Orlaith Traynor
Is í Orlaith Traynor Cathaoirleach Údarás Uchtála na hÉireann, post ar ceapadh ann í ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman, TD, í i mí na Samhna 2020. Tá sí ag cleachtadh mar aturnae le breis agus 45 bliain, agus tá saineolas ar leith aici ar an dlí teaghlaigh. Tá taithí ollmhór ag Orlaith ar uchtú, tar éis di a bheith ina comhalta agus ina Leas-Chathaoirleach ina dhiaidh sin ar an mBord Uchtála agus ar Údarás Uchtála na hÉireann ó thús na 1990idí.
Chomh maith lena cáilíochtaí dlí tosaigh, tá Máistreacht in Ardchleachtas Dlí aici ó Ollscoil Northumbria, agus Dioplóma i gCinnteoireacht Gharbhreithiúnach ó Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath. Bhain a tráchtas dá céim Mháistreachta leis an topaic cearta an Athar Bhreithe.
Sean O'Brien
Bhain Seán céim amach sa dlí ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 1983 agus tá sé ag cleachtadh mar aturnae le breis agus 30 bliain. Chomh maith lena bhunchéim tá Seán ina shealbhóir ar chéim mháistreachta dlí in Ardchleachtas Dlí (LLM) ó Ollscoil Northumbria. Is i ndlíthíocht shibhialta go príomha atá cleachtas Sheáin ábhar a bhfuil taithí fhairsing aige ann. Tá spéis ar leith ag Seán sa dlí teaghlaigh agus chuir sé comhairle ar theaghlaigh leanaí faoi mhíchumas le blianta fada maidir le hUachtanna agus Iontaobhais a chruthú. Ina theannta sin, tá sé, ó 2008, ina Idirghabhálaí creidiúnaithe leis an Ionad um Réiteach Éifeachtach Díospóidí (CEDR).
Thar na blianta, bhí an tUasal O'Brien ina bhall de roinnt Bord a mhaoinítear go poiblí, agus le déanaí bhí sé ina Chathaoirleach ar Amharclannaíocht Óige Éireann.
Eascraíonn taithí Sheáin ar uchtú ón ábhar gur athair uchtaíoch é féin.
Breitheamh Patrick McMahon
Breitheamh den Chúirt Dúiche ar scor is ea an Breitheamh Patrick McMahon. Cháiligh sé mar Aturnae in 1966. Chaith sé bliain ag obair i gClárlann na Talún. Chuaigh sé ansin go Leyden san Ísiltír chun staidéar a dhéanamh ar dhlí Mheiriceá. Ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar dhlí na hEorpa in Ollscoil Amstardam. Ina dhiaidh sin arís, bhí sé ag cleachtadh mar aturnae go dtí 2006 nuair a ceapadh é ina Bhreitheamh Cúirte Dúiche. Ó shin i leith ceapadh é mar fhaighteoir rúnda an Gharda Síochána. Faoi láthair tá fiosrúchán ar bun aige faoi Acht an Gharda Síochána 2005. Is léachtóir sa Dlí-Chumann é freisin. Is oifigeach ceannais é sna searmanais saoránachta. Chomh maith leis sin tá sé ina chathaoirleach ar an gcoiste cúlghairme saoránachta. Le déanaí ghlac sé áit ar bhord Misean Cara. Ar deireadh, is nótaire poiblí cleachtach é freisin.
In 2014 ceapadh é mar Fhaighteoir Rúnda an Gharda Síochána. Tá Pádraig ag fónamh mar chomhalta de Bhord M'Oidhreachta. Bhí sé ina eadránaí ar feadh blianta fada, agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomplacht Chuan Dhún Laoghaire freisin.
Ollamh Sheila Greene
Is Comhalta Emeritus í an tOllamh Sheila Greene i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus iar-Ollamh le Taighde Óige. Tá sí ina Leas-Seansailéir ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Is síceolaí cliniciúil cáilithe í ach is sa tsíceolaíocht forbartha a bhí an chuid is mó dá cuid teagaisc agus taighde. Bhí sí ina Comh-Stiúrthóir ar an staidéar fadaimseartha náisiúnta ar leanaí in Éirinn, Ag Fás Aníos in Éirinn ó 2006 - 11. I measc a cuid foilseachán tá leabhair, ailt irise agus tuarascálacha coimisiúnaithe. Is é an leabhar is déanaí uaithi Children as Agents in their Worlds (Greene & Nixon, Routledge, 2020). Ba í an Príomhthaighdeoir í ar Staidéar ar Thorthaí Uchtaithe Idir Tíortha in Éirinn, a choimisiúnaigh an Bord Uchtála agus a foilsíodh in 2007.
Paul Harrison
Is oibrí sóisialta cláraithe é Paul a bhfuil breis agus 40 bliain de thaithí aige i seirbhísí leanaí. Bhí roinnt post cleachtóra agus bainistíochta aige sna réimsí a bhaineann le leas agus le cosaint leanaí, cúram malartach, meabhairshláinte, easpa dídine, andúil agus uchtú.
Roimhe seo, bhí an tUasal Harrison ina Stiúrthóir Beartais agus Straitéise ar fhoireann bhainistíochta náisiúnta na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach, áit a raibh freagracht fhoriomlán air as an tSeirbhís Uchtála. Tá Seirbhísí Neamhspleácha Leanaí á bhfeidhmiú aige faoi láthair agus is Comhairleoir Obair Shóisialta é
Dr. Helen Buckley
Is Comhalta Emeritus í an Dr Helen Buckley i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus is iar-Ollamh Comhlach í i Scoil na hOibre Sóisialta agus an Bheartais Shóisialta, áit ar thug sí léachtaí agus taighde ar chosaint agus ar bheartas leanaí. Faoi láthair tá sí ina Cathaoirleach ar an bPainéal Náisiúnta Athbhreithnithe a dhéanann imscrúdú ar bhásanna leanaí agus daoine óga a bhfuil eolas ag seirbhísí obair shóisialta Túsla orthu.