Cúram Altrama Fadtéarmach Go Dtí Uchtáil
Tarlaíonn cúram altrama fadtéarmach go dtí uchtáil nuair atáthar tar éis leanbh a shuíomh le duine nó lánúin faoi chúram altrama mar gheall go bhfuil an mháthair bhreithe nó na tuismitheoirí breithe éiginnte faoin gcinneadh is mian leo a dhéanamh faoi aire a thabhairt don leanbh iad féin nó cead a thabhairt go n-uchtófaí an leanbh.
D’fhéadfadh go mbeifí tar éis an leanbh a shuíomh le tuismitheoirí altrama de bharr ordú cúraim don leanbh a bheith faighte ag Tusla - an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, mar gheall ar chúinsí a bhain leis na tuismitheoirí breithe nó leis an teaghlach breithe. Tar éis tréimhse ama, bíonn sé soiléir trí athbhreithniú a dhéanamh ar chúinsí cúraim don leanbh nach mbeidh sé indéanta an leanbh a thabhairt ar ais dá thuismitheoirí/tuismitheoirí breithe nó dá theaghlach/teaghlach breithe, agus go mbeadh sé chun leas an linbh dá n-uchtódh an tuismitheoir/na tuismitheoirí altrama é nó í.
Ní féidir leanbh a uchtáil nuair atá 18 mbliana d’aois bainte amach aige nó aici. Bíonn tréimhse fada ama i gceist leis an bpróiseas uchtála, uaireanta, agus mar sin ba cheart iarratas a dhéanamh sula mbaineann an leanbh 16 mbliana d’aois amach.
Treoir céim ar chéim maidir le Cúram Altrama Fadtéarmach Go Dtí Uchtáil
-
1 Déan teagmháil le Tusla
Chun tús a chur leis an bpróiseas uchtála, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an oibrí sóisialta altramais a sannadh duit nó leis an oifig áitiúil uchtála de chuid Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Tabharfaidh siad duit an fhaisnéis go léir a theastaíonn uait.
-
2 Measúnú tosaigh
Déanfar measúnú mionsonraithe ar iarratasóirí chun críche Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta a fháil. Oibrí sóisialta a dhéanfaidh an measúnú.
Is é cuspóir an mheasúnaithe sin a fháil amach cibé an bhfuil na tuismitheoirí altrama oiriúnach chun leanbh a uchtáil. Áirítear leis roinnt agallamh aonair agus le chéile, agus cuairteanna ar áit chónaithe na n-iarratasóirí.
Déanfaidh an t-oibrí sóisialta measúnú ar cibé an bhfuil an uchtáil chun leas an linbh agus ar an gcaidreamh idir an tuismitheoir/na tuismitheoirí altrama agus an leanbh.
Labhróidh an t-oibrí sóisialta leis an leanbh freisin, lena chinntiú go dtuigeann sé nó sí an próiseas, agus cloisfidh an t-oibrí sóisialta tuairimí an linbh faoin uchtáil.
-
3 Measúnú deiridh agus tuarascáil
Nuair a bheidh an measúnú deiridh tugtha chun críche, cuirfidh an t-oibrí sóisialta tuarascáil i dtoll a chéile ina dtabharfar breac-chuntas ar na torthaí a fuair sé nó sí.
-
4 Cur faoi bhráid an Choiste Uchtála
Déanann an Coiste Uchtála athbhreithniú ar gach cás agus seolann siad a moltaí chuig Údarás Uchtála na hÉireann.
-
5 Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta
Má tá na doiciméid go léir curtha ar aghaidh agus i gceart, breithneoidh Údarás Uchtála na hÉireann na moltaí agus cinnfidh siad an ndeonóidh siad Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta.
Deonaítear an Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta ar feadh dhá bhliain ón dáta a eisítear é. Má tá do dhearbhú ar tí dul in éag, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun síneadh bliana amháin a chur leis, ar an gcoinníoll nach bhfuil aon athrú ar do chúinsí.
-
6 Comhairliúchán le tuismitheoirí breithe
Is cuid ríthábhachtach den phróiseas é comhairliúcháin leis an máthair bhreithe agus toiliú leis an uchtáil a fháil uaithi. Ceanglaítear toiliú a fháil ón athair breithe freisin, i gcás inar caomhnóir dlíthiúil an linbh é. I gcás nach caomhnóir dlíthiúil é an t-athair, tá ceanglas ann fós gach iarracht réasúnach a dhéanamh dul i gcomhairle leis.
I gcás ina mbeidh tabhairt suas deonach dodhéanta, tá sé de rogha ag na hiarratasóirí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar an leanbh a uchtáil, iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt, le tacaíocht ó Tusla, chun toiliú na máthar breithe agus/nó an athar breithe a ligean thar ceal de réir mar is gá.
I gcás nach féidir teacht ar an athair breithe nó nach fios cé hé, ní mór don Údarás iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun an ceanglas dul i gcomhairle leis a ligean thar ceal.
-
7 Cinneadh chun ordú uchtála a dheonú
Déanfaidh an tÚdarás Uchtála athbhreithniú ar an gcomhad lena chinneadh an bhfuil an uchtáil cuí agus an bhfuil na ceanglais dhlíthiúla go léir comhlíonta. Tabharfaidh an tÚdarás aird chuí ar thuairimí an linbh, agus a aois nó a haois agus a aibíocht nó a haibíocht á gcur san áireamh, sula ndéanfaidh sé cinneadh. Má tá an tÚdarás sásta leis an iarratas agus má tá na ceanglais dhlíthiúla go léir comhlíonta, deonófar an tOrdú Uchtála.
Maidir le toiliú
Toiliú le suíomh
I gcás ina bhfuil uchtáil linbh á eagrú ag comhlacht creidiúnaithe cláraithe nó Tusla, ní mór don mháthair, athair (i gcás inar chaomhnóir é) nó caomhnóir dlíthiúil eile toiliú nó comhaontú tosaigh a thabhairt go ndéanfaidh an comhlacht sin an leanbh a shuíomh lena uchtáil nó lena huchtáil. Is féidir é sin a thabhairt am ar bith tar éis bhreith an linbh.
Toiliú le hOrdú Uchtála
Ní mór don mháthair, athair (i gcás inar chaomhnóir é) nó caomhnóir dlíthiúil eile toiliú a thabhairt le déanamh an ordaithe uchtála. Ní féidir an toiliú sin a thabhairt go dtí go mbeidh an leanbh sé seachtaine d’aois ar a laghad.
Ní féidir é a thabhairt níos luaithe ná trí mhí roimh dháta an iarratais ar an ordú uchtála.
Ní mór toiliú a thabhairt i bhformáid áirithe agus ag cloí le nós imeachta áirithe atá leagtha síos sa reachtaíocht.
Is féidir toiliú le déanamh ordaithe uchtála a tharraingt siar am ar bith sula mbeidh an t-ordú uchtála déanta.
Leanbh a éileamh ar ais
Má athraíonn máthair a hintinn faoi uchtáil sula mbeidh an t-ordú uchtála déanta agus má fhéachann sí lena leanbh a éileamh ar ais, ach má dhiúltaíonn na tuismitheoirí uchtaíocha an leanbh a thabhairt uathu, is féidir léi imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh go dtabharfaí coimeád an linbh ar ais di.
Toiliú a ligean thar ceal
I gcúinsí áirithe, is féidir iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun an toiliú le déanamh an ordaithe uchtála a ligean thar ceal.
Áirítear leis sin:
- Más deimhin leis an Ard-Chúirt nach bhfuil ar chumas an duine ónar gá toiliú a fháil, de dheasca easláine meabhrach, toiliú a thabhairt
- Murar féidir teacht ar an duine ónar gá toiliú a fháil
Breithníonn an Ard-Chúirt leas an linbh sula ndéanann sí ordú.
Gan toiliú
Cad a tharlaíonn i gcás máthair a mbeidh comhaontaithe aici lena leanbh a shuíomh lena uchtáil nó lena huchtáil ach a mhainníonn, a fhaillíonn nó a dhiúltaíonn toiliú a thabhairt le déanamh ordaithe uchtála, nó a tharraingíonn a toiliú siar tar éis toiliú a thabhairt roimhe sin? Tá sé de rogha ag na tuismitheoirí uchtaíocha, má tá iarratas déanta acu ar ordú uchtála i leith an linbh, iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar ordú chun leanúint don uchtáil.
Breithníonn an Ard-Chúirt leas an linbh sula ndéanann sí ordú.
Coinníollacha
Aoiseanna íosta
Ní mór d’uchtaitheoirí ionchasacha a bheith ar a laghad 21 bliana d’aois.
Aoiseanna uasta
Níl aon uasteorainneacha aoise do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha leagtha síos sa dlí. Mar sin féin, is fachtóir suntasach é aois agus measúnú á dhéanamh ar oiriúnacht chun uchtáil a dhéanamh.
Cónaitheacht uchtaitheoirí
Ní mór cónaí rialta sa Stát a bheith ar thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha.
Cónaitheacht an linbh
Ní mór cónaí rialta sa Stát a bheith ar an leanbh.
Creideamh
Mura bhfuil an creideamh céanna ag an leanbh, na daoine atá á (h)uchtáil agus gach duine nach mór dóibh toiliú a thabhairt, is gá gach duine nach mór dóibh toiliú a thabhairt a chur ar an eolas faoi chreideamh na dtuismitheoirí uchtaíocha sula dtugann siad ceadú.
Oiriúnacht
Ní féidir leis an Údarás Uchtála ordú uchtála a dhéanamh ach amháin más deimhin leis gur duine oiriúnach é nó í gach duine de na tuismitheoirí uchtaíocha chun cearta tuismitheora a bheith aige nó aici agus dualgais tuismitheora a bheith air nó uirthi i leith an linbh. Caithfidh tuismitheoirí uchtaíocha Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí a bheith acu an tráth bhfuil an t-ordú uchtála le déanamh.