Eolas do Thuismitheoirí Breithe
B’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar an gcéad chéim a thógáil i dtreo teagmháil a dhéanamh le do mhac nó le d’iníon. Fáiltímid roimh aon teagmháil ó thuismitheoirí breithe ag lorg eolais faoina mic nó iníonacha uchtaithe.
Eolas do Thuismitheoirí Breithe
B’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar an gcéad chéim a thógáil i dtreo teagmháil a dhéanamh le do mhac nó le d’iníon. Fáiltímid roimh aon teagmháil ó thuismitheoirí breithe ag lorg eolais faoina mic nó iníonacha uchtaithe. Fiú mura bhfuil tú réidh le haghaidh teagmhála beidh eolas tábhachtach míochaine agat a d’fhéadfaimis roinnt le do mhac nó le d’iníon. Tá mórán daoine uchtaithe ann nach bhfuil aon eolas acu faoina stair liachta agus is féidir tairbhe mhór a bheith ag baint leis an eolas sin don duine uchtaithe agus dá leanaí.
Tá dhá chéim is féidir leat a thógáil chun an próiseas a thosú
- Cláraigh ar an gClár Náisiúnta um Thosaíochtaí Teagmhála Uchtaithe. Is bealach é an Clár Teagmhála le do chuid mianta a insint dúinn faoi theagmháil le do mhac nó le d’iníon. Tá clárú ar an gClár Teagmhála deonach agus ní tharlóidh teagmháil ach sa chás gur mhian leis an duine uchtaithe agus leis an ngaol bitheolaíochta araon teagmháil a bheith ann. Ní seirbhís rianaithe atá sa Chlár Teagmhála, ní tharlaíonn rud ar bith mura gcláraíonn an duine eile ann.
Má chláraíonn tú ar an gClár Teagmhála déanfaimid seiceáil an féidir linn tú a chur i dteagmháil le do mhac nó le d’iníon. Ní gá go mbeadh an teagmháil agat mura bhfuil tú réidh. Faoi láthair tá i bhfad níos mó daoine uchtaithe ná tuismitheoirí breithe ar an gClár Teagmhála agus mar sin iarraimid ort clárú más tuismitheoir breithe tú. Mura bhfuil tú cinnte faoi na sonraí de bhreith do mhic nó d’iníne déan teagmháil linn, le do thoil, ionas gur féidir linn labhairt leat. Tuigimid, chomh maith, go bhféadfadh sé a bheith amhlaidh gur thug tú níos mó ná páiste amháin le haghaidh uchtála. Déan teagmháil, le do thoil, le gur féidir linn cabhrú leat tóraíocht a dhéanamh nó le heolas a chur ar an gcomhad.
Cliceáil anseo le do thoil, le haghaidh breis eolais faoin gClár Náisiúnta Thosaíochtaí Teagmhála Uchtaithe agus le haghaidh foirmeacha iarratais
- Déan teagmháil leis an ngníomhaireacht a shocraigh do mhac nó d’iníon le haghaidh uchtála. Chun tús a chur le cuardach beidh gá duit teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht uachtála a bhí ag déileáil le huchtáil do linbh agus iarr cabhair orthu chun rianú a dhéanamh ar do leanbh. Más rud é go bhfuil ainm na gníomhaireachta ar eolas agat is féidir dul i dteagmháil go díreach leo. Mura bhfuil tú cinnte nó mura bhfuil a fhios agat is féidir ceist a chur orainn le haghaidh an eolais seo. Murar mian leat teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht labhair linn, le do thoil, le gur féidir linn cabhrú leat agus labhairt faoi sheirbhís eile. Tá mórán de na gníomhaireachtaí uchtála dúnta agus tá na comhaid den chuid is mó díobh aistrithe chuig comhlachtaí eile ar nós Tusla/An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Is féidir seiceáil ar an suíomh gréasáin an bhfuil na comhaid don ghníomhaireacht atá á lorg agat á gcoinneáil acu ag www.tusla.ie.
Mura bhfuil tú cinnte nó mura bhfuil ainm na gníomhaireachta ar eolas agat déan teagmháil, le do thoil, leis an Aonad Eolais agus Rianaithe, an tÚdarás Uchtála, trí ríomhphost nó litir agus ceangail cineál aitheantais leis agus scríobhfaimid ar ais chugat le hainm na gníomhaireachta agus lena cuid sonraí teagmhála.
Naisc Úsáideacha
Comhairle Ghníomhaireachtaí Uchtála na hÉireann – Eolas le haghaidh tuismitheoirí breithe
Eolas le haghaidh ball eile clainne
Murar tuismitheoir breithe tú ach go gcreideann tú go bhfuil ball clainne ann atá uchtaithe agus ba mhaith leat eolas a chur ar fáil dó/dóibh nó ba mhaith leat teagmháil a dhéanamh leo, nuair a dhéanfaidh tú teagmháil linn beidh ort d’aitheantas féin a chruthú dúinn agus fianaise den cheangal atá agat leis an duine atá á lorg agat.
Aithreacha Breithe
Aithreacha Breithe
Eolas d’ Aithreacha Breithe
Más fíor go bhfuil tusa agus máthair do pháiste ag smaoineamh ar bhur bpáiste a chur suas le haghaidh uchtála tá roinnt daoine ann ar féidir labhairt leo chun cuidiú leat do chinneadh a dhéanamh. Is féidir dul i dteagmháil le do sheirbhísí uchtála áitiúla in Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus An Teaghlach nó le foras creidiúnaithe nó is féidir labhairt le hoibrí sóisialta ar dualgas san Údarás Uchtála ar 01-2309306. Dá mba mhaith leat roinnt eolais a léamh sula labhraíonn tú le hoibrí sóisialta is féidir cliceáil anseo.
Tabharfaidh an t-eolas thíos tuairim éigin duit, chomh maith, faoi na céimeanna atá i gceist má shocraíonn tú ar do pháiste a chur suas le haghaidh uchtála.
Toiliú Uchtála
Teastaíonn toiliú ó chaomhnóir(í) dlíthiúla páiste sular féidir an páiste a chur suas le haghaidh uchtála. Tá máthair bhreithe páiste ina caomhnóir ar a páiste go huathoibríoch. Mar athair an pháiste, chun stádas caomhnóra a bheith agat ní mór go mbeadh tú pósta leis an máthair ag am na breithe nó tar éis an mháthair a phósadh i ndiaidh bhreith an pháiste agus athchlárú a bheith déanta ar bhreith an pháiste chun é sin a chur in iúl, nó go bhfuil caomhnóireacht faighte agat trí ordú cúirte nó trí dhearbhú reachtúil.
An bhfuil tú i do chaomhnóir dlíthiúil ar do pháiste?
Más tú an caomhnóir dlíthiúil ar do pháiste ní mór do thoiliú a fháil sular féidir an páiste a chur suas le haghaidh uchtála. Tá do thoiliú ag teastáil, chomh maith, chun cead a thabhairt ordú uchtála a dhéanamh i leith an pháiste. Ní féidir an toiliú a thabhairt ach amháin i ndiaidh comhairliúchán a bheith faighte mar ní mór go mbeadh toiliú tugtha ar bhealach atá saor agus feasach. Ní mór go mbeadh an t-oibrí sóisialta sásta go dtuigeann tú na himpleachtaí, dleathacha agus pearsanta, atá ag baint leis an gcinneadh atá á dhéanamh agat. Tá doiciméid shonracha toilithe nach mór a bheith comhlánaithe agat agus iad curtha faoi bhrí mionna roimh Choimisinéir Mionnaí.
Mura bhfuil tú i do chaomhnóir dlíthiúil
Mura bhfuil tú i do chaomhnóir dlíthiúil ar an bpáiste níl do thoiliú ag teastáil chun cead a thabhairt an páiste a chur suas le haghaidh uchtála nó chun cead a thabhairt do phróiseas na huchtála dul chun cinn. Tá tú i dteideal, áfach, a bheith curtha ar an eolas faoi shocrúchán ionchasach an pháiste le haghaidh uchtála nó faoin iarratas ionchasach ar ordú uchtála. Lorgófar do thuairimí faoi shocrúchán an pháiste le haghaidh uchtála nó faoi ordú uchtála a bheith á dhéanamh. Is dhá chéim dhifriúil iad seo. I roinnt cásanna, ar nós uchtáil leas-thuismitheora, níl sé riachtanach dul i gcomhairle leat ach amháin le haghaidh páirt an ordaithe uchtála den phróiseas mar go bhfuil an páiste in áit leis an máthair cheana.
An Clár um Aithreacha Breithe
Más eol duit go bhfuil sé ar intinn ag máthair do pháiste an páiste a chur suas le haghaidh uchtála gan tú a chur ar an eolas nó in aghaidh do mhianta, nó má tá sé ina imní duit go dtarlódh sé, is féidir an tÚdarás a chur ar an eolas gur mhian leat go gcuirfí in iúl duit é agus go dtiocfaí i gcomhairle leat má tharlaíonn sé. Is féidir é seo a dhéanamh fiú sula mbeirtear an páiste, más gá. Ansin, breacann an tÚdarás na sonraí atá curtha ar fáil agat ar an gClár um Aithreacha Breithe. Déantar seiceáil ar an gcomhad in aghaidh gach iarratas ar uchtáil.
Chun é seo a dhéanamh ní mór duit doiciméad ar a dtugtar Foirm F3 a chomhlánú. Is féidir an fhoirm seo a íoslódáil ag an nasc thíos nó is féidir ceann a iarraidh ón Údarás ar ríomhphost nó ar an teileafóndomestic@aai.gov.ie nó 01 2309 349.
I ndiaidh duit an fhoirm a chomhlánú agus a chur ar ais gheobhaidh tú deimhniú i scríbhinn go bhfuil do chuid sonraí curtha isteach ar an gClár um Aithreacha Baiste. Sa chás go dtagann iarratas chuig an Údarás chun an páiste atá aitheanta agatsa a uchtáil déanfaidh an tÚdarás teagmháil leat. I ndiaidh duit an fhoirm a chomhlánú agus a chur ar ais gheobhaidh tú deimhniú i scríbhinn go bhfuil do chuid sonraí curtha isteach ar an gClár um Aithreacha Baiste. Sa chás go dtagann iarratas chuig an Údarás chun an páiste atá aitheanta agatsa a uchtáil déanfaidh an tÚdarás teagmháil leat.
Foirm Cláraithe um Aithreacha Baiste – Foirm F3
Fógra d’aithreacha baiste ar shocrúchán le haghaidh uchtála nó ar iarratas uchtála
Mar chuid den phróiseas socrúcháin le páiste a chur suas le haghaidh uchtála agus ag tabhairt cead don iarratas ar uchtáil dul chun cinn iarrtar ar an máthair athair an pháiste a ainmniú ionas gur féidir cloí leis an reachtaíocht maidir lena chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leis. Déanfaidh an t-oibrí sóisialta atá ag obair leis an máthair iarratas foirmiúil ansin ar an Údarás seiceáil a dhéanamh ar an gClár um Aithreacha Breithe chun féachaint an bhfuil fógra ó athair an pháiste cláraithe ar an gClár.
Céard a tharlaíonn ansin?
Mar athair breithe ainmnithe, bíodh tú ar an gclár um aithreacha baiste nó ná bíodh, déanfaidh oibrí sóisialta teagmháil leat i scríbhinn ag cur in iúl duit go bhfuil iarratas déanta chun an páiste a chur suas le haghaidh uchtála nó chun go ndéanfaí ordú uchtála i leith an pháiste. Le linn an phróisis chomhairliúcháin is féidir go dtairgfí comhairleoireacht duit, go gcuirfí do chuid cearta dlíthiúla in iúl duit agus go n-iarrfaí ort do dhearcadh a thabhairt. Cuirfear foirm shonrach chugat le comhlánú. Leagann an fhoirm amach roinnt roghanna, chomh maith le do dhearcadh a lorg faoin socrúchán nó faoin uchtáil. Is í an fhoirm an taifead oifigiúil den dearcadh atá agat. Is féidir a chur in iúl an bhfuil tú in aghaidh an tsocrúcháin nó uchtála atá beartaithe nó nach bhfuil, is féidir leat a chur in iúl, chomh maith, an bhfuil sé ar intinn agat comhairle dlí a lorg, iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna, nó a chur in iúl gur mhaith leat casadh le hoibrí sóisialta nó éisteacht a fháil roimh Bhord an Údaráis Uchtála.
Mura bhfuil tú i gcoinne an iarratais is féidir é sin a chur in iúl ar an bhfoirm seo agus is féidir leis an iarratas dul chun cinn.
Má roghnaíonn tú iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna ar chaomhnóireacht ní mór é sin a dhéanamh laistigh de thréimhse shocraithe ama agus ní mór fianaise den iarratas ar na cúirteanna a chur ar fáil don oibrí sóisialta. Cuirtear an t-iarratas ar shocrúchán nó ar ordú uchtála ar fionraí nó go mbeidh toradh an iarratais ar na cúirteanna ar eolas.
Más rud é go bhfuil ordú caomhnóireachta agat agus go bhfuil tú ag cur in aghaidh shocrúchán an pháiste le haghaidh uchtála nó ag cur in aghaidh an iarratais ar uchtáil an pháiste is féidir leis an máthair bhreithe iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun an t-ordú caomhnóireachta a urscaoileadh.
Ag Ligean Toilithe thar Ceal
I gcás go bhfuil athair breithe ainmnithe ag an máthair ach in ainneoin gach iarrachta nárbh fhéidir teacht air nó teagmháil a dhéanamh leis ní mór go gcuirfeadh Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus An Teaghlach nó an foras creidiúnaithe ábhartha, tuairisc faoi bhráid an Údaráis. Déanfaidh an tÚdarás cinneadh ansin faoi an féidir nó nach féidir leis an iarratas dul chun cinn gan fógra a thabhairt dó agus dul i gcomhairle leis nó an gá go dtógfaí breis céimeanna.
Nuair nárbh fhéidir dul i gcomhairle le hathair breithe mar gheall nár aithníodh é nó nach féidir é a aithint ní mór don mháthair Dearbhú Reachtúil a mhionnú ag déanamh cur síos ar mar a thángthas go dtí an staid áirithe seo. Ní mór an dearbhú reachtúil, tuairisc chúlra ón oibrí sóisialta agus aon cháipéisí tacaíochta eile a tharchur chun na hArdchúirte. Iarrtar ar an Ardchúirt ordú a dhéanamh ag tabhairt cead don Údarás dul chun cinn le socrúchán an pháiste le haghaidh uchtála nó le hordú uchtála a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an athair breithe. Ní féidir leis an Údarás dul chun cinn le socrúchán nó le huchtáil nó go mbeidh ordú dá leithéid déanta.
I gcás go bhfuil ordú déanta ag ceadú an páiste a chur suas le haghaidh uchtála gan fógra a thabhairt agus dul i gcomhairle leis an athair breithe is féidir dul chun cinn leis an socrúchán. Ní cheadaíonn an t-ordú seo ordú uchtála a dhéanamh. Mar atá sé scríofa sa dlí murarbh fhéidir dul i gcomhairle leis an athair breithe ó cuireadh an páiste suas le haghaidh uchtála ní mór don Údarás dul ar ais don Ardchúirt arís chun iarratas a dhéanamh ar ordú le cead a thabhairt dó ordú uchtála a dhéanamh gan fógra a thabhairt agus dul i gcomhairle leis an athair breithe.
I gcás uchtáil leaschlainne níor ghá don chás dul ag an Ardchúirt ach uair amháin don ordú ag tabhairt cead ordú uchtála a dhéanamh. Ní thagann saincheist faoi shocrúchán le haghaidh uchtála isteach sa scéal sa chás go bhfuil an páiste ina chónaí lena m(h)áthair.
I roinnt staideanna eisceachtúla nó nárbh fhéidir teacht ar roinnt toilithe nó iad ar fad chun cead a thabhairt ordú uchtála a dhéanamh is féidir cás a tharchur ag an Ardchúirt chun cinneadh a dhéanamh an iomchuí é dul chun cinn leis an ordú uchtála. D’fhéadfadh staid mar sin teacht aníos sa chás nach féidir teacht ar an/na caomhnóir(í) dlíthiúla. Is féidir leis tarlú i gcás go ndiúltaíonn caomhnóir(í) toiliú a thabhairt.
Cinneadh Atharthachta
I gcás go bhfuil díospóid ann faoi atharthacht páiste tharlódh sé gur gá tástáil DNA a dhéanamh. Is féidir leis tarlú sa chás go ndiúltaíonn an t-athair ainmnithe d’atharthacht an pháiste nó i gcás go bhfuil fear seachas an fear atá ainmnithe ag an máthair cláraithe ar an gClár um Aithreacha Breithe.
I gcás go mbeirtear páiste do bhean pósta is é an toimhdiú sa dlí gurb é a fear céile athair an pháiste mura gcruthaítear a mhalairt. Sa chás sin d’fhéadfadh sé tarlú gur gá fianaise DNA a fháil nó gur gá go ndéanfadh an fear céile agus an t-athair toimhdean agus an mháthair ráitis faoi mhionn faoi na fíricí.
Máithreacha Breithe
Máithreacha Breithe
Eolas do Mháithreacha Breithe
Más fíor go bhfuil tú ag smaoineamh ar do pháiste a chur suas le haghaidh uchtála tá roinnt daoine ann ar féidir labhairt leo chun cuidiú leat do chinneadh a dhéanamh. Is féidir dul i dteagmháil le do sheirbhísí uchtála áitiúla in Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus An Teaghlach nó le foras creidiúnaithe nó is féidir labhairt le hoibrí sóisialta ar dualgas san Údarás Uchtála ar 01-2309306. Dá mba mhaith leat roinnt eolais a léamh sula labhraíonn tú le hoibrí sóisialta is féidir cliceáil anseo.
Tabharfaidh an t-eolas thíos tuairim éigin duit, chomh maith, faoi na céimeanna atá i gceist má shocraíonn tú ar do pháiste a thabhairt suas le haghaidh uchtála.
Toiliú chun do pháiste a chur suas le haghaidh uchtála
Mar mháthair bhreithe agus caomhnóir dlíthiúil an pháiste is gá do thoiliú a fháil chun an páiste a chur suas le haghaidh uchtála. Ní féidir an toiliú a thabhairt ach amháin i ndiaidh comhairliúchán a bheith faighte mar ní mór go mbeadh toiliú tugtha ar bhealach atá saor agus feasach. Ní mór go mbeadh an t-oibrí sóisialta sásta go dtuigeann tú na himpleachtaí, dleathacha agus pearsanta, atá ag baint leis an gcinneadh atá á dhéanamh agat. Tá doiciméid shonracha toilithe nach mór a bheith comhlánaithe agat agus iad curtha faoi bhrí mionna roimh Choimisinéir Mionnaí.
Tabhair ar aird, le do thoil, más máthair bhreithe tú atá ag déanamh iarratais ar do pháiste féin a uchtáil le d’fhear céile tríd an bpróiseas uchtála do leasthuismitheoir(í) tá do thoiliú intuigthe nuair a dhéanann tú an chomh-iarratas le d’fhear céile.
Más caomhnóir dlíthiúil é athair an pháiste, chomh maith, beidh a thoiliú ag teastáil chun an páiste a chur suas le haghaidh uchtála. Mura bhfuil an t-athair ina chaomhnóir dlíthiúil tá sé fós i dteideal fógra a fháil agus go dtiocfaí i gcomhairle leis faoin socrúchán atá beartaithe. Tá sin amhlaidh is cuma an bhfuil sé ainmnithe ar an teastas breithe nó nach bhfuil nó faoi leibhéil nó méid na teagmhála a bhí aige leis an bpáiste ó rugadh é.
Ag ainmniú an athar breithe
Mar chuid den phróiseas le páiste a chur suas le haghaidh uchtála agus ag tabhairt cead don iarratas ar uchtáil dul chun cinn iarrfar ort athair an pháiste a ainmniú le gur féidir cloí leis an reachtaíocht maidir le fógra a thabhairt dó agus dul i gcomhairle leis.
Nuair a bhíonn an t-athair breithe ainmnithe agus is féidir dul i dteagmháil leis, cuirfear in iúl dó i scríbhinn faoi shocrúchán beartaithe an pháiste le haghaidh uchtála agus ag staid níos faide anonn cuirfear ar an eolas é faoin iarratas uchtála. Tairgfear deis dó labhairt le hoibrí sóisialta, go n-éistfidh Bord an Údaráis lena dhearcadh agus comhairleofar dó comhairle neamhspleách dlí a lorg. Mura bhfuil aon agóid aige do shocrúchán agus uchtáil an pháiste ansin is féidir dul chun cinn leis an iarratas.
Má chuireann se in iúl go bhfuil agóid aige don socrúchán beartaithe nó níos déanaí go gcuireann sé in aghaidh na huchtála tabharfar deis dó iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar chaomhnóireacht, más mian leis é. Má dhéanann sé iarratas chuig an gcúirt ar ordú caomhnóireachta cuirfear an t-iarratas ar shocrúchán agus ar ordú uchtála ar fionraí go dtí go mbeidh an cás críochnaithe sa chúirt.
Ma dheonaíonn an chúirt ordú caomhnóireachta ansin is gá a thoiliú don socrúchán agus don uchtáil a fháil. Mura ndeonaíonn an chúirt ordú caomhnóireachta ardaítear an fhionraíocht ar an iarratas socrúcháin nó ar an iarratas uchtála agus is féidir dul chun cinn leis an bpróiseas.
Nuair nach caomhnóir dlíthiúil é athair breithe an pháiste tá sé de chead aige fógra a fháil agus go dtiocfaí i gcomhairle leis faoin iarratas ar uchtáil. Dá bharr sin d’fhéadfadh roinnt torthaí a bheith ann lena n-áirítear:
(i)Tugtar fógra don athair breithe agus níl aon agóid aige.
(ii) Tugtar fógra don athair breithe agus tá agóid aige - d’fhéadfadh sé socrú nó gan socrú ar iarratas a dhéanamh ar an gcúirt dhúiche le haghaidh ordú caomhnóireachta.
(iii) Ta an t-athair breithe ainmnithe ach ní féidir teacht air.
I gcás go bhfuil an t-athair breithe ainmnithe ach in ainneoin gach iarrachta nárbh fhéidir teacht air nó teagmháil a dhéanamh leis ní mór go gcuirfeadh Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus An Teaghlach nó foras creidiúnaithe ábhartha tuairisc faoi bhráid an Údaráis. Déanfaidh an tÚdarás cinneadh ansin faoi an féidir nó nach féidir leis an iarratas dul chun cinn nó an gá go dtógfaí breis céimeanna.
(iv)Ní féidir an t-athair breithe a aithint agus mar sin ní féidir fógra a thabhairt dó – sa chás sin ní mór don Údarás ordú a fháil ón Ardchúirt chun cead a thabhairt an t-ordú uchtála a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an athair breithe.
(v) Tá cúinsí amhlaidh is go meastar é a bheith míchuí fógra a thabhairt don athair breithe más eol cé hé – sna cúinsí seo ní mór don Údarás ordú a fháil ón Ardchúirt le cead a thabhairt an t-ordú uchtála a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an athair breithe.
Sa chás nárbh fhéidir dul i gcomhairle leis an athair breithe mar gheall nach bhfuil sé aitheanta nó nach féidir é a aithint, mar mháthair bhreithe beidh ort Dearbhú Reachtúil a mhionnú ag cur síos ar mar a thángthas go dtí an staid áirithe seo. Beidh d’oibrí sóisialta ag obair leat chun dul tríd agus cuirfidh sí/sé comhairle ort faoi cheangaltais an Achta Uchtála agus faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an uchtáil atá beartaithe. Ní mór do dhearbhú reachtúil, tuairisc chúlra ón oibrí sóisialta agus aon cháipéisí tacaíochta eile a chur faoi bhráid an Údaráis agus ní mór ansin an cás a tharchur chuig an Ardchúirt. Iarrtar ar an Ardchúirt ordú a dhéanamh ag tabhairt cead don Údarás dul chun cinn le socrúchán an pháiste le haghaidh uchtála nó le hordú uchtála a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an athair breithe. Ní féidir leis an Údarás dul chun cinn le socrúchán nó le huchtáil go dtí go ndéantar ordú dá leithéid.
(vi) Ta an t-athair breithe éagtha. Sa chás seo ní féidir fógra a thabhairt don athair breithe ná dul i gcomhairle leis.
I gcás nach bhfuil athair breithe atá éagtha ainmnithe ar theastas breithe an pháiste ná in aon orduithe cúirte a bhaineann leis an bpáiste beidh fianaise thacaíochta ag teastáil a cheanglaíonn an fear éagtha leis an bpáiste. Tá teastas báis an athar breithe ag teastáil le dul chun cinn.
Nuair a bhíonn iarratas déanta ar an gcúirt ag na páirtithe don uchtáil nó ag an Údarás Uchtála cuirtear an t-iarratas uchtála ar fionraí go dtí go mbíonn na himeachtaí cúirte tugtha chun críche.
Tar éis go ndéileáiltear go cuí le saincheist toilithe nó fógra an athar breithe is féidir leis an bpróiseas iarratais dul chun cinn.
Nuair a dhéantar ordú cúirte
Nuair a dhéantar ordú cúirte ag tabhairt cead an páiste a chur suas le haghaidh uchtála gan fógra a thabhairt don athair breithe ná dul i gcomhairle leis, is féidir leis an socrúchán dul chun cinn. Ní thugann an t-ordú seo cead an t-ordú uchtála a dhéanamh. Mar atá sé scríofa sa dlí murarbh fhéidir dul i gcomhairle leis an athair breithe ó cuireadh an páiste suas le haghaidh uchtála ní mór don Údarás dul ar ais don Ardchúirt arís chun iarratas a dhéanamh ar ordú le cead a thabhairt dó ordú uchtála a dhéanamh gan fógra a thabhairt don athair breithe ná dul i gcomhairle leis.
Socraítear na hamanna nuair a éistear cásanna ar dhiscréid na hArdchúirte.
Ag Ligean Toilithe thar Ceal
I roinnt staideanna eisceachtúla nó nárbh fhéidir teacht ar na toilithe a bhí ag teastáil chun cead a thabhairt ordú uchtála a dhéanamh is féidir cás a tharchur ag an Ardchúirt chun cinneadh a dhéanamh an iomchuí é dul chun cinn leis an ordú uchtála. D’fhéadfadh staid mar sin teacht aníos sa chás nach féidir teacht ar an/na caomhnóir(í) dlíthiúla. Is féidir leis tarlú i gcás go ndiúltaíonn caomhnóir(í) toiliú a thabhairt. Ní mór don chúirt machnamh a dhéanamh faoi céard is mó atá ar leas an pháiste.
Orduithe Cúirte um An Dlí Teaghlaigh
Sa chás go bhfuil ordú cúirte i leith Caomhnóireachta/Rochtana agus/nó Cúraim ag athair breithe páiste i leith an pháiste, ní féidir leis an iarratas go gcuirfí an páiste suas le haghaidh uchtála nó ar ordú uchtála dul chun cinn.
Sa chás go bhfuil Ordú Caomhnóireachta ag athair breithe páiste ní mór a thoiliú a fháil sular féidir an páiste a chur suas le haghaidh uchtála nó ar féidir ordú uchtála a dhéanamh.
Tá sé oscailte duitse mar mháthair bhreithe iarratas a dhéanamh ar an gcúirt dhúiche chun na horduithe seo a urscaoileadh, sula gcuirtear tús leis an bpróiseas nó chomh luath agus is féidir sa phróiseas. Ní mór cóip de na horduithe bunaidh agus de na horduithe urscaoilte a chur faoi bhráid an Údaráis.
Tagann deireadh le hordú cothabhála go huathoibríoch tar éis d’ordú uchtála a bheith déanta.
Cinneadh Atharthachta
I gcás go bhfuil díospóid ann faoi atharthacht páiste tharlódh sé gur gá go ndéanfaí tástáil DNA. Is féidir leis tarlú sa chás go ndiúltaíonn an t-athair ainmnithe d’atharthacht an pháiste nó i gcás go bhfuil fear seachas an fear atá ainmnithe ag an máthair cláraithe ar an gClár um Aithreacha Breithe.
I gcás go mbeirtear páiste do bhean pósta is é an toimhdiú sa dlí gurb é a fear chéile athair an pháiste mura gcruthaítear a mhalairt. Sa chás sin d’fhéadfadh sé tarlú gur gá fianaise DNA a fháil nó gur gá go ndéanfadh an fear céile agus an t-athair toimhdean agus an mháthair ráitis faoi mhionn faoi na fíricí.