Maidir Linne
Bunaíodh Údarás Uchtála na hÉireann an 1 Samhain 2010 faoin Acht Uchtála 2010, agus tá mar aidhm leis feabhas a chur ar chaighdeáin maidir le huchtáil bhaile agus uchtáil idirnáisiúnta.
Is comhlacht neamhspleách gar-bhreithiúnach é Údarás Uchtála na hÉireann faoi choimirce na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.
Is é an t-údarás lárnach é maidir le huchtáil idir tíortha in Éirinn, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Háige um Chosaint Leanaí agus Comhar i Leith Uchtála idir Tíortha.
Cúlra
Tugadh uchtáil dhlíthiúil isteach in Éirinn den chéad uair faoin Acht Uchtála, 1952. Achtaíodh an tAcht an 1 Eanáir, 1953 agus bunaíodh an Bord Uchtála faoin Acht. Is ag an mBord Uchtála atá an t-aon cheart chun orduithe uchtála a dheonú nó a dhiúltú. Dílsítear an ceart sin in Údarás Uchtála na hÉireann anois faoin reachtaíocht reatha ón mbliain 2010.
Tá feidhmeanna ag Údarás Uchtála na hÉireann faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe 2022 a síníodh ina dhlí an 30 Meitheamh 2022. Faoin reachtaíocht seo, maidir le daoine a uchtaíodh, a cuireadh amach ar lóistín, a cuireadh amach ar altranas, nó atá mar ábhar do chlárú breithe neamhdhleathach, nó a bhfuil ceisteanna eile acu maidir lena mbunadh, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar rochtain ar a dteastas breithe agus ar fhaisnéis faoina mbreith agus faoina luathshaol. Tá Údarás Uchtála na hÉireann ar cheann de dhá chomhlacht stáit a chuireann na seirbhísí sin ar fáil. Is é Tusla, An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, an ceann eile.
Leis an reachtaíocht san Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, cuireadh an Clár um Rogha Teagmhála, arna choinneáil ar bun ag an Údarás Uchtála na hÉireann, ar bhonn reachtúil, agus cruthaíodh seirbhís láidir rianaithe (arna oibriú ag Údarás Uchtála na hÉireann agus Tusla). Tugann an Clár ceart iomlán agus soiléir chun rochtain a fháil ar theastais bhreithe agus faisnéis faoina mbreith agus faoina luathshaol do na daoine go léir a uchtaíodh, a cuireadh amach ar lóistín, nó atá mar ábhar do chlárú breithe neamhdhleathach, nó a chónaigh in áras contae nó in Áras Máithreacha agus Naíonán.
Tá oifig Údarás Uchtála na hÉireann lonnaithe i mBaile Átha Cliath faoi láthair, i dTeach Shíol Bhroin, Bóthar Shíol Bhroin, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4. Tá tuairim is 60 fostaí ar fhoireann Údarás Uchtála na hÉireann faoi láthair.
Ár seirbhísí
Baineann na príomhsheirbhísí a chuireann Údarás Uchtála na hÉireann ar fáil don phobal leis na réimsí seo a leanas:
Rialachas
Tá an tÚdarás faoi rialú ag bord ar a bhfuil seachtar, a cheap an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.
Ceanglaítear ar Údarás Uchtála na hÉireann faoin Acht Uchtála, 2010, straitéis chorparáideach (plean straitéiseach) a fhorbairt. Caithfidh forbairt an phlean straitéisigh sin aird a thabhairt ar an Ráiteas Straitéise don Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, agus a bheith i gcomhréir leis.
Cuimsítear tréimhse trí bliana (2025-2027) faoin bplean straitéiseach reatha agus dírítear ar bhreis forbartha a dhéanamh ar mhisean agus ar fhís Údarás Uchtála na hÉireann. Ina theannta sin, tá ceithre phrionsabal agus luach phríomha ag an Údarás atá mar bhonn taca don mhisean agus don fhís: comhbhá agus meas, ionracas agus freagracht, comhoibriú agus obair foirne, agus solúbthacht agus nuálaíocht.
Ár misean, fís agus luachanna
Misean
Chun soláthar seirbhísí a bhaineann le huchtáil ar an gcaighdeán is airde is féidir a chinntiú, le leas is fearr an linbh agus an duine óig mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach, agus chun feidhmiú mar fhoras cuimhne d’úsáideoirí ár seirbhísí.
Fís
A bheith mar ionad barr feabhais, agus an phríomhfhoinse údarásach faisnéise, maidir le gach gné den uchtáil agus de sheirbhísí a bhaineann le huchtáil, agus chun na seirbhísí sin a chur ar fáil ar bhealach atá comhsheasmhach, iontaofa, freagrúil agus ar ardchaighdeán.
Luachanna
Comhbhá agus meas
Aithnímid go bhfuil a gcúinsí agus riachtanais uathúla féin ag gach duine uchtaithe de gach aois, ag gach teaghlach breithe agus ag gach teaghlach uchtaíoch. Bíonn iarmhairtí ar leith ag ár seirbhísí do na daoine sin, agus geallaimid a bheith tuisceanach agus feasach faoi riachtanais gach duine agus ár bhfeidhmeanna á soláthar againn. Caitear le gach duine a phléann linn le cúirtéis agus le dínit. Éistimid lenár bhfoireann, lenár gcomhpháirtithe agus le húsáideoirí ár seirbhísí agus dírímid ar iad a chumhachtú.
Ionracas agus freagracht
Táimid macánta, oscailte agus trédhearcach agus ár seirbhísí á soláthar againn. Táimid soiléir faoin méid a dhéanaimid, faoi na cúiseanna leis agus faoin gcaoi a ndéanaimid é, agus cuirimid iarmhairtí ár ngníomhartha in iúl.
Comhoibriú agus obair foirne
Oibrímid mar fhoireann agus mar chuid d’fhoireann níos leithne lenár mbaill foirne, lenár gcomhpháirtithe agus le húsáideoirí ár seirbhísí chun ár bhfeidhmeanna a sholáthar. Trí chomhoibriú agus cumarsáid, cinntímid an caighdeán is airde maidir le soláthar seirbhísí agus comhlíonaimid ár ndualgais mar sholáthróir seirbhísí agus rialtóir iontaofa.
Solúbthacht agus nuálaíocht
Cuirimid fáilte roimh athrú agus cothaímid athléimneacht ár mball foirne agus na heagraíochta, ionas go mbeimid in ann freagairt don timpeallacht dlí agus shóisialta a bhíonn ag athrú go síoraí, agus dul in oiriúint di. Mar bhonn taca leis sin, tá cultúr a chothaíonn nuálaíocht agus a spreagann feabhas leanúnach a chur ar cháilíocht maidir le soláthar ár bhfeidhmeanna agus ár seirbhísí.