A+ A A-

Select your language

    Obair Shóisialta
    Image

    Torrach agus ag Smaoineamh faoi Uchtáil

    Má tá tú díreach tar éis a fháil amach go bhfuil tú torrach, d’fhéadfadh sé go mbeadh tú trína chéile maidir lena bhfuil i ndán duit san am atá romhat agus maidir leis na cinntí atá le déanamh agat. D’fhéadfadh sé cuidiú leat dá mbeifeá in ann an cás a phlé le hathair an linbh nó le do theaghlach féin.

    Image

    Comhairliúchán

    Má tá spéis agat gaol a lorg agus más mian leat leas a bhaint as comhairliúchán, de ghnáth, cuireann an ghníomhaireacht a d’eagraigh an uchtáil an tseirbhís seo ar fáil. Tá formhór na sean-ghníomhaireachtaí uchtála dúnta síos agus tá a gcuid taifead aistrithe chuig Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

    Image

    Tús Áite do Leanaí agus Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

    Achtaíodh go hiomlán an tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 i mí na Nollag na bliana 2017. Tá na Treoirlínte do Thús Áite do leanaí tugtha cothrom le dáta ón mbliain 2011 anois go dtí Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí, 2017.

    Image

    Monatóireacht agus Athbhreithniú ar Sheirbhísí

    Oibríonn oibrithe sóisialta, an fhoireann riaracháin agus Comhairleoir Leighis an Údaráis Uchtála i gcomhar le chéile le hathbhreithniú agus monatóireacht a dhéanamh ar gach iarratas uchtála.

    Image

    Seirbhísí Tar Éis Uchtála

    Tá Údarás Uchtála na hÉireann ríméadach an tionscnamh seo a sheoladh – an tEolaire maidir le Seirbhísí Tar Éis Uchtála.  Is é atá mar chuspóir leis an Eolaire cuidiú le daoine sa tír a bhfuil seirbhísí tar éis uchtála á lorg acu. 

    Maidir linne

    Tá na seirbhísí uchtála go léir á rialú ag Údarás Uchtála na hÉireann.  Athbhreithníonn agus déanann an fhoireann oibre sóisialta monatóireacht, mar chuid den rialachán sin, ar an gcleachtas maidir le hobair shóisialta ag gach céim den phróiseas uchtaithe ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear:

        •  toircheas géarchéime chomh fada le cinntí maidir le huchtáil;
        •  measúnacht ar thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha;
        •  leanaí a mheaitseáil le tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha oiriúnacha;
        •  ag labhairt le leanaí maidir le huchtáil;
        •  ag cur tacaíochta ar fáil tar éis uchtála;
        •  idirghabháil agus comhairliúchán ó thaobh cuardach agus teacht le chéile a eagrú.

     

    Soláthraíonn Foireann Oibre Sóisialta an Údaráis Uchtála idirghabháil agus comhairliúchán do dhaoine a bhí bainteach le huchtálacha tríú páirtí agus teaghlaigh. Cuireann an fhoireann fhaisnéise, comhairle agus tacaíocht ar fáil freisin maidir le saincheisteanna a bhaineann le huchtáil. Fáiltítear roimh fhiosrúcháin ó dhaoine den phobal chomh maith le lucht gairme.

    Déan teagmháil leis an Fhoireann Oibre Sóisialta:

    An bPost: An Fhoireann Oibre Sóisialta
    Údarás Uchtála na hÉireann
    Teach Shíol Bhroin
    Droichead na Dothra
    Baile Átha Cliath 4
    DO4 H6F6

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."