Chun uchtáil a chlárú ní mór duit scríobh chuig an Údarás Uchtála chun clárú na huchtála a iarraidh faoi dhlí na hÉireann. Ní mór cruthú na huchtála coigríche a chur leis an iarratas. Go bunúsach is cóip deimhnithe den ordú uchtála a rinneadh i dtír choigríche atá ann. Beidh aistriúchán deimhnithe as Béarla den ordú uchtála ag teastáil ón Údarás le d’iarratas. Scrúdaíonn an tÚdarás an bhfuil an t-uchtáil ag cloí le sainmhíniú d‘uchtáil coigríche’ atá mar chuid d’Alt 1 den Acht Uchtála, 1991. Ón uair go mbíonn an tÚdarás sásta is féidir iontráil a dhéanamh ar an gClár um Uchtálacha Idir Tíortha.
Ón uair go mbíonn sé cláraithe tá an stádas dlí céanna ag uchtáil an pháiste agus dá dtárlódh an t-uchtáil sa tír seo agus is féidir teastas nua “breithe” a fháil ón Údarás Uchtála. Ní teastas breithe iarbhír atá sa teastas a eisítear ach cóip dhearbhaithe den iontráil a bhaineann leis an bpáiste sa Chlár um Uchtáil Idir Tíortha.
Ar mhaithe le cúrsaí dlí tá stádas teastais bhreithe ag an teastas uchtála.
Ag Uchtáil thar lear agus ag cónaí in Éirinn.
Tá sé de dhualgas de réir dlí ar dhaoine a bhfuil Dearbhú Cáilitheachta agus Oiriúnachta bailí acu ón Údarás Uchtála agus a uchtaíonn thar lear iarratas a dhéanamh ar iontráil san RICA laistigh de 3 mhí ón dáta a thagann páiste isteach sa stát don chéad uair i ndiaidh a (h)uchtála idir tíortha. Nóta – Tá smachtbhannaí agus pionóis ann mura gcloítear leis an gceangaltas seo.
An príomh-riachtanas atá anseo ná go mbeadh Teastas Airteagal 23 faighte ón údarás lárnach náisiúnta sa tír thionscnaimh.
Ag Uchtáil agus ag cónaí lasmuigh d’Éirinn
Daoine atá ina gcónaí lasmuigh d’Éirinn agus atá ag uchtáil sa tír ina bhfuil siad ina gcónaí nó i dtír eile níor mhór dóibh tabhairt faoi go fíor-chúramach. Tá reachtaíocht na hÉireann sách casta faoin ábhar seo agus ba cheart duit comhairle dlí neamhspleách a lorg sula dtéann tú chun cinn.
Ar mhaithe le bheith aitheanta NÍ MÓR go dtiocfadh an t-uchtáil le sainmhíniú ‘uchtáil coigríche’ atá mar chuid den Acht Uchtála 1991. Nóta – Níl gach uchtáil coigríche ‘ar aon dul’ le huchtálacha na hÉireann.
Go ginearálta, ó 1 Samhain 2010 ní aithnítear ach dhá chineál uchtála:
1. Nuair a chuirtear uchtáil i gcrích i stát coigríche agus go bhfuil na huchtaitheoirí ina gcónaí de ghnáth sa stát sin (mar shampla ag uchtáil i Peru agus ag cónaí i Peru)
NÓ
2. Nuair a chuirtear uchtáil i gcrích de réir téarmaí agus coinníollacha Choinbhinsiún na Háige 1993.
Ag lorg cóip d’iontráil sa Chlár um Uchtálacha Idir Tíortha
Má dheonaítear iontráil sa Chlár um Uchtálacha Idir Tíortha, is féidir le daoine ansin iarratas a dhéanamh ar chóip den iontráil. Tá táille le híoc ar an tseirbhís seo: