An Clár um Aithreacha Breithe
Má tá a fhios agat go bhfuil sé ar intinn ag máthair do linbh an leanbh a shuíomh lena uchtáil gan a chur in iúl duit nó in éadan do thola, nó má tá imní ort go bhféadfadh sé sin tarlú, is féidir leat a chur in iúl don Údarás gur mian leat go gcuirfí ar an eolas thú agus go rachfaí i gcomhairle leat má tharlaíonn sé sin.
Is féidir leat é seo a dhéanamh fiú sula mbeirtear an leanbh más gá.
Ansin déanann an tÚdarás na sonraí a sholáthraíonn tú a thaifeadadh ar an gClár um Aithreacha Breithe. Déantar an Clár seo a sheiceáil in éadan gach iarratas ar uchtáil.
- Comhlánaigh an fhoirm ar líne thíos agus cuir isteach í.
- Tar éis duit an fhoirm a chomhlánú, gheobhaidh tú deimhniú i scríbhinn go bhfuil do shonraí curtha isteach ar an gClár um Aithreacha Breithe.
- Sa chás go bhfaigheann an tÚdarás Uchtála iarratas chun an leanbh a d’aithin tú a uchtáil, rachaidh an tÚdarás Uchtála i dteagmháil leat.