Séanadh
Meastar gur fhaisnéis phoiblí í an fhaisnéis arna cur i láthair ag Údarás Uchtála na hÉireann ar an suíomh gréasáin seo. Tá sí faoi chóipcheart Údarás Uchtála na hÉireann agus is féidir í a dháileadh nó a chóipeáil. Iarrtar go luaitear ainm an údair de réir mar is cuí.
Cé go ndearnadh gach iarracht cruinneas na faisnéise/an ábhair ar an suíomh gréasáin a chinntiú, ní ghlacann Údarás Uchtála na hÉireann, a sheirbhísigh ná a ghníomhairí freagracht ar bith as gnóthais nó barántaí, agus ní thugann siad ráthaíochtaí ina leith, maidir le cruinneas, iomláine nó cineál cothrom le dáta na faisnéise arn cur ar fáil ar an suíomh gréasáin, agus ní ghlacann siad le dliteanas ar bith a d’eascródh as earráidí nó easnaimh.
Tá naisc ar shuíomh gréasáin Údarás Uchtála na hÉireann chuig roinnt mhaith suíomhanna gréasáin eile, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin a oibríonn gníomhaireachtaí rialtais eile, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus gnólachtaí príobháideacha. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin a oibríonn eagraíocht eile, ní bheidh feidhm ag an bhfógra séanta seo agus beidh tú faoi réir ag beartas príobháideachais an tsuímh ghréasáin nua sin. Tabhair do d’aire nach mbíonn beartais phríobháideachais agus fógraí ar gach suíomh gréasáin.
Cé go ndéantar gach iarracht iontaofacht na suíomhanna gréasáin atá liostaithe a chinntiú, ní féidir a thuiscint leis an séanadh seo go dtacaítear leis na suíomhanna gréasáin sin.