An Clár Aitheantais Inscne
Déantar athrú inscne dlíthiúil duine a thaifeadadh ar Chlár Aitheantais Inscne na nUchtálacha idir Tíortha i gcás ina rugadh an duine thar lear agus inar uchtáladh é nó í.
Cad a theastaíonn?
- Deimhniú bailí um Inscne a Aithint arna eisiúint ag an Roinn Coimirce Sóisialaí
- Caithfidh an uchtáil a bheith cláraithe ar Chlár na nUchtálacha Coigríche (clárú roimh an 1 Samhain 2010) nó ar Chlár na nUchtálacha Idir Tíortha (clárú tar éis an 1 Samhain 2010)
Treoir céim ar chéim maidir le Aitheantas Inscne na nUchtálacha idir Tíortha
Táscaire ar an dul chun cinn
-
1 Na doiciméid a theastaíonn
Déan cinnte go bhfuil na doiciméid seo a leanas agat:
- Cóip den Deimhniú um Inscne a Aithint arna eisiúint ag an Roinn Coimirce Sóisialaí
- Cóip den litir fógra ón Roinn Coimirce Sóisialaí a tháinig leis an Deimhniú um Inscne a Aithint.
- Cóip den taifead roimhe sin ar Chlár na nUchtálacha Coigríche nó ar Chlár na nUchtálacha idir Tíortha
-
2 Déan iarratas ar líne
Ba cheart iarratais a dhéanamh ach an fhoirm ábhartha a chomhlánú, agus ba cheart na doiciméid a luaitear i gCéim 1 a chur ar aghaidh léi.
-
3 Taifead a dheonú
Chomh luath agus a dheonófar an taifead, tabharfar fógra duit ar ríomhphost.
-
4 Déan iarratas ar chóip
Chomh luath agus a dheonófar taifead ar Chlár Aitheantais Inscne na nUchtálacha idir Tíortha, is féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar chóip den taifead ar an gClár. Tá táille i gceist leis an tseirbhís seo:
- 1 cóip - €20
- 2 chóip - €40
- 3 chóip - €60