Ceisteanna A Chuirtear Go Minic
An bhfuil cruthúnas ar chéannacht (ID) éigeantach?
Cé fáth a chaithfidh mé cruthúnas ar chéannacht a thabhairt don Údarás Uchtála nuair atá iarraidh ar fhaisnéis phearsanta á dhéanamh agam?
Iarraimid cruthúnas ar do chéannacht chun faisnéis phearsanta daoine eile a chosaint.
Ní féidir linn faisnéis a chur ar fáil do dhuine ar bith go dtí go soláthraíonn sé cruthúnas gurb é an té a deir sé atá ann. Mura n-iarrfaimis cruthúnas ar do chéannacht, d’fhéadfadh duine ar bith ligean air gur tusa atá ann agus d’fhéadfaí do chuid faisnéise pearsanta a thabhairt dó.
Doiciméid fholaithe/scriosta amach
Tá roinnt de na doiciméid a fuair mé folaithe go mór (cuid díobh scriosta amach). Cén fáth?
Bíonn orainn codanna de dhoiciméid a fholú, uaireanta. Ciallaíonn folú iad a scriosadh amach. Déanaimid é sin ós rud é go bhfuil na codanna scriosta amach príobháideach agus ní féidir iad a chomhroinnt, faoin dlí, ar chúiseanna mar shampla rúndacht nó cosaint sonraí.
Má dhéantar tagairt do dhuine éigin eile seachas tú féin i ndoiciméad, ní mór dúinn aon fhaisnéis a shainaithneodh iad a chosaint.
Ar an gcaoi chéanna, dá n-iarrfadh duine éigin orainn doiciméid ina luadh tusa a thabhairt dóibh, scriosfaimis amach (d'fholóimis) na tagairtí duitse chun d’fhaisnéis phearsanta a chosaint.
Faisnéis faoi baill teaghlaigh éagtha
An féidir liom faisnéis a fháil faoi dhuine éigin eile seachas mé féin, mar shampla ball teaghlaigh atá éagtha?
Tá sonraí a bhaineann le daoine éagtha lasmuigh de shainchúram an RGCS agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018. Féadfaidh tú sonraí pearsanta a fháil a bhaineann le daoine éagtha (do thuismitheoirí breithe nó do thuismitheoirí uchtaíocha, mar shampla) i gcás inar féidir leat a fhíorú go bhfuil na daoine sin éagtha agus an gaol a bhí agat leo, agus ag brath ar an méid sonraí a bhaineann leo atá againn.
Tabhair do d’aire, fiú i gcás ina bhfuil duine éagtha, go bhfuil imthosca ann ina bhféadfaidh an fhaisnéis a bheith rúnda, fiú tar éis an bháis. Is amhlaidh an cás, mar shampla, má chuir an duine éagtha in iúl gur mhian leo go gcoinneofaí faisnéis rúnda, nó má chuir siad faisnéis ar fáil ar an gcoinníoll go gcaithfí léi mar fhaisnéis rúnda.
Ní mór don Údarás meas a léiriú ar na mianta sin agus ar ionchas an duine éagtha maidir le príobháideachas agus rúndacht.
Tá ceangal dlíthiúil ar an Údarás breithniú a dhéanamh ar na nithe sin, chomh maith le do chearta chun teacht ar fhaisnéis, sula gcinneann sé cén fhaisnéis is féidir a nochtadh.
Tá mo chuid sonraí mícheart
Má fhaighim amach go bhfuil rud éigin mícheart sna sonraí a fhaighim ón Údarás Uchtála, an bhfuil sé de cheart agam a iarraidh go gceartófaí é?
Tá, i gcásanna áirithe is féidir leat faisnéis fút atá mícheart a cheartú. Tugtar “an ceart go ndéanfaí ceartúcháin” air sin sa RGCS. Is féidir linn comhairle a chur ort faoin gcaoi leis sin a dhéanamh má insíonn tú dúinn cad a taifeadadh go mícheart.
Chun faisnéis áirithe a cheartú (faisnéis fhíorasach, mar shampla) seans go mbeadh ar an eagraíocht a thug an fhaisnéis dúinn sa chéad ásc na doiciméid a leasú. D’fhéadfadh roinnt ama a bheith i gceist leis sin, mar tá nósanna imeachta dlíthiúla le leanúint. Mar sin féin, is féidir linn botúin shimplí a cheartú, mar shampla litriú mícheart nó earráidí cló.
An chaoi le hiarraidh orainn faisnéis mhícheart a cheartú
D’fhonn an ceartúchán a dhéanamh, scríobh chugainn agus tabhair an ceartúchán is mian leat a dhéanamh. D’fhéadfadh na nithe a leanas a bheith i gceist leis sin:
- Seoladh a thabhairt cothrom le dáta
- Uimhir theileafóin a thabhairt cothrom le dáta
- Litriú d’ainm a cheartú
Cad a tharlaíonn nuair nach féidir linn faisnéis a cheartú?
Uaireanta, ní féidir linn ceartúcháin a dhéanamh. Mar shampla, má tá an botún sa litriú nó sa dáta breithe ar dhoiciméad oifigiúil atá inár seilbh, seans nach mbeimid in ann an ceartúchán a dhéanamh duit.
Más amhlaidh an cás, míneoimid é sin duit agus inseoimid duit cén chaoi a bhféadfaidh tú an doiciméad oifigiúil a cheartú, más gá.
An féidir liom a iarraidh go ndéanfaí mo chuid faisnéise a léirscriosadh?
Braitheann sé. Cé go bhfuil ceart chun léirscriosta ann sa RGCS (ar a dtugtar “an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” freisin), ní ceart daingean é, ós rud é nach féidir taifid áirithe a léirscriosadh, mar gheall go gcaitear iad a choinníoll, faoin dlí.
Mar shampla, is taifead dlíthiúil é an taifead ar ordú uchtála agus ní mór é a choinneáil ar an gcúis sin.
Tá ar an Údarás Uchtála cuid mhaith de na sonraí atá againn fút a choinneáil mar chuid de phróiseas dlíthiúil. Déanfaimid athbhreithniú ar na sonraí atá inár seilbh fút má fhaighimid iarraidh ar fhaisnéis a léirscriosadh, agus déanfaimid breithniú ar cibé an féidir í a léirscriosadh.
Cuirfimid tú ar an eolas faoi na gníomhartha a rinneamar mar fhreagairt ar d’iarraidh ar léirscriosadh laistigh de mhí amháin ón dáta a bhfaightear d’iarraidh.