A+ A A-

Select your language

    Reachtaíocht
    Cuireadh tús leis an tAcht Uchtála ar 1 Samhain 2010. Tharla sé sin i gcomhthráth le daingniú foirmiúil ag Éire ar Choinbhinsiún na Háige ar Chosaint Leanaí agus Comhoibriú i Leith An Uchtáil idir Tíortha. Cuireadh an tÚdarás Uchtála ar bun ar an lá sin, chomh maith. An aidhm atá leis an Acht Uchtála 2010 ná caighdeáin a fheabhsú san uchtáil baile agus san uchtáil idir tíortha araon. Tá an creat rialála atá ag rialú uchtálacha láidrithe in iarracht a chinntiú go gcosnaítear leas is fearr an pháiste ag gach céim ar feadh an phróisis uchtála. Le héifeacht ó 1 Samhain 2010 is féidir uchtálacha idir tíortha a chur i gcrích le tíortha eile a bhfuil Coinbhinsiún na Háige daingnithe acu nó le tíortha lena bhfuil comhaontú déthaobhach ag Éirinn.

    Reachtaíocht Phríomha

    Ionstraimí Reachtúla

    Reachtaíocht roimhe seo a aisghaireadh leis an Acht Uchtála 2010

    Reachtaíocht roimhe seo a aisghaireadh leis an Acht Uchtála 2010

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."