Iarraidh Rochtana Ó Ábhar Sonraí A Dhéanamh
Is comhlacht reachtúil uathrialach é Údarás Uchtála na hÉireann ag a bhfuil sainordú chun uchtáil a rialáil agus chun taifid uchtála agus taifid stairiúla faoi shocruithe cúraim a chosaint in Éirinn. Agus a fheidhmeanna agus gníomhaíochtaí reachtúla á dhéanamh aige, pléann an tÚdarás le sonraí pearsanta agus láimhseálann sé sonraí pearsanta a bhaineann le páirtithe seachtracha éagsúla agus le daoine aonair.
Is féidir le duine ar bith cóipeanna den fhaisnéis phearsanta fúthu atá á coinneáil ag an Údarás Uchtála a iarraidh, más ann di, ach an fhoirm iarratais thíos a líonadh isteach.
Beidh an fhaisnéis atá ar fáil difriúil ó dhuine go duine, ag brath ar chineál, cáilíocht agus líon na dtaifead atá á gcoinneáil ag an Údarás Uchtála. I gcás roinnt daoine, seans go gciallóidh sé sin go mbeidh taifid mhionsonraithe ar fáil, ach seans nach mbeidh ach beagán faisnéise, nó faisnéis ar bith ar fáil i gcás daoine eile, ar an drochuair.
Tá “Beartas Príobháideachais Ghinearálta” i bhfeidhm ag an Údarás ina leagtar amach an chaoi a mbailímid faisnéis, an chaoi a bhféadfaimid an fhaisnéis sin a úsáid, na cúinsí ina bhféadfaimid í a nochtadh agus an chaoi a mbainistímid faisnéis phearsanta.
Más rud é:
• gur mháthair bhreithe nó gur athair breithe tú, nó
• gur mháthair uchtaíoch nó gur athair uchtaíoch tú
moltar duit iarratas a dhéanamh ar chóipeanna de shonraí pearsanta trí iarraidh rochtana ó ábhar sonraí a dhéanamh, ós rud é nach bhfuil tuismitheoirí breithe agus uchtaíocha incháilithe chun iarratas ar thaifid a dhéanamh faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022.
Treoir céim ar chéim maidir le Iarraidh rochtana ó ábhar sonraí a dhéanamh
-
1 Na doiciméid a theastaíonn a bhailiú
Glacaimid le formhór na ndoiciméad fótagrafach agus dlíthiúil mar chruthúnas ar chéannacht. Sular féidir linn an fhaisnéis phearsanra a d’fhéadfadh a bheith againn a thabhairt duit, teastaíonn cóip fhíoraithe de cheann de na doiciméid seo a leanas uainn:
- Ceadúnas tiomána Éireannach reatha
- Aoischárta Náisiúnta
- Pas
- Cárta seirbhíse poiblí
Tábhachtach: Ba cheart cóip den chomhartha aitheantais a úsáideann tú a fhíorú (a stampáil). Ciallaíonn sé sin, sula seolann tú cóip de do chomhartha aitheantais chugainn, ní mór duit iarraidh ar cheann díobh seo a leanas an chóip a stampáil:
- An stáisiún Gardaí nó póilíní atá áitiúil duit (saor in aisce), nó
- Aturnae nó coimisinéir mionnaí (d’fhéadfaidís táille a ghearradh).
Nuair a fhaighimid an chóip fhíoraithe sin de do chomhartha aitheantais, beimid in ann tosú ag obair ar an iarraidh shonrach ar shonraí a rinne tú.
Tabhair do d’aire, i gcás nach bhfuil aon cheann de na comharthaí aitheantais thuasluaite agat, is féidir leat bualadh isteach chuig an stáisiún Gardaí atá áitiúil duit le grianghraf a tógadh le déanaí agus cabhróidh siad leat foirm dar teideal ML10 a líonadh isteach. Is féidir linn glacadh leis an bhfoirm sin mar chruthúnas ar chéannacht nuair a sheolann tú chugainn í. Cabhróimid leat an oiread agus is féidir chun ceanglais ár nós imeachta aitheantais a chomhlíonadh.
Déanfaimid an doiciméad le d’aitheantas fótagrafach a sheiceáil chun do chéannacht a fhíorú. Chomh luath agus a bheimid sásta gur tú an té a deir tú atá ionat, déanfaimid an chóip de do dhoiciméad aitheantais a léirscriosadh.
Déanfaimid d’iarratas a phróiseáil ansin agus aimseoimid aon taifid fút atá á gcoinneáil againn.
-
2 Foirm iarratais a líonadh isteach agus a chur ar aghaidh
- Líon isteach an fhoirm iarratais ar líne atá le fáil thíos.
- Cuir do dhoiciméid aitheantais dheimhnithe agus aon doiciméid thacaíochta eile ar aghaidh leis an bhfoirm iarratais.
-
3 Admháil ar d’iarratas
Nuair atá iarraidh ar fhaisnéis phearsanta déanta agat, seolfaidh ball foirne ón Údarás Uchtála admháil ar do chomhfhreagras/iarraidh chugat.
Inseoidh siad duit cad atá ag tarlú agus cén fhad a thógfaidh sé chun d’fhaisnéis a sheoladh chugat. Tá tú i dteideal freagra a fháil laistigh de 30 lá (nó laistigh de 90 lá nuair atá iarrataí iolracha nó casta i gceist).
-
4 Taifid a scaoileadh
Scaoilfear cóipeanna de na taifid go léir ina bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leat chugat.
Beidh an fhaisnéis atá ar fáil difriúil ó dhuine go duine, ag brath ar chineál, cáilíocht agus líon na dtaifead atá á gcoinneáil ag an Údarás Uchtála.
I gcás roinnt daoine, seans go gciallóidh sé sin go mbeidh taifid mhionsonraithe ar fáil, ach seans nach mbeidh ach beagán faisnéise, nó faisnéis ar bith ar fáil i gcás daoine eile, ar an drochuair.Gheobhaidh formhór na ndaoine a gcuid faisnéise laistigh de mhí amháin, ach i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh tréimhse chomh fada le trí mhí a bheith i gceist. Má tá d’iarratas casta agus má theastaíonn suas le trí mhí chun é a thabhairt chun críche, cuirfear ar an eolas tú.
-
5 Athbhreithniú a iarraidh (más gá)
Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte, is féidir leat a iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) athbhreithniú ar d’iarratas. Féach thíos le haghaidh mionsonraí teagmhála:
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
6 Rae Pheambróg
Baile Átha Cliath
D02 X963
ÉireTeil: 01-7650100 / 1800-437737
Iarratas tríd an bpost
Má tá sé níos éasca duit foirm chruachóipe a líonadh isteach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Uchtála ar 01 2309 300 (rogha 6) agus iarraidh orainn cóip den fhoirm iarratais le haghaidh Iarraidh Rochtana ó Ábhar Sonraí a sheoladh chugat tríd an bpost.