A+ A A-

Select your language

    Uchtáil idir Tíortha
    Tagraíonn uchtáil idir tíortha don dála ina ndéanann daoine atá ina gcónaí in Éirinn cinneadh páiste atá ina chónaí i dtír eile seachas in Éirinn a uchtáil. Is é an nádúr agus an tionchar atá ag uchtáil dá leithéid ná go ndéantar páiste leis an uchtaitheoir den páiste díreach mar a bhéarfaí di/dó/dóibh é i gcás lánúine pósta, leis na cearta agus na dualgais ar fad atá ag tuismitheoirí agus páistí i ndáil lena chéile.
    Image

    An Clár um Uchtálacha Idir Tíortha

    Chun uchtáil a chlárú ní mór duit scríobh chuig an Údarás Uchtála chun clárú na huchtála a iarraidh faoi dhlí na hÉireann. Ní mór cruthú na huchtála coigríche a chur leis an iarratas.
    Image

    Eolas d’ Uchtaitheoirí Ionchasacha

    Éilíonn an tAcht Uchtála go mbeadh Dearbhú Cáilitheachta agus Oiriúnachta ag tuismitheoir(í) uchtaíoch(a) ionchasach(a) sular féidir leo páiste a uchtáil. Is ionann Dearbhú Cáilitheachta go héifeachtach agus ceadúnas le dul chun cinn go huchtáil.
    Image

    Eolas faoin Tír

    Eolas faoi uchtáil i dtíortha mar an Bhulgáir, an tSín, Háití, an India, Na hOileáin Fhilipíneacha, an Pholainn, an Rómáin, an Téalainn, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Vítneam

    Céard is Uchtáil Idir Tíortha ann?

    Tagraíonn uchtáil idir tíortha don dála ina ndéanann daoine atá ina gcónaí in Éirinn cinneadh páiste atá ina chónaí i dtír eile seachas in Éirinn a uchtáil. Is é an nádúr agus an tionchar atá ag uchtáil dá leithéid ná go ndéantar páiste leis an uchtaitheoir den páiste díreach mar a bhéarfaí di/dó/dóibh é i gcás lánúine pósta…

    Clár Aitheanta Inscne

    Is féidir le daoine a bhfuil Teastas Aitheanta Inscne bailí, eisithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, acu, agus a bhfuil a n-uchtáil cláraithe sa Chlár um Uchtálacha Coigríche (RFA) (cláraithe roimh an 1 Samhain 2010) nó ar an gClár um Uchtalacha Idir Tíortha (RICA) (cláraithe i ndiaidh an 1 Samhain 2010), iarratas a dhéanamh ar an Údarás Uchtála ar iontráil ar an gClár Aitheanta Inscne um Uchtálacha Idir Tíortha.

    Maidir Linne

    Déanann an tAonad Uchtála Idir Tíortha próiseáil ar iarratais ar Dhearbhuithe Cáilitheachta agus Oiriúnachta, atá riachtanach le haghaidh gach iarratasóir ar uchtáil. Tá an tAonad freagrach, chomh maith, as an gClár um Uchtálacha Idir Tíortha (RICA) agus as an gClár Aitheanta Inscne.

    Tagraíonn uchtáil idir tíortha do chúinse ina socraíonn daoine atá ina gcónaí in Éirinn ar pháiste atá ina chónaí i dtír seachas Éire a uchtáil. An nádúr agus tionchar atá ag uchtáil dá leithéid ná go ndéantar páiste leis an uchtaitheoir den pháiste díreach mar a bheirfí an páiste dó/di nó dóibh i gcás lánúin phósta, leis na cearta agus dualgais thuismitheoirí agus pháistí céanna dá chéile.

    Cuireadh uchtáil idir tíortha ar seasamh reachtúil in 1991 nuair a ritheadh an tAcht Uchtála sa bhliain sin. An reachtaíocht is déanaí sa réimse sin ná an tAcht Uchtála 2010.

    Is féidir go bhfuil roinnt téarmaí nó leaganacha cainte in úsáid sa suíomh gréasáin nach bhfuil cleachtadh agat orthu. Mar chúnamh tá gluais curtha ar fáil againn a thugann cur síos ar na téarmaí is mó a úsáidtear ann. Cliceáil anseo le do thoil.

    Mionsonraí Teagmhála

    An tAonad Uchtála Idir Tíortha
    Údarás Uchtála na hÉireann

    3ú hUrlár,
    Teach Shíol Bhroin
    Droichead na Dothra
    Baile Átha Cliath 4
    DO4 H6F6

    Teileafon +353 1 2309 305

    Riomhphost intercountry@aai.gov.ie

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."