Clár na nUchtálacha idir Tíortha
Chun uchtáil a chlárú, is gá duit iarratas a chur isteach, tríd an bpost, chuig Údarás Uchtála na hÉireann chun clárú na huchtála faoi dlí na hÉireann a iarraidh.
Treoir céim ar chéim maidir le Uchtáil idir Tíortha a Chlárú
-
1 Bailigh cruthúnas ar an uchtáil choigríche
Caithfidh cruthúnas ar an uchtáil choigríche a bheith ag gabháil le d’iarratas:
- An t-ordú uchtála bunaidh a rinneadh sa tír choigríoch.
- Má tá an t-ordú i dteanga seachas Béarla ní mór duit aistriúchán deimhnithe go Béarla den ordú uchtála a chur ar fáil. Caithfidh seirbhís aistriúcháin chláraithe an t-aistriúchán a dhéanamh agus níl cead ag an iarratasóir é a aistriú.
-
2 Déan iarratas ar an uchtáil a chlárú
Déan iarratas ar thaifeadadh ar Chlár na nUchtálacha idir Tíortha:
- Íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm iarratais ábhartha (féach foirmeacha A, B, C ag bun an leathanaigh). Tabhair do d’aire go bhfuil a ceanglais féin ag gabháil le gach foirm iarratais maidir le doiciméid, anuas ar an ordú uchtála. Gheobhaidh tú an liosta ábhartha de na doiciméid riachtanacha sa seicliosta doiciméad ag tús na foirme iarratais ábhartha.
- Seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe agus an cruthúnas ar an uchtáil choigríche (mar a leagtar amach i gcéim 1) chuig:
An tAonad Uchtála Idir Tíortha
Údarás Uchtála na hÉireann*
Teach Shíol Bhroin
Bóthar Shíol Bhroin
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
D04 H6F6
-
3 Déanann an tÚdarás scrúdú ar an iarratas
Scrúdóidh an tÚdarás cibé an féidir aitheantas a thabhairt don uchtáil de réir chineál na huchtála, lena n-áirítear cibé an gcloíonn an uchtáil leis an sainmhíniú ar uchtáil choigríche in Alt 1 den Acht Uchtála, 1991.
-
4 Cláraítear an uchtáil
Chomh luath agus a bheidh an tÚdarás sásta, is féidir taifead a dhéanamh ar Chlár na nUchtálacha idir Tíortha. Chomh luath agus atá sí cláraithe, tá an stádas dlíthiúil céanna ag uchtáil an duine agus a bheadh dá ndéanfaí an uchtáil sa tír seo.
-
5 Déan iarratas ar dheimhniú
- Is féidir deimhnithe nó sleachta as Clár na nUchtálacha idir Tíortha a fháil ach táille a íoc.
- Is cóip dheimhnithe den taifead a rinneadh ar Chlár na nUchtálacha idir Tíortha é an deimhniú.
- Chun críocha dleathacha, tá an stádas céanna ag an deimhniú seo agus atá ag teastas breithe.