A+ A A-

Select your language

    Háítí

    HÁÍTÍ

    Ag uchtáil ó HÁÍTÍ

    BTá Coinbhinsiún na Háige um Chosaint Leanaí agus Comhar i leith Uchtála idir Tíortha, 1993, sínithe ag Éirinn agus ag Háítí.

    Luaitear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Háige, go mbeidh an Coinbhinsiún infheidhme sa chás leanbh a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi i Stát Conarthach amháin (m.sh. Háítí) a bheith aistrithe nó á aistriú/á haistriú nó le haistriú chuig Stát Conarthach eile (m.sh. Éire) tar éis é/í a uchtáil sa Stát tionscnaimh ag céilí nó ag duine a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi sa Stát glactha, nó chun críocha uchtála den sórt sin sa Stát glactha nó sa Stát tionscnaimh. Is uchtálacha a chruthaíonn caidreamh tuismitheora-linbh amháin a chlúdaíonn an Coinbhinsiún.

    Tá feidhm leis na nósanna imeachta seo a leanas faoin gCoinbhinsiún –

    Seolann Údarás Uchtála na hÉireann* Tuarascáil Mheasúnachta Airteagal 15 maidir leis an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha chuig Údarás Lárnach Náisiúnta* na tíre tionscnaimh.

    Déanann Údarás Lárnach Náisiúnta na tíre tionscnaimh* an leanbh a mheaitseáil leis an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha agus seolann tuarascáil Staidéir Linbh Airteagal 16 chuig Údarás Uchtála na hÉireann* lena breithniú.

    Seolann Údarás Uchtála na hÉireann* Fógra Airteagal 17 maidir le Comhaontú an Leanbh a chur faoi Chúram chuig Údarás Lárnach Náisiúnta* tír thionscnaimh an linbh atá le cur faoi chúram na dtuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha.

    Tar éis Ordú Uchtála a cheadú, eisíonn Údarás Lárnach Náisiúnta* na tíre tionscnaimh Deimhniú Airteagal 23 a dheimhníonn go bhfuil an uchtáil curtha i bhfeidhm de réir téarmaí agus coinníollacha Choinbhinsiún na Háige 1993

    *Faoi Airteagal 22 den Choinbhinsiún, d’fhéadfaí na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagail 15, 16 agus 17 den Choinbhinsiún a tharmligean chuig Comhlachtaí Creidiúnaithe ceadaithe.

    Tá na feidhmeanna thuas tarmligthe ag Údarás Uchtála na hÉireann chuig –

    · Helping Hands Adoption Mediation Agency (HHAMA)

    Tá ceadúnas ag HHAMA freisin ó Haitian Central Authority (IBESR) chun feidhmiú i Háítí.

    Táillí
    • Táille an chláir chomhchoitinn (HHAMA) €9,500

    • Déan teagmháil le HHAMA le haghaidh Chlár Táillí de chuid na Tíre (Háítí) a fháil

    Image

    RABHADH

    Comhairlítear do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha a bhfuil sé beartaithe acu leanbh a uchtáil thar lear comhairle dlí neamhspleách a lorg sula gcuirtear uchtáil thar lear i bhfeidhm

    Ba chóir go mbeadh tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha sásta go bhfuil aon duine atá ag feidhmiú thar a gceann údaraithe go cuí ag an Údarás Lárnach Náisiúnta cuí le tabhairt faoi na feidhmeanna a bhfuil siad fostaithe lena ndéanamh.

    Níor chóir do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha leanbh a choimeád nó a thógáil faoina gcúram sula n-eisíonn Údarás Uchtála na hÉireann Fógra maidir le Comhaontú Cur Faoi Chúram Airteagal 17.

    Ní mór do na huchtaitheoirí an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus Údarás Uchtála na hÉireann a chur ar an eolas nuair a thagann leanbh isteach sa Stát den chéad uair tar éis a uchtaithe/a huchtaithe, chomh luath agus is indéanta, agus ar aon nós, nach lú ná trí (3) mhí tar éis an dáta iontrála. Is cion coiriúil gan fógra a thabhairt do na húdaráis.

    Ní mór do na huchtaitheoirí iarratas a dhéanamh chuig Údarás Uchtaithe na hÉireann, tráth nach déanaí na trí (3) mhí ón am a dtagann an leanbh isteach sa Stát den chéad uair tar éis a uchtaithe/a huchtaithe idir tíortha i stát eile, chun mionsonraí an uchtaithe a chur isteach ar Chlár na nUchtálacha Idir Tíortha (RICA). Is cion coiriúil gan fógra a thabhairt.

    Ní mór go mbeidh deimhniú Airteagal 23 in éineacht leis na hiarratais atá le taifead i RICA, a bheidh eisithe ag an Údarás Lárnach Náisiúnta nó ag Comhlacht Creidiúnaithe atá údaraithe go cuí ag an Údarás Lárnach Náisiúnta lena dhéanamh.

    Ní thabharfaidh an AAI aitheantas d’aon uchtú a dhéantar lasmuigh de na paraiméadair seo. 

    Cliceáil anseo le tábla faisnéise do Thuismitheoirí Uchtaíocha Ionchasacha a bhaineann go sonrach le tír faoi leith a fháil



    FÓGRA TÁBHACHTACH

    Níl ambasáid de chuid na hÉireann i Háítí, agus níl aon ambasáid de chuid na hÉireann creidiúnaithe do Háítí. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cumas an Stáit teoranta ó thaobh tacaíocht agus comhairle a sholáthar maidir le rannpháirtíocht ionchasach le Háítí ar cheist na huchtála.

    Ba chóir do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha atá ag beartú leanbh a uchtú ó Háítí teagmháil a dhéanamh le láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála le tuilleadh eolais a fháil.

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."