A+ A A-

Select your language

    Ráiteas Príobháideachta

    An ceart atá agat maidir le príobháideachas
    Go raibh maith agat faoi chuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin Údarás Uchtála na hÉireann.  Tá meas iomlán againn ar do phríobháideachas nuair a bhíonn tú ag úsáid ár láithreáin gréasáin.

    Faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid
    Ní bhailímid aon sonraí pearsanta fút ar ár láithreán gréasáin, seachas an fhaisnéis a chuireann tú féin ar fáil (mar shampla nuair a sheolann tú ríomhphost chugainn nó nuair a bhaineann tú úsáid as an áis aiseolais atá againn).  Ní chuirtear aon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil ar an mbealach sin ar fáil d'aon tríú páirtí. Caitear léi leis an gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, atá i gcomhréir go docht leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus bainimid úsáid aisti chun críocha an údair a chuir tú ar fáil í.

    Naisc chuig tríú páirtithe 
    Sa chás go bhfuil naisc ar ár láithreán chuig láithreáin ghréasáin tríú páirtithe, ní bheidh Údarás Uchtála na hÉireann freagrach as an ábhar, cóipcheart ná polasaithe príobháideachais na láithreán sin.

    Fianáin
    Píosaí beaga eolais iad ‘Fianáin’ a chuireann láithreán gréasáin ar do ríomhaire a bheidh an láithreán gréasáin ábalta a léamh, go hiondúil, nuair a bheidh tú ag breathnú ar an láithreán gréasáin arís ina dhiaidh sin.  D'fhéadfadh baint a bheith ag an bhfaisnéis atá stóráilte i bhfianán le do nósanna brabhsála ar an láithreán gréasáin, nó go mbeadh uimhir aitheantais uathúil ann ionas go mbeidh an láithreán gréasáin in ann 'cuimhneamh' ort ar do chéad chuairt eile.  Níl aon fhianáin in úsáid ar ár láithreán gréasáin.  Féadfaidh cuairteoirí úsáid a bhaint as ár láithreán gan aon chuid den fheidhmiúlacht a bhaineann leis an mbrabhsálaí a chailleadh dá mba rud é go mbeadh na fianáin casta de.

    Ráiteas Misin

    "Chun soláthar seirbhísí bainteacha le h-uchtú den chaighdeán is airde is féidir a chinntiú, ar feadh phróiseas shaol an uchtaithe, le leas is fearr an pháiste mar chéad chuspóir agus mar chuspóir sáraitheach."

    Please publish modules in offcanvas position.