Skip to main content

I gcomhthéacs na huchtála, ciallaíonn creidiúnú meastóireacht fhoirmiúil a bheith á déanamh ag Údarás Uchtála na hÉireann ar chomhlachtaí nó ar dhaoine áirithe, go háirithe comhlachtaí nó daoine a bhfuil baint acu le socruithe a dhéanamh chun leanbh a uchtáil nó chun seirbhísí a sholáthar, mar shampla rianú, comhairleacht, nó idirghabháil do dhaoine uchtaithe nó dá ngaolta.

An reachtaíocht a rialaíonn an próiseas creidiúnaithe ná Ionstraim Reachtúil Uimh. 524 de 2010, Na Rialacháin maidir leis an Acht Uchtála, 2010 (Comhlachtaí Creidiúnaithe) 2010.

Cé hiad nach mór dóibh a bheith creidiúnaithe?

Aon chomhlacht nó duine atá bainteach le ceann ar bith de na gníomhaíochtaí atá liostaithe thíos, ní mór dóibh a bheith creidiúnaithe ag Údarás Uchtála na hÉireann ionas gur féidir leo leanúint leis na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an dlí.

Cuimsíonn gníomhaíochtaí:

  • Aon chomhaontú nó socrú a dhéanamh maidir le huchtáil nó cothabháil linbh, nó lena n-éascaítear uchtáil nó cothabháil linbh, ag aon duine
  • aon chaibidlí a thionscnamh nó páirt a ghlacadh in aon chaibidlí arb í an aidhm nó an éifeacht atá leo aon chomhaontú nó socrú den sórt sin a dhéanamh
  • cur faoi deara do dhuine eile aon chaibidlí den sórt sin a thionscnamh nó páirt a ghlacadh iontu
  • tairiscint dul i mbun caibidlí thar ceann tuismitheoirí nó uchtaitheoirí ionchasacha linbh d’fhonn uchtáil a shocrú
  • aon socrú a chur i gcrích nó a dhéanamh chun measúnacht ar incháilitheacht agus oiriúnacht a dhéanamh
  • tuarascálacha a ullmhú maidir le measúnachtaí ar incháilitheacht agus oiriúnacht
  • faisnéis, comhairle agus comhairliúchán maidir le huchtáil a chur ar fáil d’aon uchtaitheoirí ionchasacha
  • faisnéis, comhairle agus comhairliúchán maidir le huchtáil a chur ar fáil do mháthair nó do chaomhnóir a bheartaíonn leanbh a shuíomh lena uchtáil nó lena huchtáil
  • faisnéis agus comhairle maidir le stádas liachta nó stádas eile an linbh a chur ar fáil i dtaca le huchtáil
  • leanbh a shuíomh le haon uchtaitheoirí ionchasacha

 

D’fhéadfadh go mbeadh creidiúnú ag teastáil uait freisin má dhéanann tú ceann de na nithe a leanas :

  • Cúnamh a thabhairt do dhaoine uchtaithe (atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn) chun a dtuismitheoirí breithe nó gaolta eile leo a lorg, agus cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí breithe nó do ghaolta eile (atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn) le daoine uchtaithe chun na daoine uchtaithe a lorg;
  • Comhairle a chur ar na daoine a ndéantar tuairisc orthu thuas; nó
  • Idirghabháil a dhéanamh idir daoine uchtaithe agus tuismitheoirí breithe nó gaolta eile a ndéantar tuairisc orthu thuas.

Luach an chreidiúnaithe

Tugann creidiúnú le fios go bhfuil eagraíocht nó clár ag bainistiú a chuid acmhainní go héifeachtach agus ag soláthar na seirbhísí is fearr is féidir do gach páirtí leasmhar.

    Úsáideoirí Seirbhísí

    • Comhlíonann seirbhísí caighdeáin dea-chleachtais
    • Cuireann foireann atá oilte go cuí seirbhísí ar fáil
    • Glacann cliaint páirt i bpróiseas cinnteoireachta an tsoláthair seirbhíse
    • Cuirtear seirbhísí ar fáil i dtimpeallacht shábháilte agus mheasúil
    • Déantar príobháideachas a chosaint
    • Tacaíonn seirbhísí le torthaí dearfacha
    • Tá seirbhísí inniúil ó thaobh cultúir de

    An Fhoireann

    • Déantar sláinte agus sábháilteacht a chosaint
    • Déantar riosca agus dliteanas a íoslaghdú
    • Tá timpeallachtaí seirbhíse éifeachtúil, éifeachtach agus tacaithe ag cultúr atá dírithe ar fheabhsú cáilíochta
    • Déantar cáilíochtaí gairmiúla na foirne a shainmhíniú
    • Tá beartas sceithireachta i bhfeidhm
    • Tá córas i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht

    An Bord

    • Tá cleachtais bainistíochta airgeadais fónta i bhfeidhm
    • Tá na cleachtais eiticiúil
    • Tá an plean straitéiseach cothrom le dáta, ábhartha agus déantar monatóireacht air
    • Tá córais éifeachtacha um fheabhsú cáilíochta feidhmíochta agus bainistíochta riosca i bhfeidhm
    • Tugann beartais agus nósanna imeachta aghaidh ar choinbhleacht leasa, cóir fhabhrach, freagracht agus tarmligean údaráis

    Ár gcomhpháirtithe creidiúnaithe

    An chaoi a bhfaightear creidiúnú

    Chun stádas creidiúnaithe a fháil ní mór do chomhlacht nó duine iarratas a dhéanamh chuig Údarás Uchtála na hÉireann. Ní mór dóibh na critéir a leagtar síos sa reachtaíocht a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis a chur ar fáil don Údarás Uchtála faoina gcúrsaí airgeadais, rialachas, etc.

    Chun eolas níos mionsonraithe a fháil, scríobh chuig:

    Údarás Uchtála na hÉireann
    An tAonad Seirbhísí Corparáideacha agus Creidiúnaithe
    Teach Shíol Bhroin
    Bóthar Shíol Bhroin
    Droichead na Dothra
    Baile Átha Cliath 4 
    D04 H6F6