A+ A A-

Select your language

    An Ríocht Aontaithe

    An Ríocht Aontaithe

    Ag uchtáil ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

    Tá Coinbhinsiún na Háige um Chosaint Leanaí agus Comhar i leith Uchtála idir Tíortha, 1993, sínithe ag Éirinn agus ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

    Luaitear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Háige, go mbeidh an Coinbhinsiún infheidhme sa chás leanbh a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi i Stát Conarthach amháin (m.sh. an Ríocht Aontaithe) a bheith aistrithe nó á aistriú/á haistriú nó le haistriú chuig Stát Conarthach eile (m.sh. Éire) tar éis é/í a uchtáil sa Stát tionscnaimh ag céilí nó ag duine a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi sa Stát glactha, nó chun críocha uchtála den sórt sin sa Stát glactha nó sa Stát tionscnaimh. Is uchtálacha a chruthaíonn caidreamh tuismitheora-linbh amháin a chlúdaíonn an Coinbhinsiún.

    Tá ceithre Údarás Lárnacha Náisiúnta sa Ríocht Aontaithe, ceann do Shasana, ceann d’Albain, ceann don Bhreatain Bheag agus ceann do Thuaisceart Éireann.

    Déanann Údarás Lárnach Náisiúnta na tíre tionscnaimh* an leanbh a mheaitseáil leis an tuismitheoir/na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha agus seolann tuarascáil Staidéir Linbh Airteagal 16 chuig Údarás Uchtála na hÉireann* lena breithniú.

    Is é an tÚdarás Lárnach a bhféadfar cumarsáid a sheoladh chuige lena gcur ar aghaidh chuig an Údarás Lárnach cuí ná:

    • The Department for Children, Schools and Families, Londain, Sasana

    Chomhairligh an Department for Children, Schools and Families na Ríochta Aontaithe d’Údarás Uchtála na hÉireann go gcoimeádann siad liosta leanaí atá ar fáil le huchtáil idir tíortha. Níl aon leanaí ar an liosta sin i láthair na huaire.

    Féadfar eisceachtaí a dhéanamh sa chás go bhfuil gaolta ag an leanbh in Éirinn.

    Staitisticí

    Tá líon na leanaí a uchtaíodh chun na hÉireann ó UK le blianta beaga anuas mar a leanas –

     

    YEAR 2018 2017 2016 2015 2014 2013 2012
    NUMBER OF CHILDREN 0 0 0 0 0 0 0
    Image

    RABHADH

    Ba chóir go mbeadh tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha sásta go bhfuil aon duine atá ag feidhmiú thar a gceann údaraithe go cuí ag an Údarás Lárnach Náisiúnta cuí le tabhairt faoi na feidhmeanna a bhfuil siad fostaithe lena ndéanamh.

    Comhairlítear do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha comhairle dlí neamhspleách a lorg sula gcuirtear an uchtáil i bhfeidhm.

    Níor chóir do thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha leanbh a choimeád nó a thógáil faoina gcúram sula n-eisíonn Údarás Uchtála na hÉireann Fógra maidir le Comhaontú Cur Faoi Chúram Airteagal 17. Ní mór do na huchtaitheoirí an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach - Tusla agus Údarás Uchtála na hÉireann a chur ar an eolas nuair a thagann leanbh isteach sa Stát den chéad uair tar éis a uchtaithe/a huchtaithe, chomh luath agus is indéanta, agus ar aon nós, nach lú ná trí (3) mhí tar éis an dáta iontrála. Is cion coiriúil gan fógra a thabhairt do na húdaráis.

    Ní mór do na huchtaitheoirí iarratas a dhéanamh chuig Údarás Uchtaithe na hÉireann, tráth nach déanaí na trí (3) mhí ón am a dtagann an leanbh isteach sa Stát den chéad uair tar éis a uchtaithe/a huchtaithe idir tíortha i stát eile, chun mionsonraí an uchtaithe a chur isteach ar Chlár na nUchtálacha Idir Tíortha (RICA). Is cion coiriúil gan fógra a thabhairt. Ní mór go mbeidh deimhniú Airteagal 23 in éineacht leis na hiarratais atá le taifead i RICA, a bheidh eisithe ag an Údarás Lárnach Náisiúnta nó ag Comhlacht Creidiúnaithe atá údaraithe go cuí ag an Údarás Lárnach Náisiúnta lena dhéanamh.

    Ní thabharfaidh an AAI aitheantas d’aon uchtú a dhéantar lasmuigh de na paraiméadair seo.

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."