Déan Iarraidh Um Shaoráil Faisnéise
Leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, tugtar an ceart duit rochtain a fháil ar thaifid áirithe atá á gcoinneáil ag an Údarás Uchtála. Tháinig an tAcht i bhfeidhm sa bhliain 1998 agus tá feidhm aige maidir leis an Údarás ón mbliain 2008 i leith.
Cad is féidir liom a iarraidh?
Is féidir leat aon taifead a bhaineann leat go pearsanta a d’fhéadfadh a bheith á gcoinneáil ag Údarás Uchtála na hÉireann iarraidh, seachas taifid maidir le, nó ag eascairt as, ordú uchtála a dhéanamh nó aitheantas a thabhairt d’uchtáil idir tíortha a rinneadh lasmuigh den Stát, de réir bhrí an Achta Uchtála, 2010.
Más duine uchtaithe tú, duine a bhí faoi chúram altramais (duine a cuireadh amach ar lóistín nó ar altramas), nó ábhar clárú mídhleathach breithe agus má tá rochtain á lorg agat ar do thaifid nó ar fhaisnéis faoi am a chónaigh tú in Áras Máithreacha is Leanaí nó i dTeaghlach Contae, déan iarraidh ar fhaisnéis bhreithe, le do thoil.
Ní iarrataí bailí faoi Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 iad fiosrúcháin nó iarrataí ar fhaisnéis, seachas iarrataí ar thaifid. Go ginearálta, ciallaíonn sé sin nach bhfuil feidhm ag an Acht maidir le taifid ar leith faoi uchtáil, ach tá feidhm aige maidir le gach taifead eile a bhaineann le gníomhaíochtaí an Údaráis agus an Bhoird Uchtála a bhíodh ann roimhe seo (‘An Bord Uchtála’) ón 21 Aibreán 2008 i leith.
Faisnéis faoi Tháillí
| Níl aon táille i gceist chun iarratas a dhéanamh. | Gan táille |
| Tá tairseach íosta ann agus ní féidir táille a ghearradh as cuardach, aisghabháil (i.e. méid ama a chaitheann baill foirne) agus fótachóipeáil faoin tairseach sin. Má baintear an méid sin amach, gearrfar táillí iomlána. | €101 |
| Tá uasteorainn leis an méid iomlán táillí is féidir leis an Údarás gearradh ar chuardach, aisghabháil, cóipeáil. | €500 |
| Má mheasann an tÚdarás go mbainfidh táillí cuardaigh, aisghabhála agus fótachóipeála an méid seo amach, féadfaidh sé diúltú d’iarraidh a phróiseáil. | €700 |
| An táille ar athbhreithniú inmheánach ag ball foirne ar ghrád níos airde san Údarás faoi Alt 21 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. | €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaigh) |
| An táille ar achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise faoi Alt 22 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. | €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaigh) |
Treoir céim ar chéim maidir le Iarraidh um shaoráil faisnéise a dhéanamh
-
1 D’aitheantas fótagrafach a ullmhú
Déanfar d’aitheantas fótagrafach (ID) a sheiceáil chun do chéannacht a fhíorú.
Ní mór dó bheith ina chineál aitheantais bailí nach bhfuil imithe in éag. Glacaimid le formhór na ndoiciméad fótagrafach agus dlíthiúil mar chruthúnas ar chéannacht. Sular féidir linn an fhaisnéis phearsanra a d’fhéadfadh a bheith againn a thabhairt duit, teastaíonn cóip fhíoraithe de cheann de na doiciméid seo a leanas uainn:
- Pas
- Cárta seirbhíse poiblí
- Aoischárta ón nGarda Síochána
- Ceadúnas tiomána Éireannach (lena n-áirítear ceadúnas sealadach)
Chomh luath agus a bheidh do dhoiciméad aitheantais fíoraithe, déanfar é a léirscriosadh agus ní choinneoidh an tÚdarás Uchtála é.
-
2 Doiciméid thacaíochta a ullmhú (más infheidhme)
Litir Thoilithe
Má tá duine éigin ag cuidiú leat chun an t-iarratas a dhéanamh, ceanglaítear ort litir thoilithe a chur ar aghaidh leis an iarratas, agus í sínithe agus dátaithe, ina n-ainmnítear an duine atá ag cuidiú leat agus ina dtugtar cead dóibh gníomhú thar do cheann.
Is gá cóip d’aitheantas fótagrafach bailí, nach bhfuil imithe in éag, don duine atá ag cuidiú leis an iarratas, a chur ar aghaidh leis an iarratas freisin.
Deimhniú Báis agus Cruthúnas ar Ghaol
Más leanbh duine iomchuí éagtha tú agus má tá iarratas á dhéanamh agat ar fhaisnéis fúthu, beidh ort cóip dá ndeimhniú báis nó fógra báis a chur ar aghaidh leis an iarratas agus cruthúnas ar an ngaol atá agat leo, mar shampla, cóip de do theastas breithe.
-
3 Foirm iarratais a líonadh isteach agus a chur ar aghaidh
Líon isteach an fhoirm iarratais ar líne atá le fáil thíos.
Tabhair an oiread faisnéise agus is féidir leat san iarratas, chun cabhrú le foireann Údarás Uchtála na hÉireann taifid ábhartha a aimsiú.
Cuimhnigh na nithe seo a chur ar aghaidh leis an iarratas:
- cóip d’aitheantas fótagrafach atá bailí agus nach bhfuil imithe in éag; agus
- aon doiciméid thacaíochta eile a theastaíonn, más infheidhme (féach pointe 2 thuas).
Ar deireadh, sínigh an iarratas go digiteach agus cuir dáta air.
-
4 Admháil a fháil
Seolfar admháil i scríbhinn agus uimhir thagartha uathúil chugat laistigh de 10 lá oibre ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas. Nuair atá iarraidh ar fhaisnéis phearsanta déanta agat, seolfaidh ball foirne ón Údarás Uchtála admháil go bhfuarthas do chomhfhreagras/d’iarraidh chugat.
Inseoidh siad duit cad atá ag tarlú agus cén fhad a thógfaidh sé chun d’fhaisnéis a sheoladh chugat. Tá tú i dteideal freagra a fháil laistigh de 30 lá (nó laistigh de 90 lá nuair atá iarrataí iolracha nó casta i gceist).
D’fhéadfaidís tuilleadh faisnéise a iarraidh ort chun do chéannacht a fhíorú, nó chun a fháil amach cad é a d’iarr tú, nó chun tú a threorú chuig an duine ceart nó an eagraíocht cheart a bheidh in ann déileáil le d’iarraidh.
-
5 Déantar an t-iarratas a phróiseáil
Déanfar cinneadh maidir le d’iarratas laistigh de 20 lá oibre de ghnáth (ach amháin i gcás go gcuirtear síneadh i bhfeidhm).
Má dhiúltaítear do d’iarraidh tabharfar na cúiseanna leis sin duit.
-
6 Déantar taifid a scaoileadh chugat
Déanfar cóipeanna de na taifid a d’iarr tú, nó cuid díobh, a scaoileadh chugat.
Beidh an fhaisnéis atá ar fáil difriúil ó dhuine go duine, ag brath ar chineál, cáilíocht agus líon na dtaifead atá á gcoinneáil ag an Údarás Uchtála.
I gcás roinnt daoine, seans go gciallóidh sé sin go mbeidh taifid mhionsonraithe ar fáil, ach seans nach mbeidh ach beagán faisnéise, nó faisnéis ar bith ar fáil i gcás daoine eile, ar an drochuair.
Tabharfar formhór na n-iarrataí chun críche laistigh de cheithre seachtaine. Má theastaíonn tuilleadh ama chun an iarraidh a thabhairt chun críche, féadfaidh Údarás Uchtála na hÉireann síneadh ceithre seachtaine a chur leis an spriocdháta. Cuirfear tú ar an eolas sa chás sin.
-
7 Iarraidh ar athbhreithniú inmheánach (más gá)
Sa chás:
- gur diúltaíodh do d’iarraidh nó nár deonaíodh ach cuid di;
- nach bhfuil tú sásta leis an gcineál rochtana nó leis na táillí a gearradh;
- nach bhfuair tú cinneadh laistigh de 20 lá oibre ón dáta a bhfuarthas d’iarraidh (caitear leis sin mar dhiúltú),
is féidir leat athbhreithniú inmheánach a iarraidh.
Ba cheart duit iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón dáta a fuair tú an fógra faoin gcinneadh a d’eisigh an tÚdarás Uchtála chugat.
San athbhreithniú inmheánach, déanfaidh ball foirne níos sinsearaí san Údarás athbhreithniú ar an gcás.
-
8 Athbhreithniú ag an gCoimisinéir Faisnéise
Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh ón athbhreithniú inmheánach, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise.
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh freisin sa chás nach bhfuair tú cinneadh faoin athbhreithniú inmheánach laistigh de thrí seachtaine.
NB Níl aon táille i gceist má bhaineann an t-athbhreithniú le d’fhaisnéis phearsanta nó le cinneadh faoi tháille/éarlais agus leo sin amháin.
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teil: 353 1 639 5689
Rphost: info@oic.ie
Suíomh gréasáin: www.oic.ie
Iarratas tríd an bpost
Má tá sé níos éasca duit foirm chruachóipe a líonadh isteach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Uchtála ar 01 2309 300 agus iarraidh orainn cóip den fhoirm iarratais le haghaidh iarraidh um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chugat tríd an bpost.