A+ A A-

Select your language

    Na Filipínigh

    Na Filipínigh

    Adopting from PHILIPPINES

     

    Tá Coinbhinsiún na Háige um Chosaint Leanaí agus Comhar i leith Uchtála idir Tíortha, 1993, sínithe ag Éirinn agus ag na Filipínigh.

     

    Luaitear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Háige, go mbeidh an Coinbhinsiún infheidhme sa chás leanbh a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi i Stát Conarthach amháin (m.sh. na Filipínigh) a bheith aistrithe nó á aistriú/á haistriú nó le haistriú chuig Stát Conarthach eile (m.sh. Éire) tar éis é/í a uchtáil sa Stát tionscnaimh ag céilí nó ag duine a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi sa Stát glactha, nó chun críocha uchtála den sórt sin sa Stát glactha nó sa Stát tionscnaimh. Is uchtálacha a chruthaíonn caidreamh tuismitheora-linbh amháin a chlúdaíonn an Coinbhinsiún.

     

    Faoi láthair, tá feidhm leis na nósanna imeachta seo a leanas faoi Choinbhinsiún na Háige –

    Seolann Údarás Uchtála na hÉireann* Tuarascáil Mheasúnachta Airteagal 15 maidir leis an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha chuig Údarás Lárnach Náisiúnta na bhFilipínigh – the Intercountry Adoption Board (ICAB)

    Seolann an ICAB Tuarascáil Staidéir Linbh Airteagal 16 chuig Údarás Uchtála na hÉireann.

    Má chomhaontaíonn Údarás Uchtála na hÉireann an cur faoi chúram atá beartaithe, eiseoidh an tÚdarás Fógra maidir le Cur Faoi Chúram Airteagal 17 agus má ghlacann na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha leis an tarchur, cuirfidh Údarás Uchtála na hÉireann na comhaontuithe ar aghaidh chuig ICAB.

    Ansin, d’fhéadfadh an ICAB an leanbh a chur faoi chúram na dtuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha chun an leanbh a aistriú chun na hÉireann.

    Tar éis líon tuarascálacha iar-chur faoi chúram réamh-uchtála a thabhairt chun críche, d’fhéadfadh an ICAB cinneadh a dhéanamh go bhféadfadh na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha an leanbh a uchtáil in Éirinn.

    Ansin, is féidir leis na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha athiarratas a dhéanamh ar an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach maidir le measúnacht ó thaobh uchtáil a dhéanamh in Éirinn. Tá an próiseas seo an-chosúil leis an bpróiseas ar thug na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha faoi sular thóg siad an leanbh faoina gcoimeád sna Filipínigh.

     

    D’fhéadfadh Údarás Uchtála na hÉireann Dearbhú Incháilitheachta & Oiriúnachta a cheadú do na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha ina dhiaidh sin. Má dheonaítear Dearbhú do na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar Údarás Uchtála na hÉireann le hordú uchtála a fháil.

    Táillí
    Faoi láthair, tarchuireann Údarás Uchtála na hÉireann ‘sainchomhad’ tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha saor in aisce chun na Filipínigh (gan costais cúiréara a áireamh). Beidh athrú ag teacht ar an socrú seo go luath nuair a dhéantar an tseirbhís éascaithe a tharmligean chuig Helping Hands Adoption Mediation Agency, Comhlacht Creidiúnaithe atá lonnaithe in Éirinn. Beidh costais ag baint le haon seirbhísí a chuireann Helping Hands ar fáil.
    Image

    RABHADH

    Ba chóir go mbeadh tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha sásta go bhfuil aon duine atá ag feidhmiú thar a gceann údaraithe go cuí ag an Údarás Lárnach Náisiúnta cuí le tabhairt faoi na feidhmeanna a bhfuil siad fostaithe lena ndéanamh.

    Comhairlítear do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha a bhfuil sé beartaithe acu leanbh a uchtáil thar lear comhairle dlí neamhspleách a lorg sula gcuirtear an uchtáil i bhfeidhm thar lear.

    Níor chóir do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha leanbh a choimeád nó a thógáil faoina gcúram sula n-eisíonn Údarás Uchtála na hÉireann Fógra maidir le Comhaontú Cur Faoi Chúram Airteagal 17.

    Ní mór do na huchtaitheoirí an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus Údarás Uchtála na hÉireann a chur ar an eolas nuair a thagann leanbh isteach sa Stát den chéad uair tar éis a uchtaithe/a huchtaithe, chomh luath agus is indéanta, agus ar aon nós, nach lú ná trí (3) mhí tar éis an dáta iontrála. Is cion coiriúil gan fógra a thabhairt do na húdaráis.

    Ní mór do na huchtaitheoirí iarratas a dhéanamh chuig Údarás Uchtaithe na hÉireann, tráth nach déanaí na trí (3) mhí ón am a dtagann an leanbh isteach sa Stát den chéad uair tar éis a uchtaithe/a huchtaithe idir tíortha i stát eile, chun mionsonraí an uchtaithe a chur isteach ar Chlár na nUchtálacha Idir Tíortha (RICA). Is cion coiriúil gan fógra a thabhairt. Ní mór go mbeidh deimhniú Airteagal 23 in éineacht leis na hiarratais atá le taifead i RICA, a bheidh eisithe ag an Údarás Lárnach Náisiúnta nó ag Comhlacht Creidiúnaithe atá údaraithe go cuí ag an Údarás Lárnach Náisiúnta lena dhéanamh.


    Ní thabharfaidh an AAI aitheantas d’aon uchtú a dhéantar lasmuigh de na paraiméadair seo. 

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."