Skip to main content

Ciallaíonn uchtáil idir tíortha an cás ina n-uchtálann daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn leanaí a bhfuil cónaí orthu i dtír eile seachas in Éirinn. 

An éifeacht a bhíonn ag uchtálacha den sórt sin ná go meastar gur leanaí leis na huchtaitheoirí iad leanaí uchtaithe ar an gcaoi chéanna le leanaí a rugadh dóibh, agus go bhfuil na cearta agus dualgais go léir ag tuismitheoirí agus leanaí i ndáil lena chéile.

Cuireadh uchtáil idir tíortha ar bhonn reachtúil in Éirinn sa bhliain 1991 nuair a ritheadh an tAcht Uchtála. An reachtaíocht phríomha is déanaí sa réimse seo ná an tAcht Uchtála, 2010.

Is gá cloí le nósanna imeachta áirithe ionas go n-aithneofaí ordú le haghaidh uchtáil idir tíortha ag Stát na hÉireann. Tá na nósanna imeachta sin leagtha amach san Acht Uchtála agus i gCoinbhinsiún na Háige um Chosaint Leanaí agus Comhar i Leith Uchtála idir Tíortha. Rinneadh an tAcht Uchtála a leasú i mí Dheireadh Fómhair 2017

Treoir céim ar chéim maidir le Uchtáil idir tíortha

Cláir

Mionsonraí teagmhála

An tAonad Uchtála Idir Tíortha
Údarás Uchtála na hÉireann*
Teach Shíol Bhroin
Bóthar Shíol Bhroin
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4 
D04 H6F6 

Teileafón +353 1 2309 300
Ríomhphost: intercountry@aai.gov.ie