Skip to main content

Coinníonn an tÚdarás Uchtála níos mó ná 110,000 comhad a chruthaigh sé féin, na comhlachtaí a bhí ann roimhe, gníomhaireachtaí uchtála gaolmhara agus Teaghlaigh Chontae. 

Is bailiúchán uathúil iad na taifid sin inar cláraíodh eispéiris daoine uchtaithe agus na daoine a  ndearnadh socruithe stairiúla cúraim ina leith, agus a dteaghlaigh, ag dul siar go dtí an bhliain 1857. 

Tá ról reachtúil ag an Údarás chun na taifid sin a fháil, a chosaint, a chaomhnú agus a chur ar fáil, laistigh de theorainneacha thrí phíosa reachtaíochta, is iad sin: 

Iarratas ar thaifid

Cén bealach ba cheart dom a roghnú

    An tAcht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022

    Más rud é:

    • gur dhuine uchtaithe tú;
    • gur dhuine tú a bhí faoi chúram altramais (ar a dtugtar duine a cuireadh amach ar lóistín nó ar altramas, uaireanta);
    • gur dhuine tú a chónaigh i dTeaghlach Contae, agus tú i do leanbh;
    • gur dhuine tú a chónaigh in Áras Máithreacha is Leanaí, agus tú i do leanbh;
    • gur dhuine tú ar cláraíodh do bhreith go mídhleathach, nó má tá tú in amhras gur cláraíodh do bhreith go mídhleathach;
    • gur leanbh tú de dhuine de na cineálacha daoine thuasluaite, atá éagtha anois; 

    Chun iarratas a dhéanamh ar chóipeanna de thaifid ábhartha, más ann dóibh, atá i seilbh an Údaráis Uchtála, déan iarraidh ar fhaisnéis faoin mbreith, le do thoil. 

    An áit a bhfuil na taifid á gcoinneáil

    Iarratas ar fhaisnéis faoi bhreith

    An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

    Más duine de na daoine seo a leanas tú:

    • Máthair bhreithe nó athair breithe; nó
    • An mháthair uchtaíoch nó an t-athair uchtaíoch 

    Chun iarratas a dhéanamh ar chóipeanna d’aon sonraí pearsanta a bhaineann leatsa, más ann dóibh atá i seilbh an Údaráis Uchtála, déan Iarraidh Rochtana ó Ábhar Sonraí, le do thoil.

    An áit a bhfuil na taifid á gcoinneáil

    Iarraidh rochtana ó ábhar sonraí

    An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014

    Más rud é:

    • nach mbaineann tú le ceann ar bith de na grúpaí thuas ach go bhfuil rochtain ar chóipeanna de thaifid (phearsanta) faoi dhuine  atá i seilbh an Údaráis Uchtála á lorg agat, déan Iarraidh Rochtana ó Ábhar Sonraí, le do thoil.

    An áit a bhfuil na taifid á gcoinneáil

    Iarraidh ar shaoráil faisnéise

    Roghnaigh bealach