- Baile
- Ceisteanna Coitianta
Is féidir leat éileamh a dhéanamh na doiciméid seo a sheoladh ar ais chugat trí scríobh chuig an Aonad Uchtála Baile, Údarás Uchtála na hÉireann, Teach Shíol Bhroin Bóthar Shíol Bhroin, Baile Átha Cliath 04 H6F6 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig domestic@aai.gov.ie
Tabhair ar aird le do thoil nach féidir an Deimhniú Breithe bunaidh do leanaí uchtaithe a sheoladh ar ais, mar go dtagann deimhniú eile ina áit ar Ordú Uchtála a dhéanamh. Tá Deimhniú Uchtála le fáil ón bPríomh-Oifig Clárúcháin.
Mura bhfuil an ghníomhaireacht a rinne an uchtáil a láimhsiú ar eolas agat nó má d’eagraigh gníomhaireacht seachas na gníomhaireachtaí sin atá liostaithe an uchtáil, déan teagmháil, le do thoil, leis an Aonad Faisnéise agus Lorgaireachta le cúnamh a fháil, Teileafón: 1800 309 300.
Go hiondúil, is í an ghníomhaireacht a d’eagraigh an uchtáil a lorgaíonn do theaghlach breithe. Is féidir linn, áfach, cabhrú leat le teagmháil agus bualadh le daoine den teaghlach breithe má bhí an uchtáil eagraithe ag:
- St Therese Adoption Society, Sráid na mBráithre Bána, Baile Átha Cliath 8 (ar a dtugtar Father Flanagan freisin)
- Más uchtáil tríú páirtí a bhí san uchtáil (mar shampla, murar eagraíodh an uchtáil trí ghníomhaireacht)
- Más cur faoi chúram díreach a bhí i gceist leis an uchtáil (mar shampla, chuir do mháthair bhreithe faoi chúram do chuid tuismitheoirí uchtíocha tú)
- Más cur faoi chúram teaghlaigh a bhí san uchtáil (mar shampla, más cur faoi chúram teaghlaigh a bhí i gceist leis an uchtáil (mar shampla, cuireadh faoi chúram gaolta tú)
- Más uchtáil leasteaghlaigh a bhí i gceist leis an uchtáil (mar shampla, rinne do leasathair nó do leasmháthair tú a uchtáil)
Tabhair ar aird le do thoil nach bhfuil ach taifid maidir le huchtálacha dleathacha a tharla in Éirinn ón mbliain 1953 ar aghaidh á gcoimeád ag an Údarás Uchtála.
Is éard atá i gceist leis an NACPR nó an Clár Náisiúnta Roghanna maidir le hIarratais ar Theagmháil ná clár a dhéanann na ceangail idir an duine uchtaithe agus duine den teaghlach nádúrtha. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil
Foirmeacha Iarratais
Leabhrán Faisnéise
Mura bhfuil ar do chumas foirm a phriontáil ón láithreán gréasáin is féidir leat scríobh chugainn nó ríomhphost a sheoladh chugainn agus seolfaimid foirm chugat ar an bpost.
- Cad atá i gceist le clárú i Rica?
Aitheantas á thabhairt ag Stát na hÉireann ‘d’uchtáil idir tíortha’ nó d’uchtáil choigríche’
- Cé leis is féidir iarratas a dhéanamh ar chlárú?
An duine uchtaithe, duine a d’uchtáil an duine uchtaithe agus aon duine eile a bhfuil leas acu sna hábhair.
- Cé leis nach féidir iarratas a dhéanamh ar chlárú?
Na daoine sin nach bhfuil clúdaithe sa chritéir thuas.
- Cén cineál cláraithe a dhiúltaítear?
Uchtálacha, nach bhfuil a gcuid éifeachtaí ar aon dul tríd is tríd leo siúd a bhaineann le huchtáil bhaile na hÉireann.
Uchtálacha thar lear ag daoine atá ina gcónaí in Éirínn agus nár eisíodh Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta dóibh le huchtáil a dhéanamh.
Uchtálacha ag daoine atá ina gcónaí thar lear ach nach uchtálacha Choinbhinsiún na Háige iad na huchtálacha nó sa chás nach bhfuil gnáthchónaí ar na daoine sin sa tír a rinneadh an uchtáil inti.
- Cad iad na príomhchruthúnais atá riachtanach ar mhaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar iarratas?
Doiciméad uchtála ar a bhfuil séala na cúirte nó údarás eile de chuid na tíre sin, mar shampla, an t-ordú cúirte bunaidh nó cóip dheimhnithe de thaifeadadh uchtála. D’fhéadfadh sé go n-éileodh an AAI cruthúnas de stádas pósta, cruthúnas de stádas cead cónaithe agus aon doiciméid ábhartha eile ar nós mionnscríbhinn.
Is ionann teaghlach a chur le chéile trí uchtáil agus ábhar a bhí thar a bheith pearsanta agus a bhí mar athrú ó bhonn duit féin agus don teaghlach. Tá an cheist a bhaineann leis an gcaoi a inseofar don leanbh gur uchtaíodh é/í ar cheann de na ceisteanna is coitianta a chuirtear agus tá níos mó ná freagra amháin ar an gceist sin. Bhain tuismitheoirí le linn dóibh a bheith ag labhairt lena gcuid leanaí úsáid as modhanna difriúla. Chuidigh sé le daoine eile labhairt le teaghlaigh eile a raibh taithí acu ar uchtáil le smaointe a fháil maidir leis an gcaoi an scéal a insint, agus ag an am céanna ag coimeád faisnéis phearsanta an linbh don leanbh amháin. Baintear úsáid go coitianta as earraí cuimhneacháin, grianghraif, doiciméid, físeáin, leabhair agus fíricí atá fite fuaite i dtaithí dhíreach an teaghlaigh. Tá faisnéis atá fíriciúil agus fírinneach agus atá oiriúnach d’aois agus d’fhorbairt an linbh ar bhealach goilliúnach ríthábhachtach.
Faigheann go leor daoine amach go bhfuil sé úsáideach labhairt le tuismitheoirí eile a bhfuil leanbh uchtaithe acu. Glac ballraíocht i ngrúpa tacaíochta nó labhair le hoibrí sóisialta atá sa réimse seo. Cuideoidh tacaíochtaí oiriúnacha leat sa phróiseas machnaimh agus cinnteoireachta maidir le cad a oibreoidh laistigh den teaghlach i gcomhthéacs do thaithí aonair agus fíricí na huchtála.
Beidh ar do chumas teagmháil a dhéanamh leis an oibrí sóisialta áitiúil freisin a bhfuil baint aige/aici le huchtáil nó beidh ar do chumas labhairt le foireann oibre sóisialta an Údaráis Uchtála, teileafón 01 2309 306 le taithí do theaghlach maidir le huchtáil a phlé leis/léi agus le cúnamh a fháil maidir leis na himthosca a bhain le breith an linbh a insint dó/di.
Tá sé de cheart ag daoine a gcéannacht a bhunú ar fhaisnéis fhíriciúil. Dá bhrí sin, tá an glao teileafóin ar an oibrí sóisialta maidir leis an ábhar seo ríthábhachtach duit féin agus don leanbh.