A+ A A-

Select your language

    Céard is Uchtáil Idir Tíortha ann?

    Céard is Uchtáil Idir Tíortha ann?

    Tagraíonn uchtáil idir tíortha don dála ina ndéanann daoine atá ina gcónaí in Éirinn cinneadh páiste atá ina chónaí i dtír eile seachas in Éirinn a uchtáil. Is é an nádúr agus an tionchar atá ag uchtáil dá leithéid ná go ndéantar páiste leis an uchtaitheoir den páiste díreach mar a bhéarfaí di/dó/dóibh é i gcás lánúine pósta, leis na cearta agus na dualgais ar fad atá ag tuismitheoirí agus páistí i ndáil lena chéile.


    Bonn reachtúil na huchtála idir tíortha

    Cuireadh uchtáil idir tíortha ar bhonn reachtúil in 1991 nuair a ritheadh an tAcht Uchtála sa bhliain sin agus an príomh-reachtaíocht is déanaí sa réimse seo, ná an tAcht Uchtála 2010.

    Ar mhaithe go dtabharfadh Stát na hÉireann aitheantas d’uchtáil idir tíortha níor mhór cloí le nósanna imeachta áirithe. Tá na nósanna imeachta sin leagtha síos san Acht Uchtála 2010 agus i gCoinbhinsiún na Háige 1993 faoi Chosaint Leanaí agus Comhoibriú i Leith Uchtála Idir Tíortha. Cuireadh tús leis an Acht Leasú Uchtaithe i nDeireadh Fómhair 2017.

    Deir Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Háige go mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún i gcás go raibh, go bhfuil nó go mbeidh páiste a chónaíonn de ghnáth i Stát Conarthach amháin (sa chás seo tír lasmuigh d’Éirinn) á aistriú go Stát Conarthach eile (Éire) i ndiaidh a (h)uchtála sa Stát tionscnaimh ag céilí nó ag duine a chónaíonn de ghnáth sa Stát glactha, nó chun críche uchtálacha dá leithéid, sa Stát glactha nó sa Stát tionscnaimh. Ní chlúdaíonn an Coinbhinsiún ach uchtálacha a chruthaíonn buan-chaidreamh tuismitheora-páiste.


    Achoimre ar Chéimeanna Uchtála Idir Tíortha

    Mar thuismitheoir(í) ionchasach(a) ní mór go mbeadh Dearbhú Cáilitheachta agus Oiriúnachta bailí agat. Le linn an phróisis mheasúnaithe le haghaidh Fógra Cáilitheachta agus Oiriúnachta beidh ort cinneadh a dhéanamh faoi cén tír go bhfuil sé i gceist agat uchtáil as. Tar éis duit do Dhearbhú Cáilitheachta agus Oiriúnachta a fháil ní mór duit ansin oibriú leis an nGníomhaireacht Idirghabhála Uchtála Lámha Cúnta (Helping Hands Adoption Mediation Agency) (HHAMA) atá creidiúnaithe ag an Údarás chun uchtáil idir tíortha a éascú.

    Nuair a bhíonn an t-uchtáil curtha i gcrích sa tír eile agus an páiste tugtha go hÉireann ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an Údarás Uchtála chun an t-uchtáil a iontráil ar an gClár um Uchtálacha Idir Tíortha (RICA). Ní mór an t-iarratas seo a dhéanamh laistigh de thrí mhí ón uair a thagann an páiste isteach sa Stát don chéad uair i ndiaidh a (h)uchtála sa tír eile.

     

    An Hág – Gnáthchónaí

    Faoin gCoinbhinsiún tá feidhm ag na nósanna imeachta seo leanas -

    Seolann Údarás Uchtála na hÉireann Airteagal 15, a chuimsíonn Tuairisc Mheasúnaithe ar an/na tuismitheoir(í) ionchasach(a) chuig Údarás Lárnach Náisiúnta na tíre tionscnaimh. Déanann Údarás Lárnach Náisiúnta thír thionscnaimh an pháiste machnamh air.

    Má bhíonn siad sásta leis déanann Údarás Lárnach na tíre tionscnaimh an páiste a chomhoiriúnú leis an/na tuismitheoir(í) ionchasach(a) uchtaithe agus cuireann siad Tuairisc Staidéar Páiste Airteagal 16 chuig Údarás Uchtála na hÉireann le machnamh a dhéanamh air. Cuimsíonn Tuairisc Airteagal 16 doiciméid agus sonraí faoi cháilitheacht an pháiste, cúinsí breithe agus riachtanais, comhairleoireacht tuismitheora breithe, an próiseas comhoiriúnaithe leis an bpáiste ina lár, agus na páipéir Airteagal 15 atá bainteach leis an/na tuismitheoir(í) uchtaíoch(a)  ionchasach(a) roghnaithe.

    Déanann Údarás Uchtála na hÉireann machnamh ar an tuairisc Airteagal 16 agus má bhíonn sé sásúil cuirtear Fógra Chomhaontú Socrúchán Páiste Airteagal 17 chuig Údarás Lárnach Uchtála thír thionscnaimh an pháiste. Tugann Fógra Airteagal 17 cead an páiste a shocrú leis na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha.

    Leantar an nós imeachta chun Ordú Uchtála a dheonú de réir na reachtaíochta sa tír thionscnaimh. I ndiaidh dó an tOrdú Uchtála a dheonú eisíonn Údarás Lárnach Uchtála na tíre tionscnaimh Teastas Airteagal 23 ag deimhniú go bhfuil an uchtáil curtha i gcrích de réir téarmaí agus coinníollacha Choinbhinsiún na Háige 1993.

    Faoi Airteagal 22 den Choinbhinsiún, is féidir na feidhmeanna a bhfuil cur síos orthu in Airteagail 15, 16 agus 17 den Choinbhinsiún a tharmligean le forais chreidiúnaithe cheadaithe. Féach Eolas faoi Thíortha  le haghaidh sonraí an fhorais chreidiúnaithe cheadaithe i ngach tír.

     

     

    Cén duine/na daoine ar féidir leis/leo iarratas a dhéanamh ar Uchtáil Idir Tíortha?

    Daoine atá ina gcónaí in Éirinn a bhfuil Fógra Cáilitheachta agus Oiriúnachta deonaithe dóibh don tír ábhartha atá roghnaithe acu.

    Conas mar a dhéanaim iarratas ar Fhógra Cáilitheachta agus Oiriúnachta?

    Ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do sheirbhís áitiúil uchtála in Tusla – An Ghníomhaireacht Leanaí agus An Teaghlach  nó le Foras Creidiúnaithe  ábhartha. Is féidir an t-eolas sa chuid d’ Uchtaitheoirí Ionchasacha den suíomh gréasáin seo a léamh le haghaidh tuilleadh sonraí. 

    Ag Déanamh Cinnidh faoin Tír le páiste a Uchtáil inti.  

    Mar chuid den phróiseas measúnaithe beidh ar iarratasóirí cinneadh a dhéanamh faoin tír ar mhian leo páiste a uchtáil inti. Beidh an rogha seo le déanamh ó liosta na dtíortha lena n-oibríonn an tÚdarás leo chun críche uchtála. Go ginearálta ní féidir le tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha páiste a uchtáil ach as tíortha ina bhfuil Coinbhinsiún 1993 na Háige ar Chosaint Leanaí agus ar Chomhoibriú i Leith Uchtála Idir Tíortha daingnithe, agus ina measc sin as tíortha a ghlacann le hiarratais as Éirinn.

    Oibríonn tíortha difriúla córais dhifriúla chun déileáil le hiarratais ar uchtáil idir tíortha. Cuimsíonn siad seo, go tipiciúil, seiceáil a dhéanamh ar cháilitheacht na n-iarratasóirí faoi chritéir shainráite na tíre. Is féidir leis go gcuimseodh sé seiceáil ar aois na bpáistí atá ar fáil le haghaidh uchtála idir tíortha in aghaidh aois an pháiste/na bpáistí a bhfuil measúnú déanta ar na hiarratasóirí ina leith. I roinnt tíortha beidh aois agus stádas pósta na n-iarratasóirí mar fhachtóir cinntitheach agus i dtíortha eile, beidh saincheisteanna áirithe sláinte nó riochtaí míochaine mar fhachtóir cinntitheach. Is é an cleachtas is fearr ná le taighde a dhéanamh faoi na saincheisteanna seo sula socraíonn tú ar do rogha tíre. Féach cuid Eolas faoi Thíortha  den suíomh gréasáin seo le haghaidh breis eolais.

    An Chead Chéim den Phróiseas

    Tá an próiseas atá bainteach le h-uchtáil idir tíortha faoi rialú prótacal atá leagtha síos i reachtaíocht na hÉireann agus níos sonraí i gCoinbhinsiún na Háige.

    Faoi théarmaí an Choinbhinsiúin ní mór an tuairisc mheasúnaithe (ar a dtugtar an tuairisc staidéir sa bhaile, chomh maith) agus an Dearbhú Cáilitheachta agus Oiriúnachta  (ainmnithe le chéile faoi Hág mar thuairisc Airteagal 15) a sheoladh ag rogha tíre an iarratasóra. Cuireann Údarás Uchtála na hÉireann nó foras atá creidiúnaithe ag an Údarás Tuairisc Airteagal 15 faoi bhráid Údarás Lárnach na tíre sin chun na críche sin. Is é polasaí an Údaráis seirbhísí foras creidiúnaithe a úsáid don chuid seo den phróiseas aon uair is féidir.

    Comhoiriúnú & Próiseas Uchtála

    Déantar comhoiriúnú páiste le hiarratasóirí i dtír thionscnaimh an pháiste agus tá sé bunaithe ar oiriúnacht na dtuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha agus ar a n-acmhainn a bheith mar thuismitheoir(í) don pháiste. Is é leas an pháiste an cúram sáraitheach faoi Choinbhinsiún na Háige agus tá na prionsabail a úsáidtear dírithe ar an mbaile is fearr a fháil don pháiste atá le huchtáil. Mar sin, i roinnt tíortha, ar leas an pháiste i gceist, is féidir go mbeidh roinnt tuismitheoirí ionchasacha ag fanacht níos faide ná daoine eile le go mbeidh siad comhoiriúnaithe le páiste, bunaithe ar riachtanais ar leith na bpáistí a bheadh le huchtáil.

    Nuair a bhíonn comhoiriúnú déanta déanann an tÚdarás Lárnach nó foras creidiúnaithe i dtír thionscnaimh an pháiste atreorú ar an bpáiste. Cuirtear an comhoiriúnú ionchasach in iúl don Údarás nó d’fhoras creidiúnaithe atá lonnaithe in Éirinn i bhfoirm thuairisc staidéir-páiste. Glaoitear Airteagal 16 air faoi Hág agus go tipiciúil cuimsíonn sé tuairisc chúlra ar an bpáiste le huchtáil, na tuismitheoirí breithe (más eol cé hiad) stair liachta an pháiste agus cruthú go bhfuil ceadanna, nuair a bhaineann, faighte, ar an mbealach agus sa bhformáid atá riachtanach.

    Ní mór don Údarás machnamh a dhéanamh faoi gach atreorúchán dá leithéid agus cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar acmhainní na n-uchtaitheoirí ionchasacha freastail ar riachtanais an páiste atreoraithe ar leith, ag cur san áireamh a bhfuil cuimsithe sa tuairisc Airteagal 16 agus tuairisc mheasúnaithe na n-uchtaitheoirí ionchasacha.

    Ós rud é go meastar é seo a bheith ar an gcéim is tábhachtaí sa phróiseas uchtála, d’fhéadfadh an tÚdarás seirbhísí daoine gairmiúla, mar gairmithe liachta, oibrithe sóisialta agus disciplíní eile a fhostú chun cuidiú leis le cinneadh a dhéanamh sna cásanna seo. Mura bhfuil an tÚdarás go hiomlán sásta go bhfuil an comhoiriúnú ar leith seo chun leas is fearr an pháiste i gceist, is féidir leis, gan tagairt do na huchtaitheoirí ionchasacha i gceist, an t-atreorúchán a chur ar ais ag an tír thionscnaimh.

    Má bhíonn sé sásta le hoiriúnacht an chomhoiriúnaithe ionchasaigh eiseoidh an tÚdarás litir Airteagal 17 (comhaontú gur féidir leis an gcomhoiriúnú ionchasach dul ar aghaidh). Cuirfear na huchtaitheoirí ionchasacha ar an eolas faoi seo agus, i ndiaidh comhairleoireachta nuair is gá, iarrfar orthu an mian leo glacadh leis an atreorúchán nó gan glacadh. I ndiaidh dóibh machnamh a dhéanamh faoin bpáiste atreoraithe, d’fhéadfadh na hUchtaitheoirí Ionchasacha, i roinnt cásanna, taisteal chuig an tír thionscnaimh chun an páiste a fheiceáil agus chun cinneadh a dhéanamh an mian leo glacadh leis an bpáiste. Bealach amháin nó bealach eile, tá na tuismitheoirí ionchasacha i dteideal a n-intinn a athrú suas go dtí an t-am a chuirtear an t-uchtáil i gcrích.

    Cé go n-éilíonn mórán tíortha ar na huchtaitheoirí ionchasacha an t-uchtáil a chur i gcrích sa tír thionscnaimh, tá roinnt ann a éilíonn go ndéanfaí an páiste a uchtáil ina dhiaidh sin in Éirinn (tá sin amhlaidh i gcás na nOileán Filipíneach).

    Cuireann roinnt tíortha caomhnóireacht ar fáil le ceangaltas go gcuireann uchtaitheoirí ionchasacha tuairiscí réamh-uchtála iar-shocrúchán ar fáil ar feadh tréimhse ordaithe sula ndéantar an uchtáil a thabhairt chun críche i gcúirteanna na tíre tionscnaimh (mar shampla sa Téalainn agus i SAM).

    Tuairiscí réamh-uchtála, iar-shocrúcháin

    Teastaíonn tuairiscí réamh-uchtála, iar-shocrúcháin ó roinnt tíortha ar feadh tréimhse sonraithe ó thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha ar deonaíodh caomhnóireacht an pháiste dóibh agus sula gcuirtear uchtáil deiridh i gcrích. Go ginearálta is ceangaltas dlí é seo le haghaidh uchtála sna tíortha seo, agus gan é ní féidir leis an uchtáil dul chun cinn.

    Iar-uchtáil agus Clárú na hUchtála

    An chéim dheiridh sa phróiseas uchtála idir tíortha ná clárú na huchtála. Is aitheantas foirmiúil dlí é seo ar an uchtáil ag Stát na hÉireann tríd an Údarás Uchtála. Ní mór do na tuismitheoirí uchtaíocha iarratas ar chlárú na huchtála a chur faoi bhráid an Údaráis laistigh de 3 mhí ar teacht isteach sa Stát dóibh i ndiaidh na huchtála. Is féidir leis an Údarás an uchtáil a chlárú sa Chlár um Uchtálacha Idir Tíortha ar bhonn Theastas Airteagal 23 a beith faighte ó thír thionscnaimh an pháiste. Is teastas é Airteagal 23 ón tír thionscnaimh ag deimhniú gur cuireadh an uchtáil i gcrích i gcomhlíonadh le Coinbhinsiún na Háige.

    Cuimsíonn an Clár um Uchtálacha Idir Tíortha (RICA) sonraí faoin bpáiste uchtaithe agus na tuismitheoirí uchtaíocha agus is doiciméad poiblí atá ann atá ar fáil le scrúdú ag an bpobal.

    Tá teastais nó cóipeanna de sleachta ón gClár le fáil ón Údarás ar tháille chuí agus feidhmíonn siad mar theastais bhreithe i gcomhlíonadh gach feidhm dlí do phaistí atá uchtaithe isteach go hÉirinn ag daoine ina gcónaí anseo.

    Tuairiscí Iar-Uchtála

    Tá sé mar choinníoll le haghaidh uchtála i mórán tíortha go gcuirfidh uchtaitheoirí eolas ar fáil do thír thionscnaimh an pháiste uchtaithe i leith staide agus dul chun cinn leanúnaigh an pháiste sin.

    Cuirtear an t-eolas seo ar fáil go tipiciúil i dtuairiscí ar a dtugtar tuairiscí iar-shocrúcháin nó tuairiscí iar-uchtaithe. Go hiondúil comhlánaíonn daoine nó forais atá creidiúnaithe ag an Údarás Uchtála chun seirbhísí dá leithéid a sholáthair d’uchtaitheoirí na tuairiscí seo agus is iondúil go mbíonn siad tiomsaithe ag Oibrí Sóisialta cáilithe.

    Socraíonn tír thionscnaimh an páiste uchtaithe minicíocht agus ábhar na dtuairiscí seo. Is iondúil go mbeidh gealltanas na tuairiscí seo a chur ar fáil sínithe ag iarratasóirí ar mhian leo páiste a uchtáil i dtír ar leith agus d’fhéadfadh gealltanais dá leithéid a bheith mar réamhriachtanas sula nglacfaí le  hiarratas ar uchtáil i mórán tíortha.

    Faoi reachtaíocht na hÉireann níl sé de chumhacht ag an Údarás iallach a chur ar uchtaitheoirí tuairiscí iar-uchtála a chur ar fáil, mar go mbronnann uchtálacha atá tugtha chun críche ar uchtaitheoirí na cearta, oibleagáidí agus teidlíochtaí céanna i leith a gclann agus atá ag na clanna a tógadh trí bhreith páistí a rugadh dóibh féin. Níl sé de cheart ag an Stát cur isteach ar an aonad teaghlaigh nua-thógtha mar a bhaineann le hiallach a chur ar na huchtaitheoirí aon tuairiscí dá leithéid a chur ar fáil. Ach mura dtugann uchtaitheoirí aird ar, agus go gcloíonn siad le téarmaí, a ngealltanas i leith tuairiscí iar-uchtála, is féidir go mbeadh iarmhairtí aige do na huchtaitheoirí dá mbeidís ag iarraidh uchtáil arís, nó mar is minice a tharlaíonn, is féidir go mbeadh tionchar diúltach aige ar uchtaitheoirí ionchasacha eile ar mhian leo uchtáil ón tír chéanna. Mar sin moltar go láidir d’iarratasóirí cloí le téarmaí na réimeas tuairiscí iar-uchtála a bhaineann lena gcásanna.

     

     

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."