Skip to main content

Ciallaíonn uchtáil bhaile uchtáil leanaí a bhfuil cónaí orthu in Éirinn ag daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn freisin. Fágann cineál agus éifeacht orduithe uchtála na hÉireann go meastar gur leanaí leis na huchtaitheoirí iad leanaí uchtaithe ar an gcaoi chéanna le leanaí a rugadh dóibh, agus go bhfuil na cearta agus dualgais go léir ag tuismitheoirí agus leanaí i ndáil lena chéile.  

Le reachtaíocht uchtála na hÉireann, ní cheadaítear ach leanbh a uchtáil. Sainmhínítear leanbh mar dhuine nach bhfuil 18 mbliana d’aois bainte amach acu fós. Ní féidir duine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine a uchtáil in Éirinn.

Coinníollacha

    Aoiseanna íosta

    Ní mór d’uchtaitheoirí ionchasacha a bheith ar a laghad 21 bliana d’aois.

    Aoiseanna uasta

    Níl aon uasteorainneacha aoise do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha leagtha síos sa dlí. Mar sin féin, is fachtóir suntasach é aois agus measúnú á dhéanamh ar oiriúnacht chun uchtáil a dhéanamh.

    Cónaitheacht uchtaitheoirí

    Ní mór cónaí rialta sa Stát a bheith ar thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha.

    Cónaitheacht an linbh

    Ní mór cónaí rialta sa Stát a bheith ar an leanbh.

    Creideamh

    Mura bhfuil an creideamh céanna ag an leanbh, na daoine atá á (h)uchtáil agus gach duine nach mór dóibh toiliú a thabhairt, is gá gach duine nach mór dóibh toiliú a thabhairt a chur ar an eolas faoi chreideamh na dtuismitheoirí uchtaíocha sula dtugann siad ceadú.

    Oiriúnacht

    Ní féidir leis an Údarás Uchtála ordú uchtála a dhéanamh ach amháin más deimhin leis gur duine oiriúnach é nó í gach duine de na tuismitheoirí uchtaíocha chun cearta tuismitheora a bheith aige nó aici agus dualgais tuismitheora a bheith air nó uirthi i leith an linbh. Caithfidh tuismitheoirí uchtaíocha Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí a bheith acu an tráth bhfuil an t-ordú uchtála le déanamh.

    Mionsonraí Teagmhála

    An tAonad Uchtála Baile 
    Údarás Uchtála na hÉireann
    Teach Shíol Bhroin
    Bóthar Shíol Bhroin
    Droichead na Dothra
    Baile Átha Cliath 4
    D04 H6F6

    Teileafón +353 1 2309 300
    Ríomhphost: domestic@aai.gov.ie