An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil
Tháinig an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015. Déantar foráil leis nach mór do dhaoine áirithe a bhfuil gníomhaíochtaí brústocaireachta á ndéanamh acu clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus nach mór dóibh faisnéis faoina ngníomhaíochtaí brústocaireachta a chur ar fáil.
Coinníonn an Coimisiún an clár brústocaireachta agus tá fáil ag an bpobal air ag www.lobbying.ie
Cuimsíonn an Clár Brústocaireachta faisnéis faoi:
- na daoine a bhfuil brústocaireacht á déanamh acu
- na daoine a bhfuil brústocaireacht á déanamh thar a gceann
- na saincheisteanna a bhaineann le brústocaireacht
- toradh beartaithe na brústocaireachta
- na daoine a bhfuil brústocaireacht á déanamh orthu
Oifigigh phoiblí ainmnithe:
Is oifigigh phoiblí ainmnithe iad na daoine a bhfuil brústocaireacht á déanamh orthu. Áirítear leo sin:
- Airí agus Airí Stáit
- Teachtaí Dála agus Seanadóirí
- Feisirí de Pharlaimint na hEorpa do dháilcheantair sa Stát seo
- Comhaltaí údarás áitiúil
- Comhairleoirí Speisialta
- Ard-Rúnaithe agus Rúnaithe Cúnta sa Státseirbhís
- Príomhoifigigh Feidhmiúcháin agus Stiúrthóirí Seirbhísí in Údaráis Áitiúla
Is Oifigigh Phoiblí Ainmnithe iad an Príomhoifigeach Feidhmiúchán agus comhaltaí Bhord Údarás Uchtála na hÉireann, faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.
- Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Eatramhach (Stiúrthóir) - Philip Crosby
- Cathaoirleach Bhord Údarás Uchtála na hÉireann
- Leas-Chathaoirleach Bhord Údarás Uchtála na hÉireann
- Comhaltaí Boird
An bhfuil tuilleadh eolais ag teastáil uait?
Tá tuilleadh eolais faoi Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 le fáil ar shuíomh gréasáin an Chláir Brústocaireachta.