Uchtáil Bhaile Naíonán
Ciallaíonn uchtáil bhaile naíonán an próiseas ina ndéantar leanbh a shuíomh le tuismitheoirí malartacha nó le tuismitheoir malartach. Déantar gach ceart, freagracht agus dualgas dlíthiúil a aistriú chuig na tuismitheoirí nó an tuismitheoir nua agus scarann na tuismitheoirí breithe lena gcearta dlíthiúla agus lena ndualgais dhlíthiúla go léir i leith an linbh.
Cé a shocraíonn leanbh a shuíomh lena uchtáil nó lena huchtáil?
Níl ach comhlachtaí creidiúnaithe cláraithe agus Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach in Éirinn) i dteideal de réir an dlí leanaí a shuíomh lena n-uchtáil in Éirinn. Is gá ceadú a fháil ón Údarás Uchtála sular féidir an leanbh a shuíomh lena uchtaitheoir ionchasach nó lena uchtaitheoirí ionchasacha.
Caithfidh Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí a bheith ag uchtaitheoir ionchasach nó ag uchtaitheoirí ionchasacha sular féidir leanbh a shuíomh leo lena uchtáil nó lena huchtáil.
- Nuair a dhéantar naíonán a shuíomh lena uchtáil nó lena huchtáil, tugtar deis don tuismitheoir/do na tuismitheoirí breithe a roghanna a chur in iúl maidir leis an gcineál teaghlaigh ar mian leo go ndéanfaí an naíonán a shuíomh leis. Mar shampla, seans gur mian leo go dtógfaí an naíonán i gceantar tuaithe nó i gcontae seachas an áit ina bhfuil cónaí orthu féin; nó seans go roghnóidís lánúin a bhfuil leanbh acu cheana féin ionas go mbeadh siblín ag a leanbh.
- Déanfaidh an comhlacht Creidiúnaithe cláraithe nó Tusla scrúdú ar phróifíl gach duine a bhfuil Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí aige.
- Tabharfar ar a laghad trí phróifíl gan faisnéis aitheantais do thuismitheoir nó do thuismitheoirí breithe an naíonáin. In éineacht leis an oibrí sóisialta, roghnóidh an tuismitheoir nó na tuismitheoirí ceann de na próifílí.
- Déanfaidh an t-oibrí sóisialta teagmháil leis na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha ábhartha lena fháil amach an bhfuil siad sásta leanúint ar aghaidh leis an leanbh a shuíomh faoina gcúram.
Treoir chéim-ar-chéim maidir le Uchtáil Bhaile Naíonán
-
1 Freastal ar chruinniú faisnéise le Tusla
Chun tús a chur leis an bpróiseas uchtála, beidh ort teagmháil a dhéanamh le d’oifig uchtála áitiúil de chuid Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach in Éirinn.
-
2 Foirm iarratais
Soláthróidh Tusla na foirmeacha agus an fhaisnéis a bhfuil gá leo chun tús a chur leis an bpróiseas. Ní mór duit an fhoirm iarratais a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig Tusla roimh dhul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile.
-
3 Measúnú tosaigh
Déanfar measúnú mionsonraithe ar iarratasóirí chun críche Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta a fháil. Oibrí sóisialta as Tusla nó gníomhaireacht chreidiúnaithe eile a dhéanfaidh an measúnú.
Is é cuspóir an mheasúnaithe sin a fháil amach cibé an bhfuil tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha oiriúnach chun leanbh a uchtáil. Áirítear leis roinnt agallamh aonair agus le chéile, agus cuairteanna ar áit chónaithe na n-iarratasóirí.
Pléifidh an t-oibrí sóisialta ábhair éagsúla leo, mar shampla an caidreamh atá acu, cén fáth ar mian leo uchtáil a dhéanamh, a bhfuil siad ag súil leis ón leanbh agus a gcumas cabhrú leis an leanbh eolas agus tuiscint a fháil ar a chúlra nó a cúlra nádúrtha.
-
4 Cúrsa ullmhúcháin
Ní mór d’iarratasóir(í) clár oiliúna a dhéanamh chun cabhrú leo tuiscint a fháil ar uchtáil.
-
5 Measúnú deiridh agus tuarascáil
Nuair a bheidh an measúnú deiridh tugtha chun críche, cuirfidh an t-oibrí sóisialta tuarascáil i dtoll a chéile ina dtabharfar breac-chuntas ar na torthaí a fuair siad.
-
6 Athbhreithniú ag an gCoiste Uchtála
Déanann an Coiste Uchtála áitiúil athbhreithniú ar gach cás agus cuireann a moladh ar aghaidh chuig Údarás Uchtála na hÉireann.
-
7 Cinneadh faoin Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta
Má tá na doiciméid go léir curtha ar aghaidh agus i gceart, breithneoidh Údarás Uchtála na hÉireann na moltaí agus cinnfidh siad an ndeonóidh siad Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta.
Deonaítear an Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta ar feadh dhá bhliain ón dáta a eisítear é. Má tá do dhearbhú ar tí dul in éag, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun síneadh bliana amháin a chur leis, ar an gcoinníoll nach bhfuil aon athrú ar do chúinsí.
-
8 Clárú
Déantar uchtaitheoirí ionchasacha a chlárú sa Bhunachar Sonraí Náisiúnta um Uchtáil.
-
9 Socrúchán
Déanann Tusla na tuismitheoirí ionchasacha a mheaitseáil leis an leanbh. Téann na tuismitheoirí ionchasacha agus an leanbh faoi thréimhse socrúcháin ina gcónaíonn an leanbh leis na tuismitheoirí ionchasacha agus déantar measúnuithe lena linn.
-
10 Ordú uchtála
Má éiríonn le socrúchán, an chéad chéim eile do na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha ná iarratas a dhéanamh ar an Údarás Uchtála ar ordú uchtála.
Déantar an t-iarratas tríd an gcomhlacht creidiúnaithe cláraithe nó Tusla, de ghnáth. Cuirfidh siad na doiciméid a theastaíonn don iarratas uchtála in iúl.Is gnách nach dtugann an tÚdarás Uchtála uchtáil chun críche go dtí go mbeidh an leanbh faoina gcúram ag na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha ar feadh sé mhí ar a laghad.
Ceanglaítear ar an gcomhlacht creidiúnaithe cláraithe nó Tusla ar a laghad dhá thuarascáil iar-shocrúcháin a chur ar aghaidh sular féidir leis an Údarás breithniú a dhéanamh ar an iarratas ar ordú uchtála. Is féidir leis an Údarás a éileamh ar na hiarratasóirí an leanbh a choimeád faoina gcúram ar feadh tréimhse níos faide i gcúinsí áirithe.
Maidir le toiliú
Toiliú le suíomh
I gcás ina bhfuil uchtáil linbh á eagrú ag comhlacht creidiúnaithe cláraithe nó Tusla, ní mór don mháthair, athair (i gcás inar chaomhnóir é) nó caomhnóir dlíthiúil eile toiliú nó comhaontú tosaigh a thabhairt go ndéanfaidh an comhlacht sin an leanbh a shuíomh lena uchtáil nó lena huchtáil. Is féidir é sin a thabhairt am ar bith tar éis bhreith an linbh.
Toiliú le hOrdú Uchtála
Ní mór don mháthair, athair (i gcás inar chaomhnóir é) nó caomhnóir dlíthiúil eile toiliú a thabhairt le déanamh an ordaithe uchtála.
Ní féidir an toiliú sin a thabhairt go dtí go mbeidh an leanbh sé seachtaine d’aois ar a laghad. Ní féidir é a thabhairt níos luaithe ná trí mhí roimh dháta an iarratais ar an ordú uchtála.
Ní mór toiliú a thabhairt i bhformáid áirithe agus ag cloí le nós imeachta áirithe atá leagtha síos sa reachtaíocht.
Is féidir toiliú le déanamh ordaithe uchtála a tharraingt siar am ar bith sula mbeidh an t-ordú uchtála déanta.
Leanbh a éileamh ar ais
Má athraíonn máthair a hintinn faoi uchtáil sula mbeidh an t-ordú uchtála déanta agus má fhéachann sí lena leanbh a éileamh ar ais, ach má dhiúltaíonn na tuismitheoirí uchtaíocha an leanbh a thabhairt uathu, is féidir léi imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh go dtabharfaí coimeád an linbh ar ais di.
Toiliú a ligean thar ceal
I gcúinsí áirithe, is féidir iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun an toiliú le déanamh an ordaithe uchtála a ligean thar ceal.
Áirítear leis sin:
- Más deimhin leis an Ard-Chúirt nach bhfuil ar chumas an duine ónar gá toiliú a fháil, de dheasca easláine meabhrach, toiliú a thabhairt
- Murar féidir teacht ar an duine ónar gá toiliú a fháil
Breithníonn an Ard-Chúirt leas an linbh sula ndéanann sí ordú.
Gan toiliú
Cad a tharlaíonn i gcás máthair a mbeidh comhaontaithe aici lena leanbh a shuíomh lena uchtáil nó lena huchtáil ach a mhainníonn, a fhaillíonn nó a dhiúltaíonn toiliú a thabhairt le déanamh ordaithe uchtála, nó a tharraingíonn a toiliú siar tar éis toiliú a thabhairt roimhe sin? Tá sé de rogha ag na tuismitheoirí uchtaíocha, má tá iarratas déanta acu ar ordú uchtála i leith an linbh, iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar ordú chun leanúint don uchtáil.
Breithníonn an Ard-Chúirt leas an linbh sula ndéanann sí ordú.
Coinníollacha
Aoiseanna íosta
Ní mór d’uchtaitheoirí ionchasacha a bheith ar a laghad 21 bliana d’aois.
Aoiseanna uasta
Níl aon uasteorainneacha aoise do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha leagtha síos sa dlí. Mar sin féin, is fachtóir suntasach é aois agus measúnú á dhéanamh ar oiriúnacht chun uchtáil a dhéanamh.
Cónaitheacht uchtaitheoirí
Ní mór cónaí rialta sa Stát a bheith ar thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha.
Cónaitheacht an linbh
Ní mór cónaí rialta sa Stát a bheith ar an leanbh.
Creideamh
Mura bhfuil an creideamh céanna ag an leanbh, na daoine atá á (h)uchtáil agus gach duine nach mór dóibh toiliú a thabhairt, is gá gach duine nach mór dóibh toiliú a thabhairt a chur ar an eolas faoi chreideamh na dtuismitheoirí uchtaíocha sula dtugann siad ceadú.
Oiriúnacht
Ní féidir leis an Údarás Uchtála ordú uchtála a dhéanamh ach amháin más deimhin leis gur duine oiriúnach é nó í gach duine de na tuismitheoirí uchtaíocha chun cearta tuismitheora a bheith aige nó aici agus dualgais tuismitheora a bheith air nó uirthi i leith an linbh. Caithfidh tuismitheoirí uchtaíocha Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta bailí a bheith acu an tráth bhfuil an t-ordú uchtála le déanamh.