Skip to main content

Más rud é:

  • gur dhuine uchtaithe tú;
  • gur dhuine tú a bhí faoi chúram altramais (ar a dtugtar duine a cuireadh amach ar lóistín nó ar altramas, uaireanta);
  • gur dhuine tú a chónaigh i dTeaghlach Contae, agus tú i do leanbh;
  • gur dhuine tú a chónaigh in Áras Máithreacha is Leanaí, agus tú i do leanbh;
  • gur dhuine tú ar cláraíodh do bhreith go mídhleathach, nó má tá tú in amhras gur cláraíodh do bhreith go mídhleathach;
  • gur leanbh tú de dhuine de na cineálacha daoine thuasluaite, atá éagtha anois; 

agus más mian leat iarratas a dhéanamh faoi Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022 ar chóipeanna de thaifid fút ó do bhreith go dtí 18 mbliana d’aois, atá á gcoinneáil ag an Údarás Uchtála, líon isteach foirm ghréasáin Údarás Uchtála na hÉireann thíos.

Tabhair do d’aire gur sheirbhís saor in aisce í seo do dhaoine a chónaíonn in Éirinn nó in áit ar bith eile ar domhan. 

Ní gá aturnae nó gairmí dlí eile a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar aon cheann de na seirbhísí faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022. 

Beidh an fhaisnéis atá ar fáil difriúil ó dhuine go duine, ag brath ar chineál, cáilíocht agus líon na dtaifead atá á gcoinneáil ag an Údarás Uchtála.

I gcás roinnt daoine, seans go gciallóidh sé sin go mbeidh taifid mhionsonraithe ar fáil, ach seans nach mbeidh ach beagán faisnéise, nó faisnéis ar bith ar fáil i gcás daoine eile, ar an drochuair.

Cuimhnigh iarratas a dhéanamh chuig Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, freisin, mar d’fhéadfadh sé go bhfuil faisnéis ábhartha acu faoi bhreith, tús saoil agus cúram daoine chomh maith.

Treoir céim ar chéim maidir le Iarratas Ar Fhaisnéis Bhreithe A Fháil Ón Údarás Uchtála

Iarratas tríd an bpost

Má tá sé níos éasca duit foirm chruachóipe a líonadh isteach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Uchtála ar 01 2309 300 (rogha 1) agus iarraidh orainn cóip den Fhoirm Iarratas ar Fhaisnéis BITA (2022) a sheoladh chugat tríd an bpost.