Views: 13
Comhairleoir Leighis AAI
Tá Údarás Uchtála na hÉireann (AAI) ag earcú le haghaidh ról an Chomhairleora Leighis.
Tá Dochtúir Leighis á lorg ag AAI, agus b’fhearr go mbeadh taithí aige ar phéidiatraic, chun comhairle a chur ar Bhord Údarás Uchtála na hÉireann maidir le cúrsaí leighis a thagann chun cinn agus iarratais uchtála á bpróiseáil. Táthar ag súil go dtabharfaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis comhairle maidir le faisnéis leighis faoi thuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha agus faoi leanaí a dtugtar suas lena n-uchtú.
Dáta Deiridh: 12:00 meán lae Dé hAoine, an 10 Iúil 2026
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach leabhrán an róil