Cairt Custaiméirí
An misean atá againn ná soláthar seirbhísí a bhaineann le huchtáil ar an gcaighdeán is airde is féidir a chinntiú, le linn an phróisis uchtála ar feadh an tsaoil, le leas is fearr an linbh agus an duine óig mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach.
Tá Údarás Uchtála na hÉireann tiomanta do sheirbhís ghairmiúil, éifeachtúil agus chúirtéiseach a sholáthar dár gcustaiméirí go léir, de réir an 12 Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí do ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí. Caithfimid le gach custaiméir go cothrom agus déanfaimid gach iarracht a chinntiú go bhfreagraíonn na seirbhísí a chuirimid ar fáil do do riachtanais agus do d’ionchais.
Maidir leis an gCairt Custaiméirí
Is ionann an Chairt Custaiméirí seo agus ráiteas poiblí Údarás Uchtála na hÉireann faoi na leibhéil seirbhíse a bhféadfaidh custaiméirí a bheith ag súil leo agus iad ag plé leis an Údarás Uchtála. Ní dhéantar iarracht sa chairt na feidhmeanna agus na seirbhísí go léir a sholáthraíonn an tÚdarás Uchtála a chuimsiú, ach tugtar breac-chuntas ar ár ngealltanas duitse, an custaiméir, agus déantar cur síos ar:
- na leibhéil seirbhíse a bhfuil tú i dteideal a bheith ag súil leo nuair a dhéanann tú teagmháil leis an Údarás Uchtála
- an tslí a bhféadfaidh do thuairimí cabhrú lenár seirbhís a fheabhsú
- an tslí le tuilleadh eolais a fháil nó gearán a dhéanamh
- an tslí le teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Uchtála.
An méid is féidir a bheith ag súil leis nuair a dhéanann tú teagmháil leis an Údarás Uchtála
- Cé acu a dhéanann tú teagmháil leis an Údarás Uchtála i scríbhinn, ar an teileafón, ar ríomhphost nó ar an láthair, pléifimid le d’fhiosrúchán go héifeachtúil agus go pras, agus caithfimid leat le cúirtéis agus meas.
- Má bhaineann d’fhiosrúchán le hábhar a thagann faoi shainchúram chomhlacht poiblí eile, déanfaimid iarracht d’fhiosrúchán a chur ar aghaidh chuig an gcomhlacht sin agus tú a chur ar an eolas dá réir.
- De bharr ról Údarás Uchtála na hÉireann mar chomhlacht gar-bhreithiúnach, is féidir linn faisnéis faoi chúrsaí uchtála a sholáthar, ach ní féidir linn comhairle a sholáthar. Ba cheart comhairle a lorg, má theastaíonn sí, ó chleachtóir dlí neamhspleách a bhfuil taithí aige nó aici ar dhlí teaghlaigh.
Teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Uchtála
Trí litir nó ríomhphost a scríobh chugainn
- Déantar an comhfhreagras go léir a fhaightear tríd an bpost a thaifeadadh agus a scaipeadh ar na rannóga ábhartha gach maidin.
- Tá seoladh ríomhphoist ag gach rannóg a eisíonn admháil uathoibríoch go bhfuarthas do ríomhphost.
- Déantar monatóireacht ar bhosca isteach gach rannóige ar bhonn laethúil agus déanfaimid gach iarracht admháil go bhfuarthas do ríomhphost a sheoladh chugat laistigh de dhá lá oibre.
- I gcás nach féidir freagra cinntitheach a sheoladh leis an admháil, seolfar freagra chugat laistigh de 10 lá oibre.
- Déanfaimid gach iarracht admháil a sheoladh maidir le gach comhfhreagras laistigh de dhá lá oibre ón dáta a bhfaightear an comhfhreagras.
- I gcás nach féidir freagra deiridh a sheoladh leis an admháil, seolfar freagra iomlán chugat laistigh de 10 lá oibre. I gcás nach féidir freagra iomlán a sheoladh laistigh de 10 lá oibre, inseoimid duit cén fáth agus cathain a fhéadfaidh tú a bheith ag súil le freagra mionsonraithe.
- Cinnteoimid go bhfuil ainm, rannóg agus mionsonraí teagmhála an bhaill foirne atá ag plé leis an gcomhfhreagras san áireamh inár gcomhfhreagras.
- A mhéid agus is féidir, beidh freagraí ar chomhfhreagras soiléir agus simplí agus saor ó théarmaí casta nó teicniúla.
- Ag brath ar chineál an fhiosrúcháin, seans go mbeidh orainn comhartha aitheantais oifigiúil a iarraidh ort (pas nó ceadúnas tiomána, mar shampla) sula seolfar freagra chugat.
Ar an teileafón
- Freagraítear ár bpríomhlíne theileafóin idir 9.30am agus 4.30pm, Luan go hAoine, seachas laethanta saoire bainc, nuair a bhíonn an oifig dúnta.
- An phríomh-uimhir theileafóin ná 01 230 9300 nó +353 1 230 9300 má tá tú ag glaoch ó áit éigin thar lear.
- Nuair a ghlaonn tú ar an bpríomh-uimhir theileafóin, treoróidh córas uathoibríoch tú chuig na haonaid éagsúla san Údarás Uchtála.
- Nuair a fhreagróimid an teileafón, tabharfaimid ár n-ainm agus ár réimse oibre duit.
- Beimid béasach agus cabhrach agus déanfaimid iarracht faisnéis shoiléir agus chruinn a thabhairt dár gcustaiméirí.
- De bharr chineál dlíthiúil agus rialála na hoibre a dhéanann an tÚdarás Uchtála, seans go mbeidh orainn iarraidh ar an nglaoiteoir an fiosrúchán a chur ar aghaidh i scríbhinn, tríd an bpost nó ar ríomhphost.
- Ag brath ar chineál an fhiosrúcháin, seans go mbeidh orainn comhartha aitheantais oifigiúil a iarraidh (pas nó ceadúnas tiomána, mar shampla), sular féidir freagra ar bith a thabhairt.
Cuairt a thabhairt ar Údarás Uchtála na hÉireann
Níl oifig phoiblí ag Údarás Uchtála na hÉireann. Is gá coinne a dhéanamh roimh ré chun cuairt a thabhairt orainn. Má tá coinne agat le cuairt a thabhairt orainn:
- Cuirfimid saoráidí oiriúnacha ar fáil do chruinnithe faoi Éisteachtaí agus Uchtáil, agus cinnteoimid go bhfuil ár n-oifigí glan agus sábháilte i gcomhréir leis na caighdeáin um Shláinte agus Sábháilteachta.
- Déanfaimid gach iarracht a chinntiú go bhfuil ár n-oifigí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
- Caithfimid le gach cuairteoir chuig an Údarás Uchtála ar bhealach béasach, cúirtéiseach agus cóir;
- Déanfaimid gach iarracht gan tú a choinneáil ag feitheamh gan ghá, agus treoróimid tú chuig do cheann scríbe go héifeachtúil agus go pras.
Cuair a thabhairt ar ár suíomh gréasáin
Tá faisnéis ar an suíomh gréasáin faoinár ngníomhaíochtaí go léir agus faoi ábhair a bhaineann le huchtáil, agus dá bharr sin, is cumarsáid ghníomhach é idir an tÚdarás Uchtála agus ár gcustaiméirí. Déanfaimid gach iarracht a chinntiú:
- go gcoinnítear an suíomh gréasáin cothrom le dáta i gcónaí.
- go bhfuil ár bhfoilseacháin soiléir, go dtugann siad aghaidh ar riachtanais na n-úsáideoirí agus go bhfuil siad le fáil ar ár suíomh gréasáin.
- go bhfuil ár suíomh gréasáin éasca le húsáid, éasca le rochtain agus éasca le nascleanúint.
- go dtugtar admháil go bhfuarthas fiosrúcháin nó gearáin a dhéantar tríd an suíomh gréasáin laistigh de 2 lá oibre, agus déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar gach fiosrúchán laistigh de 10 lá oibre.
De bharr rúndacht agus cineál reachtach na seirbhísí a sholáthraíonn an tÚdarás Uchtála, níl láithreacht ar na meáin shóisialta againn, seachas LinkedIn. Is iad LinkedIn agus an suíomh gréasáin an t-aon láithreacht ar líne atá againn.
Na leibhéil seirbhíse a bhfuil tú i dteideal a bheith ag súil leo
Comhionannas/éagsúlacht
- Tá an tÚdarás Uchtála tiomanta seirbhís a sholáthar dár gcustaiméirí a seasfaidh lena gcearta chun córa comhionainne, mar a bhunaítear leis an reachtaíocht faoi chomhionannas.
- Leanfaimid orainn ag méadú an méid eolais san eagraíocht faoi chomhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú trí oiliúint, faisnéis agus cumarsáid.
- Táimid tiomanta ár n-oibleagáidí maidir le dualgas na hearnála poiblí a chomhlíonadh faoi Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, agus go sonrach:
- Comhionannas deiseanna agus comhionannas sa tslí a gcaitear lenár bhfoireann agus leis na daoine dá soláthraímid seirbhísí a chur chun cinn; agus
- Cearta daonna ár bhfoirne agus na ndaoine dá soláthraímid seirbhísí a chosaint.
Custaiméirí faoi mhíchumas
- Déanfaimid gach iarracht a chinntiú go ndéanfar riachtanais daoine faoi mhíchumas a shainaithint agus go ndéanfar freastal iomlán orthu.
- Déanfaimid gach iarracht a chinntiú go mbeidh rochtain ar ár n-áitreabh agus ar ár seirbhísí go léir ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine eile a bhfuil riachtanais shainiúla acu.
- Cinnteoimid go gcuirfear ár gcainéil chumarsáide agus ár n-ábhair ar fáil ar bhealach atá ábhartha agus inrochtana.
Séirbhís trí mheán na Gaeilge
- Tabharfar freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras a gheofar i nGaeilge. Déanfar gach iarracht freastal ar fhiosrúcháin theileafóin i nGaeilge agus freastal ar dhaoine a thagann i láthair ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
- Déanfaidh an tÚdarás Uchtála gach iarracht freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
- Tabharfar freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras a fhaightear i nGaeilge.
- Foilseoimid príomhdhoiciméid i nGaeilge agus i mBéarla.
- Táimid tiomanta ár n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chomhlíonadh.
Seirbhís i dteangacha eile
Déanfaimid gach iarracht cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i dteangacha seachas Béarla nó Gaeilge de réir mar is gá, lena n-áirítear seirbhísí teanga comharthaíochta agus ateangairí teanga comharthaíochta a úsáid.
Soláthróirí
- Cuirfimid nósanna imeachta atá soiléir, neamhchlaonta agus trédhearcach i bhfeidhm le haghaidh tairiscintí agus ceannach, i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Soláthar Poiblí.
- Cinnteoimid go ndéantar íocaíochtaí le soláthróirí de réir na reachtaíochta agus na rialachán maidir le hÍocaíocht Phras.
Tús Áite do Leanaí
Táimid tiomanta ár n-oibleagáidí faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 a chomhlíonadh, go háirithe na gealltanais a leagtar amach sa doiciméad Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí.
Saoráil Faisnéise
Tá Údarás Uchtála na hÉireann liostaithe mar chomhlacht poiblí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Tá an tÚdarás liostaithe san Acht mar “Ghníomhaireacht a Chuimsítear go Páirteach” agus ciallaíonn sé sin go bhfuil comhaid a bhaineann le huchtáil díolmhaithe – ní chuimsítear iad – mar chuid d’iarrataí saorála faisnéise.
Oibleagáidí Reachtúla
Tá Údarás Uchtála na hÉireann tiomanta go hiomlán gach oibleagáid reachtúil ábhartha maidir le cosaint sonraí, comhionannas, saoráil faisnéise, íoc pras cuntas, agus sláinte, sábháilteacht agus leas ag an obair a chomhlíonadh.
An tslí a bhféadfaidh do thuairimí cabhrú lenár seirbhís a fheabhsú
Táimid freagrach as an tseirbhís is fearr is féidir a sholáthar dár gcustaiméirí. Cuirimid fáilte roimh do thuairimí agus do mholtaí agus tá meas againn orthu, ionas go bhféadfaimid ár seirbhísí a fheabhsú chun freastal go hiomlán ar do riachtanais agus seirbhís níos fearr a thabhairt duit.
Cabhraigh linn cabhrú leat
Is féidir leat cabhrú linn an tseirbhís is fearr is féidir a sholáthar duit ach na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- Cuir do thuairimí nó moltaí in iúl dúinn ach teagmháil a dhéanamh linn trí na cainéil éagsúla ar an leathanach Teagmháil a Dhéanamh Linn. Mar mhalairt rogha, is féidir leat scríobh chugainn chuig:
Seirbhísí Corparáideacha & Creidiúnú
Údarás Uchtála na hÉireann,
Teach Shíol Bhroin, Bóthar Shíol Bhroin,
Droichead na Dothra,
Baile Átha Cliath D04 H6F6.
- Inis dúinn faoin leibhéal seirbhíse a cuireadh ar fáil duit, go háirithe má cheapann tú nach raibh sí ar an gcaighdeán a raibh tú ag súil leis.
- Tabhair aon uimhir thagartha a fuair tú nuair a ghlaoigh tú orainn, nó a tugadh ar aon chomhfhreagras i scríbhinn.
- Tabhair an fhaisnéis go léir a theastaíonn uainn chun cabhrú leat i do chomhfhreagras, lena n-áirítear d’ainm, do sheoladh, agus uimhir theileafóin a úsáideann tú i rith an lae, nó do sheoladh ríomhphoist.
- Bí chomh soiléir agus is féidir faoi d’fhiosrúchán nó do ghearán agus tabhair an oiread mionsonraí agus is féidir.
- Caith lenár bhfoireann go béasach agus go measúil.
- Glac páirt in aon suirbhé custaiméara a dhéanaimid.