntiú nach ndéanfar na hearráidí sin arís.