A+ A A-

Select your language

    Vítneam

    VÍTNEAM

    Ag uchtáil ó VÍTNEAM

    Tá Coinbhinsiún na Háige um Chosaint Leanaí agus Comhar i leith Uchtála idir Tíortha, 1993, sínithe ag Éirinn agus ag Poblacht Shóisialach Vítneam.

    Luaitear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Háige, go mbeidh an Coinbhinsiún infheidhme sa chás leanbh a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi i Stát Conarthach amháin (m.sh. Vítneam) a bheith aistrithe nó á aistriú/á haistriú nó le haistriú chuig Stát Conarthach eile (m.sh. Éire) tar éis é/í a uchtáil sa Stát tionscnaimh ag céilí nó ag duine a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi sa Stát glactha, nó chun críocha uchtála den sórt sin sa Stát glactha nó sa Stát tionscnaimh. Is uchtálacha a chruthaíonn caidreamh tuismitheora-linbh amháin a chlúdaíonn an Coinbhinsiún.

    Tá feidhm leis na nósanna imeachta seo a leanas faoin gCoinbhinsiún –

    Déanann Údarás Lárnach Náisiúnta na tíre tionscnaimh* an leanbh a mheaitseáil leis an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha agus seolann tuarascáil Staidéir Linbh Airteagal 16 chuig Údarás Uchtála na hÉireann* lena breithniú.

     

    Seolann Údarás Uchtála na hÉireann* Fógra Airteagal 17 maidir le Comhaontú an Leanbh a chur faoi Chúram chuig Údarás Lárnach Náisiúnta* tír thionscnaimh an linbh atá le cur faoi chúram na dtuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha.

     

    Tar éis Ordú Uchtála a cheadú, eisíonn Údarás Lárnach Náisiúnta* na tíre tionscnaimh Deimhniú Airteagal 23 a dheimhníonn go bhfuil an uchtáil curtha i bhfeidhm de réir téarmaí agus coinníollacha Choinbhinsiún na Háige 1993.

     

    *Faoi Airteagal 22 den Choinbhinsiún, d’fhéadfaí na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagail 15, 16 agus 17 den Choinbhinsiún a tharmligean chuig Comhlachtaí Creidiúnaithe ceadaithe.

     

    Tá na feidhmeanna thuas tarmligthe ag Údarás Uchtála na hÉireann chuig –

    • Helping Hands Adoption Mediation Agency

    Ina dhiaidh sin, ní sheolann Údarás Uchtála na hÉireann Tuarascálacha Measúnachta Airteagal 15 chuig Vítneam. Seoltar na tuarascálacha tríd an Helping Hands Adoption Mediation Agency.

    Táillí
    • Táille an chláir chomhchoitinn (HHAMA) €9,500
    • Déan teagmháil le HHAMA le haghaidh Chlár Táillí de chuid na Tíre a fháil
    Image

    RABHADH

    Ba chóir go mbeadh tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha sásta go bhfuil aon duine atá ag feidhmiú thar a gceann údaraithe go cuí ag an Údarás Lárnach Náisiúnta cuí le tabhairt faoi na feidhmeanna a bhfuil siad fostaithe lena ndéanamh.

    Comhairlítear do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha a bhfuil uchtáil thar lear beartaithe acu comhairle dlí neamhspleách a lorg sula gcuirtear an uchtáil thar lear i bhfeidhm.

    Níor chóir do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha leanbh a choimeád nó a thógáil faoina gcúram sula n-eisíonn Údarás Uchtála na hÉireann Fógra maidir le Comhaontú Cur Faoi Chúram Airteagal 17.

    Ní mór do na huchtaitheoirí an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus Údarás Uchtála na hÉireann a chur ar an eolas nuair a thagann leanbh isteach sa Stát den chéad uair tar éis a uchtaithe/a huchtaithe, chomh luath agus is indéanta, agus ar aon nós, nach lú ná trí (3) mhí tar éis an dáta iontrála. Is cion coiriúil gan fógra a thabhairt do na húdaráis.

    Ní mór do na huchtaitheoirí iarratas a dhéanamh chuig Údarás Uchtaithe na hÉireann, tráth nach déanaí na trí (3) mhí ón am a dtagann an leanbh isteach sa Stát den chéad uair tar éis a uchtaithe/a huchtaithe idir tíortha i stát eile, chun mionsonraí an uchtaithe a chur isteach ar Chlár na nUchtálacha Idir Tíortha (RICA). Is cion coiriúil gan fógra a thabhairt. Ní mór go mbeidh deimhniú Airteagal 23 in éineacht leis na hiarratais atá le taifead i RICA, a bheidh eisithe ag an Údarás Lárnach Náisiúnta nó ag Comhlacht Creidiúnaithe atá údaraithe go cuí ag an Údarás Lárnach Náisiúnta lena dhéanamh.

     

    Ní thabharfaidh an AAI aitheantas d’aon uchtú a dhéantar lasmuigh de na paraiméadair seo.

    Cliceáil anseo le tábla faisnéise do Thuismitheoirí Uchtaíocha Ionchasacha a bhaineann go sonrach le tír faoi leith a fháil

     

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."