Creidiúnú
I gcomhthéacs na huchtála, ciallaíonn creidiúnú meastóireacht fhoirmiúil a bheith á déanamh ag Údarás Uchtála na hÉireann ar chomhlachtaí nó ar dhaoine áirithe, go háirithe comhlachtaí nó daoine a bhfuil baint acu le socruithe a dhéanamh chun leanbh a uchtáil nó chun seirbhísí a sholáthar, mar shampla rianú, comhairleacht, nó idirghabháil do dhaoine uchtaithe nó dá ngaolta.
An reachtaíocht a rialaíonn an próiseas creidiúnaithe ná Ionstraim Reachtúil Uimh. 524 de 2010, Na Rialacháin maidir leis an Acht Uchtála, 2010 (Comhlachtaí Creidiúnaithe) 2010.
Cé hiad nach mór dóibh a bheith creidiúnaithe?
Aon chomhlacht nó duine atá bainteach le ceann ar bith de na gníomhaíochtaí atá liostaithe thíos, ní mór dóibh a bheith creidiúnaithe ag Údarás Uchtála na hÉireann ionas gur féidir leo leanúint leis na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an dlí.
Cuimsíonn gníomhaíochtaí:
- Aon chomhaontú nó socrú a dhéanamh maidir le huchtáil nó cothabháil linbh, nó lena n-éascaítear uchtáil nó cothabháil linbh, ag aon duine
- aon chaibidlí a thionscnamh nó páirt a ghlacadh in aon chaibidlí arb í an aidhm nó an éifeacht atá leo aon chomhaontú nó socrú den sórt sin a dhéanamh
- cur faoi deara do dhuine eile aon chaibidlí den sórt sin a thionscnamh nó páirt a ghlacadh iontu
- tairiscint dul i mbun caibidlí thar ceann tuismitheoirí nó uchtaitheoirí ionchasacha linbh d’fhonn uchtáil a shocrú
- aon socrú a chur i gcrích nó a dhéanamh chun measúnacht ar incháilitheacht agus oiriúnacht a dhéanamh
- tuarascálacha a ullmhú maidir le measúnachtaí ar incháilitheacht agus oiriúnacht
- faisnéis, comhairle agus comhairliúchán maidir le huchtáil a chur ar fáil d’aon uchtaitheoirí ionchasacha
- faisnéis, comhairle agus comhairliúchán maidir le huchtáil a chur ar fáil do mháthair nó do chaomhnóir a bheartaíonn leanbh a shuíomh lena uchtáil nó lena huchtáil
- faisnéis agus comhairle maidir le stádas liachta nó stádas eile an linbh a chur ar fáil i dtaca le huchtáil
- leanbh a shuíomh le haon uchtaitheoirí ionchasacha
D’fhéadfadh go mbeadh creidiúnú ag teastáil uait freisin má dhéanann tú ceann de na nithe a leanas :
- Cúnamh a thabhairt do dhaoine uchtaithe (atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn) chun a dtuismitheoirí breithe nó gaolta eile leo a lorg, agus cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí breithe nó do ghaolta eile (atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn) le daoine uchtaithe chun na daoine uchtaithe a lorg;
- Comhairle a chur ar na daoine a ndéantar tuairisc orthu thuas; nó
- Idirghabháil a dhéanamh idir daoine uchtaithe agus tuismitheoirí breithe nó gaolta eile a ndéantar tuairisc orthu thuas.
Luach an chreidiúnaithe
Tugann creidiúnú le fios go bhfuil eagraíocht nó clár ag bainistiú a chuid acmhainní go héifeachtach agus ag soláthar na seirbhísí is fearr is féidir do gach páirtí leasmhar.
Úsáideoirí Seirbhísí
- Comhlíonann seirbhísí caighdeáin dea-chleachtais
- Cuireann foireann atá oilte go cuí seirbhísí ar fáil
- Glacann cliaint páirt i bpróiseas cinnteoireachta an tsoláthair seirbhíse
- Cuirtear seirbhísí ar fáil i dtimpeallacht shábháilte agus mheasúil
- Déantar príobháideachas a chosaint
- Tacaíonn seirbhísí le torthaí dearfacha
- Tá seirbhísí inniúil ó thaobh cultúir de
An Fhoireann
- Déantar sláinte agus sábháilteacht a chosaint
- Déantar riosca agus dliteanas a íoslaghdú
- Tá timpeallachtaí seirbhíse éifeachtúil, éifeachtach agus tacaithe ag cultúr atá dírithe ar fheabhsú cáilíochta
- Déantar cáilíochtaí gairmiúla na foirne a shainmhíniú
- Tá beartas sceithireachta i bhfeidhm
- Tá córas i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht
An Bord
- Tá cleachtais bainistíochta airgeadais fónta i bhfeidhm
- Tá na cleachtais eiticiúil
- Tá an plean straitéiseach cothrom le dáta, ábhartha agus déantar monatóireacht air
- Tá córais éifeachtacha um fheabhsú cáilíochta feidhmíochta agus bainistíochta riosca i bhfeidhm
- Tugann beartais agus nósanna imeachta aghaidh ar choinbhleacht leasa, cóir fhabhrach, freagracht agus tarmligean údaráis
An chaoi a bhfaightear creidiúnú
Chun stádas creidiúnaithe a fháil ní mór do chomhlacht nó duine iarratas a dhéanamh chuig Údarás Uchtála na hÉireann. Ní mór dóibh na critéir a leagtar síos sa reachtaíocht a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis a chur ar fáil don Údarás Uchtála faoina gcúrsaí airgeadais, rialachas, etc.
Chun eolas níos mionsonraithe a fháil, scríobh chuig:
An tAonad Seirbhísí Corparáideacha agus Creidiúnaithe
Teach Shíol Bhroin
Bóthar Shíol Bhroin
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
D04 H6F6