Mol Taighde
Mar chuid dá fheidhm reachtúil, ceanglaítear ar Údarás Uchtála na hÉireann tionscadail taighde agus gníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhísí uchtála a dhéanamh, nó cuidiú leo. Tá an tÚdarás tiomanta do bhonn eolais a chur le beartas agus seachadadh seirbhísí uchtála, agus tionchar a imirt orthu, trí chreat cuimsitheach faisnéise, taighde agus cumarsáide a chur ar fáil.
Tá foireann thaighde inmheánach ag Údarás Uchtála na hÉireann, a dhíríonn ar thaighde faoi uchtáil a dhéanamh agus a chur chun cinn in Éirinn. Tá roinnt de na hacmhainní a bhailíomar agus a chuireamar i dtoll a chéile le déanaí le fáil thíos .Tá fáil romhat iad a iniúchadh, agus líon isteach na foirmeacha thíos más mian leat tuilleadh eolais a fháil!
Déan iniúchadh ar ábhar
-
Léigh
Taighde agus tuarascálacha faoi gach gné den uchtáil, lena n-áirítear uchtáil bhaile agus idir tíortha, agus tuarascálacha coimisiúnaithe. -
Éist
Agallaimh agus tráchtaireacht shóisialta: Éist lenár saineolaithe agus saincheisteanna uchtála á bplé acu. -
Foghlaim
Póstaeir, paimfléid agus bileoga eolais chun feasacht a mhúscailt agus oideachas a chur ar dhaoine faoi chúrsaí uchtála. -
Fochoiste taighde
Tuairiscíonn an fochoiste taighde go díreach chuig an mbord. Tagann sé le chéile ceithre huaire sa bhliain.