Déan Iarratas Ar Sheirbhís Rianaithe Baile
Má tá tú ag iarraidh gaol breithe a aimsiú agus teagmháil a dhéanamh leis nó léi, tá seirbhís rianaithe ar fáil duit.
Is féidir leis an tseirbhís rianaithe cabhrú le faisnéis a chomhroinnt agus tacú leis an leibhéal teagmhála (más ann dó) a mbeidh tú féin agus an duine atá á lorg agat compordach leis.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís rianaithe más duine tú atá i gceann de na trí chatagóir seo a leanas:
1. Duine iomchuí*
- Má uchtaíodh in Éirinn tú agus má tá tú os cionn 18 mbliana d’aois
- Má rugadh in Éirinn tú ach uchtaíodh tú taobh amuigh den stát
- Má bhí tú in Áras Máithreacha is Leanaí, Teaghlach Contae nó institiúid eile
- Má cláraíodh tú go mídhleathach
- Má tá amhras ort gur cláraíodh tú go mídhleathach
- Má cuireadh amach ar lóistín nó ar altranas tú.
2. Gaol breithe le duine iomchuí*
3. Gaol
*Is é duine iomchuí an téarma a úsáidtear sa reachtaíocht chun cur síos a dhéanamh ar na daoine is féidir iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis.
Déan iarratas ar líne ar sheirbhís rianaithe
- Déan iarratas ar sheirbhís rianaithe ar thairseach Tusla.
- Déanfaidh Tusla measúnú tosaigh ar d’iarratas ar rianú.
- Is é Tusla nó Údarás Uchtála na hÉireann a dhéanfaidh an rianú, ag brath ar an áit a bhfuil do thaifid á gcoinneáil.
Déan iarratas ar thairseach Tusla
Iarratais tríd an bpost
Is é an t-iarratas ar líne an bealach is tapúla agus is sábháilte le hiarratas a dhéanamh.
Mar mhalairt rogha, is féidir leat iarratas a sheoladh tríd an bpost chuig:
Lárionad Tacaíochta Teagmhála Tusla um Fhaisnéis agus Rianú Breithe
Bosca PO 13018
Baile Átha Cliath 15
Éire
Má theastaíonn cúnamh uait chun d’fhoirm iarratais a chomhlánú, déan teagmháil le Tusla ar 0818 44 55 00